Tá an t-iriseoir Donncha Ó Murchú ceaptha ina Chomhfhreagraí Polaitíochta le Nuacht RTÉ/TG4. Beidh Ó Murchú, a bhí lonnaithe i gceannáras Nuacht RTÉ/TG4 i nGaeltacht na Gaillimhe le trí bliana anuas, ag aistriú go Baile Átha Cliath mara a mbeidh sé ag obair i dTeach Laighean.
Is as Cill Mochuda i mBaile Átha Cliath é Ó Murchú agus sula raibh sé ina iriseoir le Nuacht RTÉ/TG4 bhí sé ina láithreoir aimsire ar TG4 agus roimhe sin arís mar Chomhordaitheoir Meán Sóisialta le Molscéal. Chaith sé seal ina theagascóir Gaeilge in Ollscoil Montana.
D’fhreastail sé ar an meánscoil aitheanta lán-Ghaeilge Coláiste Eoin i Stigh Lorgan agus bhain sé céim amach sa Ghaeilge agus sa Stair ó Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath. Bhuaigh sé an gradam ‘Réalta Óg na Bliana’ ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais 2021 agus ainmníodh don ghradam Craoltóir Solabhartha na Bliana é ag gradaim na bliana seo caite.
Ag labhairt dó le Tuairisc, dúirt Donncha Ó Murchú gur am “thar a bheith oiriúnach” é le tosú sa ról.
Tá rialtas nach bhfuil i bhfad againn sa tír seo, toghadh rialtais nua le bliain anuas i dtíortha eile, agus ar ndóigh tá Trump sa Teach Bán arís. Is uair chinniúnach é ó thaobh cúrsaí trádála de, tá aighneas ar fud an domhain, agus tá ceisteanna spéisiúla ann faoin ról atá ag Éirinn ó thaobh na taidhleoireachta de. Tá mé ag súil le blaiseadh a fháil den mhéid sin agus le bheith ag labhairt le polaiteoirí faoi na ceisteanna móra seo.
“Tá spéis ar leith agam sna gnóthaí eachtrannacha agus sna caidrimh atá ag Éirinn le tíortha eile – an tAontas Eorpach, an Bhreatain, Meiriceá agus cumhachtaí móra an domhain. Tá cúrsaí neodrachta agus an Glas Triarach i mbéal an phobail le tamall anuas, tá brú á leagan ar Éirinn ón taobh amuigh agus ón taobh istigh agus beidh sé sin le fiosrú agus le cíoradh.”
Ó thaobh na Gaeltachta de, tá “dúshláin mhóra pholaitíochta roimpi”, a deir sé.
“Luadh ceist na tithíochta sa Ghaeltacht go sonrach i gclár an rialtais agus tá an feachtas pobail sin ag bailiú nirt. Bunaíodh na feachtais Bánú agus Tinteán le bliain go leith anuas – an bhfuil na feachtais sin tar éis dul i bhfeidhm ar an rialtas? Conas mar a raghfar i ngleic leis an dúshlán sin?
“Ar ndóigh tá ceist na teanga agus ceist an mhaoinithe trasteorann ann chomh maith. Tá Coimisinéir Gaeilge le ceapadh ó thuaidh agus beidh deis ansin ar chlúdach níos mó a dhéanamh ar pholaitíocht na Sé Chontae. Tá spéis agam i gceist Athaontú na Tíre agus beidh súil á coimeád agam ar thuairimí an phobail ina leith agus an dearcadh atá ag páirtithe ó thuaidh agus ó dheas.”
Tá sé ag súil chomh maith leis an “buzz ar leith” a bhaineann le toghcháin.
“Is breá le gach aon iriseoir toghchán. Toghchán an-éagsúil a bheidh i dtoghchán na huachtaránachta a bheidh ar siúl i dtreo dheireadh na bliana, agus beidh sé suimiúil féachaint cén leas a bhainfidh na páirtithe móra as. Cé a chuirfear chun cinn?
“Tá súil gach aoinne ar Fhianna Fáil, agus ar ndóigh cuirfear suim sna daoine a dtacóidh Fine Gael agus Sinn Féin leo chomh maith. Bíonn achrann agus aighneas ann i gcónaí sna díospóireachtaí don uachtaránacht, agus tá stair na huachtaránachta an-suimiúil chomh maith – beidh go leor le cíoradh.”
Braithfidh sé uaidh an t-iarthar agus an bóthar, ach is deis iontach atá ann, a deir sé.
“Tá níos mó saoirse ag an gcomhfhreagraí a chuid scéalta féin a roghnú agus smacht a bheith aige ar an ábhar a roghnóidh sé. Tá deis níos mó ann tuairisc agus scéal a fhorbairt thar thréimhse níos faide, agus leanúint leis ar feadh tamaillín – bíonn tochailt agus cíoradh i gceist, bíonn an obair beagán níos doimhne, agus deis ann aithne i bhfad níos fearr a chur ar an réimse.
“Tagann na haon ní ar ais chuig an bpolaitíocht – an Stoirm Éowyn mar shampla, múnlaíonn eachtraí agus scéalta mar sin an pholaitíocht.”
An scéal is mó a chuaigh i bhfeidhm air go dtí seo ná an tragóid a tharla ar an gCraoslach i nDún na nGall.
“Ní rabhas i bhfad sa phost nuair a tharla sé agus scéal mór náisiúnta a bhí ann, scéal a bhí thar a bheith trom. D’fhoghlaim mé níos mó le linn na heachtra uafásaí sin ná aon eachtra eile a chlúdaigh mé. B’éigean dom an cheird a fhoghlaim go han-tapa, agus bhí an scéal thar a bheith brónach agus thar a bheith tragóideach. Ní dhéanfad dearmad go deo air.”
Pádraig Ó Flannabhra
Cómhghairdeas do Dhonnchadh mar Comhghreagraí Polaitíochta Nua Ceaptha ag Nuacht TG4 .Is craoltóir den scoth é agus tá mé cinnte go mbeidh sé ar fheabhais san ról nua.
Tá mé ag súil lena thuairiscí cheana féin!