Tá os cionn 30 acra de choillearnach dhúchasach i nGaeltacht Chonamara ceannaithe ag grúpa caomhnaithe agus é i gceist í a chur chun cinn mar láthair oidhreachta nádúrtha agus chultúrtha do phobal an cheantair.
Tá sé fógartha ag Iontaobhas na gCoillte Dúchasacha go bhfuiltear tar éis seilbh a ghlacadh ar anaclann dúlra 80 acra i Seanadh Gharráin, ó thuaidh den Spidéal.
Tá meascán de mhóinteach, coillearnach agus criathrach i gceist san anaclann ach tá spéis ar leith i gCoill Sheanadh Gharráin, coillearnach dhúchasach atá mar chuid de choillearnach mheasartha Atlantach na hÉireann.
Tá coillearnach den chineál seo ag dul i ndísc agus is gnáthóg í atá saibhir ó thaobh na héiceolaíochta ach gann ar fud an domhain. Deir Iontaobhas na gCoillte Dúchasacha go bhfuil sé ríthábhachtach éiceachórais mar seo a chosaint i bhfianaise ghéarchéimeanna leanúnacha na bithéagsúlachta agus na haeráide. Baineann tábhacht ar leith le Seanadh Gharráin de bharr cineál na speiceas seanchoillearnaí a fhaightear ann, amhail an nead choille agus an muiléad coille.
I measc na bpleananna do Sheanadh Gharráin, tá obair áirithe athchóirithe, plean a dhíreoidh ar phróisis nádúrtha agus athdhúlraithe, bunú crannlann de chrainnte dúchasacha de bhunadh na háite, agus an choillearnach a chur chun cinn mar láthair oidhreachta nádúrtha agus chultúrtha do phobal an cheantair Ghaeltachta seo.
Déanfaidh craobh nua áitiúil d’Iontaobhas na gCoillte Dúchasacha bainistiú ar an gcoillearnach i Seanadh Gharráin. Bunófar Craobh Chonamara i gcomhar le baill de Ghrúpa Oibre na Coille, fochoiste de Chumann Forbartha Chois Fharraige.
“Tá ríméad orainn go bhfuil suíomh uathúil Sheanadh Gharráin faoi choimirce Iontaobhas na gCoillte Dúchasacha, dream a bhfuil saineolas domhain agus taithí leathan acu ag caomhnú coillte dúchasacha na tíre,” a dúirt Seathrún Ó Tuairisg, Cathaoirleach Chumann Forbartha Chois Fharraige.
“Tá áthas orainn freisin go bhfuil Craobh Chonamara á bunú ag an Iontaobhas le gur féidir coill álainn Sheanadh Gharráin a bhainistiú mar is ceart. Beidh Cumann Forbartha Chois Fharraige ag tacú leis an Iontaobhas agus leis an gcraobh nua, agus le heagraíochtaí áitiúla eile sa gceantar, le gur féidir áilleacht, éagsúlacht, agus tábhacht dhúlra agus fhiadhúlra an tsuímh a roinnt leis an pobal.”
Stórálann an choillearnach dhúchasach carbóin os cionn talún thíos faoin talamh agus cosnaítear speicis atá faoi bhagairt iontu. Tá teacht aniar nádúrtha iontu in éadan stoirmeacha agus athruithe timpeallachta.
Mar sin féin, níl i gceist le limistéar iomlán foraoise na hÉireann ach 11.6% den talamh uilig agus is lú ná 2% an choillearnach dhúchasach sa limistéar iomlán sin. Deir Iontaobhas na gCoillte Dúchasacha nach bhfuil sa tseanchoillearnach ach codán beag bídeach den iomlán agus nach bhfuil cosaint ná bainistiú caomhnaithe cuí á dhéanamh ar an gcuid is mó de.
Fág freagra ar 'Foraois Bháistí Atlantach ceannaithe ag grúpa caomhnaithe i nGaeltacht na Gaillimhe'