Sioc is oighear á dtuar in go leor áiteanna, comhairle curtha ar thiománaithe is coisithe a bheith ar a n-airdeall

Deir Met Éireann go mbeadh an fuacht linn go dtí deireadh na seachtaine seo agus go mbeidh sioc agus oighear forleathan agus contúirt ag baint le cúrsaí taistil

Sioc is oighear á dtuar in go leor áiteanna, comhairle curtha ar thiománaithe is coisithe a bheith ar a n-airdeall

Níltear ag gealladh aon chlaochlú ar an aimsir dúinn inniu agus sioc is oighear á dtuar in go leor áiteanna.

Ní ghlanfaidh an sioc i mbólaí áirithe chor ar bith inniu agus mall go maith a ghlanfaidh sé in áiteanna eile. Tá corrscrabha báistí, flichshneachta nó sneachta á dtuar in Ulaidh, i dtuaisceart Chúige Chonnacht agus Chúige Laighean ach meastar gur báisteach is mó a thiocfaidh as.

Tá foláireamh buí teocht íseal is oighir i bhfeidhm do gach contae go dtí 11am inniu.

Chomh maith leis sin, tá foláireamh buí sneachta is oighir i bhfeidhm do Dhún na nGall, Muineachán, an Cabhán, Lú agus Liatroim go dtí a 11.00am agus foláireamh dá leithéid eisithe ag Oifig Aimsire na Ríochta Aontaithe do na sé chontae ar an taobh eile den teorainn.

Geallann Met Éireann go mbeidh sé níos gile sa gcuid ó dheas den oileán seo agus an ghrian ag beannú dúinn corrthamall.

Idir 2 agus 6 chéim Celsius a bheidh an teocht is airde agus gaoth mheasartha ag séideadh aniar aneas nó aniar.

Is é scil lucht na haimsire go mbeidh an fuacht linn go dtí deireadh na seachtaine seo agus go mbeidh sioc agus oighear forleathan agus contúirt ag baint le cúrsaí taistil.

Seachas na ceathanna geimhriúla atá geallta sa taobh ó thuaidh den tír agus san iarthuaisceart, aimsir thirim atá roimh an gcuid eile againn.

Beidh sé ag sioc go gaineamh rua anocht agus an teocht idir ceithre chéim agus céim amháin faoin reophointe.

Ní mór do thiománaithe agus do choisithe a bheith ar a n-airdeall mar beidh paistí oighir ar bhóithre agus ar chosáin. Leoithne éadrom luaineach aduaidh a bheidh chugainn, rud a chothóidh paistí ceo nó ceo seaca in áiteanna.

Fuar feanntach a bheidh an Chéadaoin agus fágfaidh sioc, oighear agus ceo seaca go mbeidh cúrsaí taistil an-chontúirteach agus sa bhfuacht, beidh sé amach sa lá sula nglanfaidh an leac oighir sin.

Más fuar féin é beidh an lá tirim agus scairtfidh grian an gheimhridh ar feadh tréimhsí breátha ach beidh ceathanna flichshneachta agus sneachta sa tuaisceart agus san iarthuaisceart. Idir céim amháin agus ceithre chéim Celsius an teocht is fearr atá á thuar dúinn don Chéadaoin agus is iomaí áit go seadóidh sé ag an reophointe ar feadh an lae, agus leoithne éadrom fhuar aniar aduaidh chugainn.

Fuar préachta a deirtear linn a bheidh sé san oíche Dé Céadaoin chomh maith agus an teocht idir -5 agus -2 céim agus an ghaoth éadrom aniar aduaidh.

Sioc agus leac oighir a bheidh romhainn maidin Déardaoin freisin agus an lá fuar feanntach agus ceathanna geimhriúla sa taobh ó thuaidh. Lá tirim gréine a bheidh sa chuid den tír seachas corrmhúr fánach anseo is ansiúd.

Beidh nádúr san aimsir arís ón Satharn nuair a thiocfaidh boige agus báisteach ar ais chugainn. Beidh sé fliuch gaofar agus scaipfidh an bháisteach sin léi soir faoin tír.

Fág freagra ar 'Sioc is oighear á dtuar in go leor áiteanna, comhairle curtha ar thiománaithe is coisithe a bheith ar a n-airdeall'