Sin é an saol a bhí ann; ní gá go raibh Siúracha na Trócaire séimh ná suáilceach, ar uairibh ar chuma ar bith. De réir mar a labhair an dornálaí, Seán Ó Mainnín faoin tSiúr Pius Nic Anna sa leabhar Rocky Ros Muc (scríofa ag Rónán Mac Con Iomaire), chuirfeadh sí fuadar focal i do threo scaití. I mbeagán focal, níorbh í ab fhearr leis agus é i meánscoil Charna tráth den saol. Más aoibhinn beatha an scoláire (scaití!) ní haoibhinn beatha an mhúinteora (go minic!).
Bíonn an saol mar sin scaití.
Ach go mbaine an bheirt acu suaimhneas agus suáilceas as an saol anois. Tá Seán i Meiriceá agus tá an tSiúr Pius i gcathair na Gaillimhe agus í caite 90 bliain, í ag ligean a scíthe tar éis go leor saothair. Chaith sí os cionn dhá scór bliain i gClochar na Trócaire i gCarna in iarthar Chonamara agus í ina múinteoir meánscoile ansin. Bhí a hainm i mbéal na ndaoine i bhfad agus i ngearr. Beidh trácht uirthi an deireadh seachtaine amach romhainn i gCarna; tá sí ar dhuine de thriúr scríbhneoirí a chuir ábhar ar fáil do leabhrán dar teideal Conamara – An saol a bhí ann.
Ní hé amháin gur cuntas neamhbhalbh ar fhás agus ar fhorbairt meánscoil Ghaeltachta atá san bpíosa ag an tSiúr Pius; stair shóisialta Ghaeltachta atá ann chomh maith. Ar bhealach eile, is cuntas é ar an gcaoi a ndeachaigh mná óga isteach sna mná rialta san aimsir a caitheadh agus ar na cuingeacha géara a bhí orthu.
Mar shampla de sin, scríobhann an tSiúr Pius – nó Sister Pius mar a bhí aithne uirthi ar fud iarthar Chonamara – faoin tréimhse a chaith sí féin agus grúpa mná rialta óga eile in Ollscoil na hÉireann i nGaillimh. Bhíodar i mbun cúrsa céime.
Théadh go leor dá gcomhscoláirí léinn ag spaisteoireacht ar an Prom i mBóthar na Trá tráthnóntaí samhraidh ach ní raibh cead ag na mná óga rialta é sin a dhéanamh. Treoir ón Eaglais!
As Béal Easa i gContae Mhaigh Eo í an tSiúr Pius Nic Anna. I 1934 a rugadh í. D’éirigh sí aníos ar fheilm a muintire. Bhí neart cleachtaidh aice ar obair chrua. Bhí sí leagtha ar a bheith ina bean rialta ó bhí sí ina girseach.
I 1958 a tháinig sí chuig Clochar na Trócaire i gCarna, i gConamara.
Trí bliana roimhe sin a thosaigh Ord na Trócaire meánscoil ar láthair an chlochair, i bhfad sular fhógair Donncha Ó Máille an saoroideachas. Níor thuig an tSiúr Pius go mbeadh cuimse dualgaisí eile uirthi chomh maith le bheith ina múinteoir ansin. Ó mhaidin go faoithin a bhí ann. Fiú is go raibh sí óg agus fuinniúil, d’airigh sí meáchan na hoibre scaití.
“Áit fhíor-álainn,” a deir sí “a bhí saibhir i seanchas agus seanchaithe. Bhí an Ghaeilge agus an cultúr beo, bríomhar ann, ach tá a fhios ag an saol nach gcuireann an cultúr arán ar an mbord. Bhí an bochtanas ann freisin.”
Bhí aimsir aici ag coinneáil aird na mbuachaillí – scoil mheasctha a bhí inti – ar a gcuid leabhra. “Bhíodar éirimiúil ach gan mórán muiníne acu astu féin,” a deir an tSiúr Pius faoi bhuachaillí tuaithe na Gaeltachta sna 1950idí agus ag teannadh isteach sna 1960idí. Bhí an leagan amach ar an saol acu go mba fearúla a bheith amuigh ag obair sna garrantaí, nó amuigh ar an bhfarraige, ná a bheith sáinnithe sa scoil. Ba mhinic le daltaí a bheith as láthair. Bhíodh leithscéal cineál soineanta acu ar uairibh. “Níor éirigh mé in am.” Ach thuig an tSiúr Pius nárbh é sin a bhí ann; bhíodh beithígh le bleán agus dualgaisí troma oibre ar dhéagóirí na linne sin; bhíodh an dualgas céanna orthu théis na scoile.
Cé go mba chailín tuaithe í an tSiúr Pius d’airigh sí scartha amach ón saol, a bheag nó a mhór, i nGaeltacht Chonamara Thiar. “Gné eile den saol a bhí deacair a shárú an saol i gcomhluadar beag in áit iargúlta. Bhí an saol taobh istigh de na ballaí cúng, an córas údarásach, tíoránach agus claonadh láidir ann an duine óg nua a choinneáil ina háit.” Ina dhiaidh sin scríobhann sí: “Mar gheall ar sin bhí tú faoi bhrú i gcónaí agus chothaigh sé éagóir agus imní.”
B’athrú mór é nuair a shocraigh údaráis an Chlochair i 1962 go mbeadh scoil chónaithe acu, cailíní uilig. Ba as áiteacha i bhfad ó bhaile cuid mhaith acu. Chuidigh an scoil chónaithe leis an gclochar ach ní raibh chuile dhuine ar aon fhocal faoi sin ach an oiread. Arsa an tSiúr Pius: “Ar ndóigh, bhíodh daoine ag gearán gur thug siad an Béarla leo (na cailíní as áiteacha eile). B’fhéidir gur thug, ach thar aon ní eile thug siad spiorad na dúthrachta agus an staidéir leo. Mheasc siad go maith leis na scoláirí áitiúla idir bhuachaillí agus chailíní agus bhí sé sin mar bhuntáiste do gach duine.”
Is iomaí sin cor agus goimh a bhain leis an saol i gClochar na Trócaire i gCarna. Rinneadh ceiliúradh i 1974 ar 100 bliain an oird i gCarna ach theagmhaigh imeachtaí Gaeltachta na linne sin leis an ócáid sin. “Bhí sé aoibhinn agus go leor dea-mhéine ann,” a deir an tSiúr Pius “ach bhí an chonspóid ann freisin. Mar gheall ar mhíthuiscint ba i mBéarla a tugadh óráid an Ard-Easpaig Seosamh Ó Cuinneáin (Ard-Easpag Thuama san am) agus, ar an bpointe, tharraing Cearta Sibhialta na Gaeltachta trioblóid faoi. Thóg sé píosa an tsíocháin agus an mhuinín a bhunú aríst.”
Nuair a d’imigh na mná rialta as Carna sa mbliain 2,000 bhí croí an tSiúir Pius briste. Cónaíonn sí i gcathair na Gaillimhe anois ach cuimhníonn sí go minic ar laethanta maithe, agus ar chuile chineál lá a tháinig, ar imeall thiar Ghaeltacht Chonamara.
Sin é an saol a bhí ann.
Sé Tomás Mac Con Iomaire, iarCheannaire ar Raidió na Gaeltachta a sheolfaidh an leabhrán Conamara – An saol a bhí ann in Ionad na nImirceach i gCarna Dé Sathairn, an 29 Márta ag seimineár a bhaineann leis an imirce as an nGaeltacht go Meiriceá.
Mícheál Ó Flaithearta
Ní bheathaíonn na briathra na bráithre, ná na siúracha!