Slán agus beannacht le muinín agus soláthar?

Tá ceithre fhothoghchán le reáchtáil amárach a athróidh comhdhéanamh na Dála

Slán agus beannacht le muinín agus soláthar?

Eoghan Murphy .Photo:Leah Farrell/RollingNews.ie

Cleas polaitiúil a thug an tAire Tithíochta Eoghan Murphy ar phlean na nDaonlathach Sóisialta rún mímhuiníne a chur ann an tseachtain seo chugainn.

Ní mba thúisce an rún molta ná deisigh an tAire Murphy sraith giolcacha ag cur síos ar an dul chun cinn atá déanta ag a Roinn ag tógáil tithe agus ag díriú ar an ngéarchéim tithíochta. Tógadh 50,000 teach le trí bliana anuas agus 10,000 teach sóisialta nua le bliain anuas, a dúirt Murphy.

Ní thógfar teach amháin sa mbreis de bharr an rúin mhímhuiníne, ar sé.

Léirigh an Taoiseach Leo Varadkar muinín iomlán san Aire Murphy.

Pé tionchar a bheidh ag an rún ar an ngéarchéim tithíochta nó ar luas obair na dtógálaithe ar fud na tíre, chuir sé leis an sioscadh i dTeach Laighean. 

Chuaigh na saineolaithe i mbun comhairimh. Tá ceithre fhothoghchán le reáchtáil amárach a athróidh comhdhéanamh na Dála. De réir tuairiscí tá Dara Murphy le héirí as i gCorcaigh Thuaidh-Lár go luath agus beidh suíochán eile caillte ag Fine Gael más fíor. Tá tromlach an rialtais seo leochaileach mar atá.

Dhiúltaigh Fianna Fáil láithreach tacú leis an rún mímhuiníne. Cleas a thug Darragh O’Brien air freisin.

Ní theastaíonn ó aon duine go mbeadh olltoghchán againn le linn na Nollag.

Slán an scéalaí.

Sea, ní theastaíonn olltoghchán ó éinne anois ach an bhfanfaidh daoine go Bealtaine?

Braithfidh go leor ar thoradh na bhfothoghchán seo amárach. Murab ionann agus na pobalbhreitheanna a fhoilsítear go rialta sna nuachtáin léargas dáiríre a bheidh iontu ar mheon an phobail, más go logánta féin é.

Is annamh dea-scéala ag rialtas ar bith i bhfothoghcháin. Meastar gur amhlaidh a bheidh amárach agus gan seans rómhór ag Fine Gael ar shuíochán i dtrí cinn de na dáilcheantair. Tá ábhar dóchais níos mó ag Fianna Fáil. Má éiríonn leo na suíocháin i Loch Garman agus i gCorcaigh Thuaidh-Lár a thabhairt leo, faoi mar atá dá thuar, an mbeidh athrú intinne ar an bpáirtí faoi dháta an olltoghcháin?

Tá Mícheál Martin ag iarraidh toghcháin faoi Cháisc, ach tá go leor ina pháirtí á iarraidh roimhe sin. Ba cheart go mbeadh constaic an Bhreatimeachta imithe ag tús na bliana má éiríonn leis na Tóraithe sa mBreatain. Níl ann ansin ach ceist ama agus go deimhin tá an-chaint i dTeach Laighean le tamall anois go mb’fhéidir go mbeidh vóta mímhuiníne ann tar éis na Nollag.

Ach má bhíonn rath ar Fhianna Fáil i measc an phobail an uair sin ní bheidh aon rún ag teastáil. Ní bheidh ann ach slán agus beannacht le muinín agus soláthar.

Fág freagra ar 'Slán agus beannacht le muinín agus soláthar?'