Leithscéal gafa ag TG4 le scannánóir as ábhar a bhí ‘clúmhillteach’ a fhoilsiú ar na meáin shóisialta

Athchraoladh ar mhír nuachta ó chartlann Nuacht TG4 ba chúis le leithscéal a gabhadh le Neasa Ní Chianáin agus David Rane, stiúrthóir agus léiritheoir an scannáin ‘Fairytale of Kathmandu’

Leithscéal gafa ag TG4 le scannánóir as ábhar a bhí ‘clúmhillteach’ a fhoilsiú ar na meáin shóisialta

Tá leithscéal gafa ag TG4 le scannánóir agus léiritheoir as ábhar a bhí “clúmhillteach” a fhoilsiú ar na meáin shóisialta.

Mír nuachta ó chartlann Nuacht TG4 faoin scannán Fairytale of Kathmandu,  ba chúis leis an leithscéal a gabhadh le Neasa Ní Chianáin agus David Rane inniu.

Scannán ó 2007 é Fairytale of Kathmandu faoin bhfile Cathal Ó Searcaigh.

Foilsíodh an mhír, a craoladh den chéad uair ar Nuacht TG4 in 2008, an athuair ar na meáin shóisialta ar an 26 Márta 2025 mar chuid den tsraith ‘#anláseo’ a bhíonn ag Molscéal, ardán de chuid TG4.

Craoltar míreanna nuachta ó chartlann Nuacht TG4 faoin haischlib go rialta ar leithéidí Instagram, Twitter, Facebook, Bluesky, agus TikTok.

Dúirt TG4 agus Molscéal i ráiteas a eisíodh inné go raibh an réamhrá a ghabh leis an mír nuachta “clúmhillteach” agus go raibh “maímh bhréagacha agus dhíobhálacha” ann faoi Fairytale of Kathmandu.

“D’fhoilsigh TG4/Molscéal mír nuachta ón gcartlann a craoladh ar Nuacht TG4 faoin scannán Fairytale of Kathmandu ar an 26 Márta 2025. Bhí réamhrá na míre clúmhillteach don scannánóir, Neasa Ní Chianáin, agus rinneadh maímh bhréagacha agus dhíobhálacha ann faoina scannán.

“Admhaíonn TG4 agus Molscéal nár chóir é seo a bheith foilsithe agus aithníonn siad gur ghníomhaigh an scannánóir, Neasa Ní Chianáin, agus an fhoireann léiriúcháin ar fad ar bhealach a bhí go hiomlán ionraic agus macánta i ndéanamh an scannáin, Fairytale of Kathmandu. Is oth le TG4 agus Molscéal go mór aon anacair a d’eascair as foilsiú na míre sin,” a dúradh sa ráiteas.

Bhain conspóid mhór leis an scannán Fairytale of Kathmandu nuair a craoladh ar RTÉ i dtosach é in 2008.

Léiríodh imní sa scannán faisnéise faoi ghnéithe de chaidreamh Chathail Uí Shearcaigh, duine d’fhilí móra na Gaeilge, le fir óga i Neipeal.

Fág freagra ar 'Leithscéal gafa ag TG4 le scannánóir as ábhar a bhí ‘clúmhillteach’ a fhoilsiú ar na meáin shóisialta'

  • David Rane

    Tá an scannán iomlán ar fáil saor in aisce le breathnú ar YouTube ionas gur féidir le do léitheoirí a n-intinn féin a dhéanamh cibé an raibh an scannán “conspóid mhór” nó nach raibh.