Murar leor an slad ar na stocmhargaí agus ar an ngeilleagar idirnáisiúnta, tá slad á dhéanamh ag an Trumpach agus ag a pheata, an Muskach, ar chóras an rialtais fheidearálaigh sna Stáit Aontaithe – agus dá bharr sin, ar ár gcumas súil a choinneáil ar athrú na haeráide.
De réir mar a thuairiscítear sna meáin, ó tháinig Donald Trump i gcumhacht i ndeireadh mhí Eanáir, tá bata agus bóthar tugtha ag DOGE, an Roinn Éifeachtúlachta Rialtais a bhfuil Elon Musk ina bun, do os cionn míle duine a bhí fostaithe in NOAA, an tÚdarás Náisiúnta Aigéan agus Atmaisféir.
Dála Met Éireann tá NOAA freagrach as tuar na haimsire, ach tá an áisíneacht freagrach as iliomad cúram eile lena chois, ó thaiscéaladh ghrinneall na mara go cothabháil satailítí.
Is é an sprioc atá ag Trump agus Musk, de réir mar a thuairiscítear, ná fáil réidh le duine as gach cúigear fostaithe in NOAA.
Tá an tionchar le brath cheana féin. Ceal foirne, tá cruinnithe preasa agus coinní idirnáisiúnta á gcur ar ceal agus táthar in amhras an mbeidh ar chumas na meitéareolaithe Meiriceánacha páirt a ghlacadh feasta, mar shampla, in obair phainéal aeráide na Náisiún Aontaithe, an IPCC.
Gan dabht, is sna Stáit féin is mó a bheidh tionchar na gciorruithe le brath. Mar shampla, tá an Lárionad um Thuar Stoirmeacha in Norman, Oklahoma, ar cheann de na fo-ionaid ag NOAA a dteastaíonn ó DOGE a dhúnadh. D’fhágfadh sé sin go laghdófaí go mór cumas na n-údarás slándála, sláinte agus eile sna Stáit dul i ngleic le spéirlingí, tornádónna agus go deimhin falscaithe, toisc go mbíonn na húdaráis sin ag brath ar eolas ó NOAA nach mbeidh ar fáil, nó ar fáil in am, ceal foirne.
Ach beidh tionchar na gciorruithe in NOAA le brath ar fud an domhain. Ceal foirne, cén chaoi a mbeidh an áisíneacht in ann cothabháil a dhéanamh ar an trealamh ar fad atá faoina cúram? Tá go leor satailítí i measc an trealaimh sin, uirlisí a mbíonn meitéareolaithe ar fud na cruinne ag brath ar an eolas a chuireann siad ar fáil.
$9.8 billiún dollar sa bhliain a chosnaíonn NOAA faoi láthair ach níl sa mhéad sin ach 0.097% de chaiteachas feidearálach iomlán na Stát Aontaithe; is lú ná 0.5% den lucht saothair feidearálach iomlán an líon státseirbhíseach atá fostaithe ag NOAA.
Léamh amháin ar an scéal ná nach dtuigeann an Trumpach agus an Muskach an tábhacht ollmhór a bhaineann le NOAA, agus gurb é an t-aineolas céanna is cúis leis an slad ar an ngeilleagar idirnáisiúnta faoi láthair atá taobh thiar den slad atá á dhéanamh acu ar an áisíneacht aigéan agus atmaisféir.
Léamh eile ná go dtuigeann siad go díreach céard atá ar siúl acu. Déanfaidh na ciorruithe foirne in NOAA, atá ar cheann de na háisíneachtaí meitéareolaíochta is mó agus is tábhachtaí ar domhan, dochar as cuimse dár gcumas súil a choinneáil ar athrú na haeráide.
Cibé ar bith, á gcaitheamh féin sa chos atá Trump agus Musk. Is cuma an gcreideann siad san athrú aeráide nó nach gcreideann mar gan eolas cruinn faoin aimsir agus faoin aeráid, beidh slándáil náisiúnta na Stát Aontaithe i mbaol amach anseo.
Marcas
Fan go dtitfidh an tóin uilig as a gcuid pleananna iontacha – fágfaidh siad Liz Truss agus Kwasi Kwarteng in áit na leathphingine.