Slí bheatha á baint ag Pippa O’Connor as caitheamh aimsire a thosaigh mar ‘phíosa craic’

Tá leabhair nua ar fáil anois ón an iar-mhainicín a bhfuil na mílte duine á leanúint ar na meáin shóisialta

Slí bheatha á baint ag Pippa O’Connor as caitheamh aimsire a thosaigh mar ‘phíosa craic’

Pippa O Connor. Pictiúr: Leon Farrell/Photocall Ireland.

Tá cúpla cúis go bhfuil Pippa O’Connor go mór i mbéal an phobail le tamall – tá leabhar nua stíl bheatha seolta aici agus tá sí ar camchuairt ar fud na tíre i mbun poiblíochta don saothar sin. Sa bhreis air sin, tá aip seolta aici dá suíomh gréasáin a bhí ar an aip is mó a íoslódáladh seachtain a seolta.

Saineolaí áilleachta agus stíl mhaireachtála í Pippa O’Connor a bhfuil na mílte lucht leanúna aici ar na meáin shóisialta. Go deimhin, tá os cionn 183,000 duine á leanúint anois ar Instagram agus 62,000 duine ag déanamh amhlaidh ar Twitter (@pipsy_pie). Chuir nuachtán náisiúnta amháin í ard go maith ar an liosta de dhaoine gur ‘gá a leanúint’ ar Snapchat sa tír seo.

Mar mhainicín a chuir pobal na tíre seo aithne ar dtús ar Pippa O’Connor ach bhí fonn uirthi riamh ról a fhorbairt di féin mar eiseamláir do mhná eile agus mar cheannródaí i gcúrsaí faisin, áilleachta, taistil agus stíl bheatha.

Is deirfiúr í leis an marcach capall Cian O’Connor agus tá sí pósta leis an amhránaí agus láithreoir teilifíse Brian Ormond.  Tá oiread aithne agus spéis sa lánúin go raibh lá na bainise acu ina ábhar do chlár faisnéise teilifíse ‘Brian and Pippa get Married’ sa bhliain 2011.

Pictiúr: Leon Farrell/Photocall Ireland.
Pictiúr: Leon Farrell/Photocall Ireland.

Thosaigh sí i mbun na cumarsáide ar líne ‘mar chaitheamh aimsire’ sa bhliain 2013 nuair a bhí sí ag súil lena céad mhac Ollie, ach is gairm lánaimseartha anois aici é. Dúirt sí gur ‘ar mhaithe leis an gcraic’ a thosaigh sí ar an obair seo ach d’éirigh sí dáiríre faoi nuair a chonaic sí go raibh an pobal dáiríre faoi.

Tugann sí noda dá lucht leanta faoi stíleanna faisin, cleasa smididh agus a saol ó lá go lá. Thug sí mionchuntas ar na tréimhsi a raibh sí ag iompar clainne, an cúram a rinne sí dá naíonán nuabheirthe agus faisnéis faoi gach gné de thógáil clainne – ó chliabháin go naíolanna. Beirt pháistí, Ollie agus Louis, atá aici féin agus a fear céile Brian.

Tugann sí cuntas rialta ar an éadach a chaitheann sí sa rannóg ‘What I Wore’ agus eolas faoina rogha smididh agus an bealach is fearr lena chaitheamh.

Le breis agus bliain anuas tá ócáidí á n-eagrú aici féin agus cairde léi faoin teideal ‘Fashion Factories’. Ealaíontóirí smididh agus lucht stíle a bhíonn i bpáirt léi sna himeachtaí seo agus bíonn oiread éilimh orthu gur deacair ticéid a fháil lena n-aghaidh. In óstáin dhifriúla ar fud na tíre a bhíonn na hócáidí ar siúl agus cuirtear ar fáil ‘afternoon tea’ agus comhairle faoi smideadh, gruaig, donnú bréige, agus cúrsaí faisin go ginearálta.

Tá tuilleadh oibre á dhéanamh aici i réimse na teilifíse le tamall anuas; chaith sí tamall ag láithriú Xposé agus bhí sí ina haoi-láithreoir ar The Seven O’Clock Show lena fear céile nuair a bhí Lucy Kennedy agus Martin King ar saoire.

‘Simple Tips to Live Beautifully’ an teideal atá ar a leabhar nuafhoilsithe agus más aon leide é líon na ndaoine a leanann í ar na meáin shóisialta, is cinnte go mbeidh sé ar bharr liosta na leabhair is mó díolachán gan mórán moille.

 

Fág freagra ar 'Slí bheatha á baint ag Pippa O’Connor as caitheamh aimsire a thosaigh mar ‘phíosa craic’'