Sioc agus oighear atá á dtuar sna cúpla oíche seo romhainn agus an baol ann go mbeidh an teocht trí chéim faoi bhun an reophointe, a bhuíochas don aermhais ón Artach atá ag déanamh a bealaigh trasna na tíre seo.
Beidh sé grianmhar ar maidin inniu, Dé Céadaoin, agus múraíl scaipthe againn ach beidh cuid de na ceathanna sin feanntach agus clocha sneachta agus flichshneachta ina dteannta.
Níl corrchith sneachta á chur as an áireamh ach an oiread, go háirithe ar thalamh crochta sa taobh ó thuaidh agus sa taobh thiar ó thuaidh den tír. Meastar gur idir trí chéim agus seacht gcéim Celsius is fearr a bheidh an teocht ach ó tharla go mbeidh goimh sa ngaoth ropánta nó mheasartha aniar aduaidh, aireoidh sé níos fuaire ná sin.
Le titim na hoíche glanfaidh an spéir ach beidh corrmhúr ann freisin, a bhformhór san iarthar agus sa tuaisceart. Ceathanna geimhriúla a bheidh i gcuid díobh seo, go háirithe i gcúige Uladh, ach i laghad a ghabhfaidh siad de réir mar a bheidh an oíche á caitheamh. Idir trí chéim faoin reophointe agus dhá chéim os a chionn atá an teocht á thuar anocht. In oirthear agus i ndeisceart na tíre is fuaire a bheidh sé, agus tá sioc agus paistí oighir á dtuar forleathan. Is tréine a bheidh an ghaoth aduaidh nó aniar aduaidh le cósta.
Maidin fhuar seaca atá geallta dúinn Déardaoin ach beidh tréimhsí gréine againn. Tá ceathanna á dtuar leis an gcósta thiar agus sa tuaisceart ach i laghad a ghabhfaidh siad agus an lá á chaitheamh.
Idir trí chéim agus seacht gcéim Celsius is teo a bheidh an lá agus beidh leoithne éadrom nó mheasartha gaoithe aniar aduaidh chugainn ach beidh sí níos tréine scaití leis an gcósta ó dheas agus thoir.
Oíche thirim a bheidh againn Déardaoin agus fágfaidh an spéir ghlan agus an leoithne luaineach go n-éireoidh sé an-fhuar tobann go maith le titim na hoíche.
De réir a chéile scaipfidh scamaill leo aniar ón gcósta thiar i rith na hoíche agus leis an maidneachan beidh brádáin bháistí agus ceobhrán le cósta an Atlantaigh. Idir trí chéim faoi bhun an reophointe agus dhá chéim os a chionn a bheidh an teocht agus bítear san airdeall ar shioc agus paistí oighir.
Maidin scamallach atá á tuar dúinn ar an Aoine agus déanfaidh an bháisteach agus an ceobhrán a mbealach soir faoin tír i gcaitheamh na maidine agus na hiarnóna. Neartóidh an ghaoth aneas de réir a chéile agus ina teannta tabharfaidh sí léi aer bog tais an Atlantaigh agus an bháisteach.
Seán
Eiseamláir d’fhoghlaimeoirí uile na tíre an cur síos breá glan seo ar an aimsir atá romhainn.
Agus lena gceart a thabhairt dóibh bíonn TG4/RNG ar fheabhas freisin.