Bhí mé ag smaoineamh go minic le gairid ar thíortha a bhfuil teorainneacha acu le tíortha eile, agus an tionchar a bhíonn aige sin ar an saol laethúil ann. Déanaimid dearmad sa tír seo go minic gur oileánaigh muid, feictear dom féin. Tá buntáiste mór amháin a bhaineann leis sin, measaim. Den chuid is mó ní bhíonn muid ag brath ar chomharsana- nó ní bhíonn muid faoi chuing acu, ba cheart dom a rá.
Chonaic muid cé chomh leochaileach is atá an ceangal gáis idir an tír seo agus an Bhreatain le gairid. Ach níorbh iad ár gcomharsana, muintir na Breataine a bhí á chur i gcontúirt ach an long eachtrannach a bhí ag póirseáil thart os cionn na píblíne atá thíos ar ghrinneall na farraige.
Nach mbeadh muid i bponc ceart dá mbeimis ag brath ar thír eile le haghaidh soláthar gáis agus go mb’fhéidir nach raibh cúrsaí rómhaith eadrainn? Ní bheimis róshásta dá ndúiseodh muid maidin éicint agus an nasc briste, nó an soláthar casta as.
Sin an cineál bagairt laethúil faoina maireann cuid mhaith tíortha, áfach.
Ach go dtí gur casadh Kashbat orm, agus mé ag rothaíocht lá, níor thuig mé cé chomh mór is a bhíonn tíortha, nach oileáin iad, ag brath ar chaidreamh maith le tíortha atá gar dóibh.
Is beag cur amach a bhí agamsa ar a thír dhúchais, an Mhongóil, gur labhair muid lena chéile an tseachtain seo caite. D’inis sé dom go bhfuil thart ar 2,000 acu ag cur fúthu in Éirinn anois, Búdaigh a bhformhór.
Tá Khashbat ina chónaí anseo le fiche bliain. Tá sé pósta agus triúr clainne air. Cé go bhfuil sé breá sásta sa tír seo, tá an bheirt pháistí is sine ag fanacht sa mbaile sa Mhongóil, áit a bhfuil fostaíocht acu. Tá an páiste is óige ag freastal ar scoil dara leibhéal in Éirinn.
‘Agus an dtéann tú abhaile an-mhinic?’ a d’fhiafraigh mé féin de. Ní théann – tá sé i bhfad róchostasach. Gach trí bliana nó mar sin, tugann sé an turas fada abhaile air féin. B’fhéidir trí Istanbul, nó b’fhéidir trí cheann de na tíortha Arabacha.
D’inis sé dom go raibh an Mhongóil faoi thionchar na Rúise – nó an tAontas Sóivéadach ar feadh seachtó bliain. Ach fuair sí neamhspleáchas agus dar leis, tá cúrsaí daonlathais agus cearta daonna i bhfad níos fearr ansin anois ná mar a bhíodh.
Ach ina dhiaidh sin is uile, tá an Mhongóil sáinnithe idir an dá chumhacht is mó sa réigiún – an Rúis agus an tSín. Níl teorainn acu le haon tír eile seachas an dá thír sin. Fágann sé sin iad ag brath orthu ar go leor bealaí.
Tír mhór guail í an Mhongóil. Cé go bhfuil mianraí eile ann, agus forbairt tosaithe ar mhianadóireacht de chineálacha eile, is ar an ngual a bhíonn siad ag brath cuid mhaith. Chuig an tSín a chuireann siad formhór a gcuid guail.
Má chuireann siad olc ar an tSín, nó má tharlaíonn titim amach eatarthu, d’fhéadfaí an easpórtáil sin a stopadh ar an bpointe. Ar ndóigh, caillteanas ollmhór é sin do thír nach dtáirgeann mórán eile seachas an gual. Tá feirmeoireacht ann agus tógtar roinnt mhaith eallach ar an bhféarach forleathan ansin, ach is feirmeoireacht thréadach a bhíonn ar siúl ann agus ní raibh mórán le rá ag Khasbat faoi.
Ach d’aontaigh sé go raibh na radharcanna a fheiceann muid sna scannáin go minic fírinneach go maith – daoine ag síorthaisteal agus ag cur fúthu sna campaí ‘yurt’. Nuair nach mbíonn siad ag taisteal leis na tréada móra eallach, caitheann siad an geimhreadh socair go maith sa bhfuacht agus sa sneachta agus itheann siad an t-uafás feola – go háirithe feoil chapaill, a bhfuil cothú an-saibhir ann.
Tá sé sách dona go mbíonn siad ag coinneáil súil ar an tSín ar thaobh amháin, leis an sruth guail a choinneáil ag imeacht, ach caithfidh siad súil ghéar a choinneáil freisin ar an Rúis, toisc gur ón tír sin a thagann a soláthar gáis.
Tharla sé san am a caitheadh, thuig mé uaidh, gur tharla fadhbanna leis an sruth gáis agus dá gcasfaí as é bheadh muintir na Mongóile gan córas cumhachta dá gcuid monarchan agus tithe.
Ní bheadh tú ag iarraidh olc a chur ar chomharsa mar sin, an mbeadh?
Is mar sin a mhaireann siad agus thuig mé uaidh go bhfuil cúrsaí ag feabhsú sa tír. Tá súil aige go dtiocfaidh feabhas ar an gcóras oideachais. Dar leis, tá sé fós rómhór faoi thionchar na Rúise, cé gur inis sé dhom go bhfoghlaimíonn na páistí faoi réimeas Ghenghis Khan agus a riail. Bhí tráth ann agus ba ríocht nó impireacht an-mhór a bhí sa tír, más tír a bhí ann. Nó ar a laghad, bhí ceantar ollmhór san Áise faoi chumhacht na Mongól – an impireacht talún ba mhó riamh ar domhan.
Tá daonra an-bheag anois ann do thír atá chomh mór. Ní mhaireann ann sa lá inniu ach thart ar cheithre mhilliún duine – leath acu sin sa phríomhchathair, Ulaanbaatar. Fágann sin go bhfuil an leath eile díobh ag fánaíocht leis na tréada eallach agus ag campáil amuigh ar an bhféarach.
Ach bheadh amhras orm faoin méid mianraí atá le tógáil fós aníos as an talamh. Nach gceapfá go mbeadh go leor eile seachas gual ann ach nár forbraíodh an tionscal fós? Bheadh súil agat nach dtiocfaidís faoin mbrú céanna a cuireadh le gairid ar an Uachtarán Zelensky, chun scaradh le mianraí luachmhara na hÚcráine.
Beidh le feiceáil. Ar aon nós, taitníonn an saol anseo le fear amháin as an Mongóil. Agus is cinnte go n-éireoidh go maith leis – go háirithe nuair a éireoidh sé as a bheith ag déanamh comhghairdis le mná as a bheith ‘fós ag rothaíocht agus iad amach sna blianta’.
Fág freagra ar 'Go dtí gur casadh Kashbat orm níor thuig mé chomh mór is a bhíonn tíortha áirithe ag brath ar na comharsana'