Siorc beagnach 3m ar fad faighte amach ó chósta Dhún na nGall

Meastar go raibh an siorc, ar tugadh Danu uirthi agus ar scaoileadh léi arís, idir 25 agus 30 bliain d’aois

Siorc beagnach 3m ar fad faighte amach ó chósta Dhún na nGall

Tá eolaithe tar éis siorc beagnach 3m ar fad, an ceann is mó dá leithéid a aimsíodh riamh in Éirinn, a ghabháil amach ó chósta thuaidh Dhún na nGall.

D’éirigh leis na heolaithe Éireannacha clibeáil a dhéanamh ar chraosaire, Lamna nasus, a bhí 2.8m ar fad agus a bhí idir 400-500 punt meáchain, an craosaire is mó a aimsíodh riamh in uiscí na hÉireann. Meastar go raibh an siorc, ceann baineann, idir 25 agus 30 bliain d’aois.

Cuireadh clibeanna sa siorc, ar thug na heolaithe Danu uirthi, tógadh samplaí fola uaithi agus saoradh í san fharraige arís. Beifear in ann a cuid taistil a leanacht go ceann cúpla mí agus is eol dúinn gur ar Inse Ghall a thug sí a haghaidh as Tír Chonaill.

Tugadh ‘Sorcha’ ar shiorc mór eile 2.4m ar fad a aimsíodh ar an turas céanna. 

Aimsíodh na siorcanna breis is 50km ó thuaidh de chósta Fhánada i dtuaisceart Dhún na nGall.

Dúirt Nick Payne, bitheolaí agus ollamh i gColáiste na Tríonóide, go raibh sé suntasach gur aimsíodh siorcanna chomh mór seo amach ó chósta na hÉireann.

“Is iontach an rud é craosairí móra mar sin a fheiceáil i bhfarraige na hÉireann. Údar imní é stádas caomhnaithe na gcraosairí sa taobh seo domhan, mar meastar go raibh a líon san Eoraip i mbaol an-mhór. Tá fianaise ann go mb’fhéidir gur ceantar síolraithe tábhachtach atá i gcósta Dhún na nGall don domhan uilig, mar go bhfacthas go leor siorcanna baineanna ansin ar feadh tamall gearr san earrach.” 

Is cuid de thogra nua a bhí sa turas taighde seo ina mbeidh Coláiste na Tríonóide, Iascach Intíre Éireann agus iascairí áitiúla ag comhoibriú lena chéile agus le heolaithe in institiúidí san Astráil agus i Meiriceá, chun staidéar a dhéanamh ar aistriú agus nósanna síolraithe na gcraosairí.

Dúirt Nick Payne go raibh sé tábhachtach fáil amach an mbíonn na siorcanna ag síolrú sa cheantar inar aimsíodh na craosairí agus má bhíonn, go mbeidh dualgas orainn an ceantar a chaomhnú.

Fág freagra ar 'Siorc beagnach 3m ar fad faighte amach ó chósta Dhún na nGall'