Ciarraíoch tofa ina Thánaiste ar Chonradh na Gaeilge

Deir John Prendergast go mbeidh an Ghaeltacht go mór sa treis ar a chlár oibre agus é ina thánaiste

Ciarraíoch tofa ina Thánaiste ar Chonradh na Gaeilge

Tá an Ciarraíoch John Prendergast “an-sásta” a bheith tofa ina thánaiste ar Chonradh na Gaeilge agus go mbeidh an Ghaeltacht go mór sa treis ar a chlár oibre. Ba é uachtarán Chonradh na Gaeilge, Ciarán Mac Giolla Bhéin, a mhol fear Thrá Lí don ról agus vótáil baill eile an Choiste Gnó ar a shon ag cruinniú le déanaí.

Dúirt Prendergast le Tuairisc go raibh sé “an-sásta” gur toghadh ina thánaiste é agus go bhfuil sé ag súil le “ré nua” i gConradh na Gaeilge agus é ag obair go dlúth le Mac Giolla Bhéin a tháinig i gcomharbacht ar Paula Melvin ag Ard-Fheis an Chonartha i mí Feabhra na bliana seo.

“Tá mé an-sásta, agus ag súil leis an ré nua seo le huachtarán nua Ciarán Mac Giolla Bhéin, beidh deis iontach againn a bheith ag cíoradh na gceisteanna móra atá ag teacht chun cinn le blianta beaga anuas.

“Beidh mé ag tacú leis an uachtarán ina chuid oibre agus ag tógáil ar an obair atá déanta ag an gConradh go dtí seo. Tá an-chuid tógála le déanamh, ba mhaith liom borradh a chur faoin mballraíocht agus tacú leis na craobhacha,” a dúirt sé.

Chaith Prendergast tamall ina oifigeach pleanála teanga i gCorca Dhuibhne leis an eagraíocht Tobar Dhuibhne. Dúirt sé le Tuairisc go bhfuil sé i gceist aige “cur leis an obair mhaith” atá déanta ag an gConradh ar son na Gaeltachta le tamall de bhlianta anuas.

“Is cinnte go mbeidh an Ghaeltacht ar an gclár oibre agam. Sin an rud is deise faoin mbeirt againn a bheith sna róil seo – is Feirsteach é Ciarán agus an-chuid taithí aige le gluaiseacht na teanga ó thuaidh, agus is as Ciarraí mé féin agus an-chuid taithí agam ar an nGaeltacht. Beidh ceisteanna agus ábhar Gaeltachta ar bharr an leathanaigh agam.

“Tá sé ag teacht ag am atá tráthúil go maith, tá borradh tagtha faoi chúrsaí Gaeltachta sa Chonradh. Foilsíodh an polasaí tithíochta Gaeltachta, bunaíodh an Mheitheal Ghaeltachta, agus osclaíodh an oifig Ghaeltachta i nGaillimh. Tá mé ag súil go mór le cur leis sin,” a dúirt sé.

D’fhág Prendergast Corca Dhuibhne anuraidh agus tá sé ina Oifigeach Pleanála Teanga i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath anois. Bhain sé a chéim amach sa Ghaeilge agus sa Dlí i gColáiste na hOllscoile i gCorcaigh, agus ghnóthaigh sé Céim an Mháistir sa Léann Ceilteach agus Breatnais in Ollscoil Caerdyyd sa Bhreatain Bheag in 2016. Tá sé ag tabhairt faoi PhD i bhFeidhmiú na Pleanála Teanga in Éirinn san ollscoil chéanna faoi láthair.

Tá tréimhsí caite aige ina theagascóir Gaeilge in Albain Nua i gCeanada ar an scéim ICUF agus in Ollscoil Notre Dame sna Stáit Aontaithe ar an scéim Fulbright.

Fág freagra ar 'Ciarraíoch tofa ina Thánaiste ar Chonradh na Gaeilge'

  • Mary Cronin

    Comhghairdeas leat a John.Is Ciarraíoch mé freisin go bhuil fonn orm rud a dheanamh ar son na Ghaeilge. Bfheidir go rachainn i dteagmháil leis an gconradh agus oairt a ghlacadh san ré nua seo.

  • John Prendergast

    Go raibh míle maith agat a Mary! Is breá san a chlos. Tá Craobhacha áitiúla ar fuaid an Chontae agis go deimhin ar fuaid an domhain, mar sin féadfaidh tú craobh áitiúil a aimsiú agus páirt a ghlacadh leo nó ballraíocht aonair a ghlacadh; tá tuilleadh eolais ar fáil ar shíomh an Chonartha: https://cnag.ie/ga/ballraiocht/craobhacha/aimsitheoir-craobhacha.html#Ciarra%C3%AD
    Gach rath ort agus míle buíochas aríst!