Sinn Féin a d’iarr an uair seo go gcuirfí siar ráitis Ghaeilge na Dála – an Príomh-Aoire

Cuireadh siar inné arís na ráitis Ghaeilge a bhí ar chlár na Dála den chéad uair ar an 25 Aibreán. Dúirt urlabhraí ó Shinn Féin gur mhór an náire na ráitis a bhaint de chlár na Dála an tseachtain seo caite

Sam Boal/Photocall Ireland
Sam Boal/Photocall Ireland

Sinn Féin Féin a d’iarr go gcuirfí siar, den cheathrú huair, na ráitis Ghaeilge sa Dáil a bhí le bheith ann deich lá ó shin. Ba iad Sinn Féin freisin ba thúisce a lochtaigh an cinneadh na ráitis a chur ar athló an chéad uair.

Cuireadh siar arís inné an plé ar chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta a bhí ceaptha a bheith ar siúl sa Dáil deich lá ó shin. Ba í seo an ceathrú huair a cuireadh siar na ráitis agus ní chloisfear anois iad go dtí Dé Máirt seo chugainn ar a luaithe. Cuireadh ar chlár na Dála den chéad uair na ráitis Ghaeilge ar an 25 Aibreán.

Thug urlabhraí de chuid Oifig an Phríomh-Aoire le fios do Tuairisc.ie tráthnóna inné gur cuireadh an plé siar arís go dtí an tseachtain seo chugainn mar gur iarr Sinn Féin go ndéanfaí díospóireacht ar chúrsaí coiriúlachta sa Dáil inné.

29/1/2014. Sinn Fein Political Reforms
Aengus Ó Snodaigh (SF)

Cháin an Teachta Dála ó Shinn Féin Aengus Ó Snodaigh Fine Gael an tseachtain seo caite as na ráitis Ghaeilge a chur siar agus as “drochmheas” a léiriú ar an teanga.

Dúirt sé gur “cúis náire” a bhí sa chinneadh na ráitis Ghaeilge a bhaint de chlár na Dála “go háirithe le linn Chomóradh céad bliain Éirí Amach 1916”.

“Is mór an scannal é, a athneartaíonn an tuairim nach tosaíochtaí iad an Ghaeilge, an Ghaeltacht nó lucht labhartha na Gaeilge ag Fine Gael anois ná choíche,” arsa Ó Snodaigh.

Pléifear cúrsaí meabhairshláinte sa Dáil Dé Máirt seo chugainn agus tá cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta le plé ina dhiaidh sin. Dúirt an t-urlabhraí ó Oifig an Phríomh-Aoire go bhféadfadh go gcuirfí an plé siar arís go dtí Dé Céadaoin, ag brath ar cé chomh fada is a bheifear ag caint ar chúrsaí meabhairshláinte sa Dáil.

Fág freagra ar 'Sinn Féin a d’iarr an uair seo go gcuirfí siar ráitis Ghaeilge na Dála – an Príomh-Aoire'

  • Fearn

    Mo chlann fhéin a dhíol a máthair!

  • Seathrún Céitinn

    An Príomh-Aoire? Cuid is mó dá thréad cailte aige, agus a chaoraigh ar lár.. Príomh-Aire a bhí i gcéist agat is doigh liom