Dúirt an Taoiseach Micheál Martin gur údar díomá dó an scéala nach bhfuil sé i gceist an fheilm ghaoithe a bhí i gceist a fhorbairt ar Charraigeacha Sceirde amach ón gcósta i nGaeltacht Chonamara.
Dúirt an Taoiseach go raibh aiféala air go ndearna an comhlacht infheistíochta Corio an cinneadh sin ach go gcloífeadh an Rialtas lena bplean feilmeacha gaoithe a fhorbairt amach ón gcósta.
Ní raibh an plean sin ag brath ar thionscadal amháin, a dúirt an Taoiseach.
An tseachtain seo caite tuairiscíodh ar an suíomh nuachta ar líne The Currency nach rabhthas le dul ar aghaidh leis an fhorbairt €1.4 billiún ar charraigeacha Sceirde amach ó chósta Iorras Aithneach. Tuairiscíodh gur léirigh suirbhéanna a rinneadh le gairid nach bhféadfaí leanúint leis an togra.
Cuireadh cead pleanála don fhorbairt €1.4 billiún faoi bhráid An Bord Pleanála agus táthar ag súil le cinneadh i mí Iúil.
Léirigh daoine imní faoina ghaire don chósta a bhí an fheilm ghaoithe le bheith agus an 30 tuirbín a bheadh daingnithe sa bhfarraige i gCarna i gConamara, ceantar a bhfuil cáil na háilleachta air.
Bhí dreamanna eile a chuir fáilte roimh an bplean mar go dtabharfadh sé infheistíocht shuntasach eacnamaíochta sa gceantar.
Tá an fheirm ghaoithe seo ar cheann amháin de na sé cinn atá sa gcóras pleanála faoi láthair agus is orthu sin atá an Rialtas ag brath leis na spriocanna aeráide a socraíodh do 2030 a bhaint amach.
D’éirigh le ceithre cinn de na tionscadail sin conarthaí rialtais a fháil chun fuinneamh inathnuaite a chur ar fáil don ghréasán náisiúnta.
Dúirt an tAire Comhshaoil Darragh O’Brien gur údar “aiféala” nach mbeidh tionscnamh Sceirde ag dul ar aghaidh ach gur thuig an Rialtas go bhféadfadh nach ngabhfadh gach ceann acu ar aghaidh.
Fuinneamh Sceirde Teoranta a bhí chun an fheilm ghaoithe i gConamara a thógáil agus é i gceist 30 tuirbín a bheadh os cionn 300 méadar ar airde a thógáil idir 5 chiliméadar agus 11.5 ciliméadar amach ón gcósta i gCarna.
Bhí sé i gceist go mbeadh an fheilm in ann 450 meigeavata fuinnimh a ghiniúint, dóthain fuinnimh do 350,000 teach agus go laghdódh sin astaíochtaí CO2 550,000 tonna sa mbliain.
Bhí €70 milliún á ghealladh ag Corio Generation do chiste pobail sna 20 bliain ó thosódh an fheilm ag oibriú.
Ceaptar go raibh tionchar ag taighde a rinneadh ar an láthair i Sceirde le sé mhí anuas le cinneadh Corio éirí as an obair ar Charraigeacha Sceirde.
Níor chuidigh na stoirmeacha a bhí againn le tamall leis an imní a mhaolú faoin acmhainn a bheadh ag feilm ghaoithe na Sceirde ar an drochaimsir a bheas níos coitianta agus níos déine de bharr athrú na haeráide.
Sa mbliain 2030 a bhíothas ag súil le fuinneamh a ghiniúint ar an bhfeilm ar Charraigeacha Sceirde.
Fág freagra ar '‘Údar díomá’ don Taoiseach nach bhfuil sé i gceist feilm ghaoithe a a fhorbairt amach ó chósta Chonamara'