Síneadh curtha ag Mark O’Connor lena chonradh san Astráil

Caithfidh fear an Daingin ar a laghad dhá bhliain eile san Astráil agus deireadh le teacht lena chonradh le Geelong ag deireadh an tséasúir in 2026

Síneadh curtha ag Mark O’Connor lena chonradh san Astráil

Tuairiscítear go bhfuil síneadh dhá bhliain curtha ag Mark O’Connor leis an gconradh atá aige le Geelong san AFL.

Tiocfaidh deireadh anois le conradh fhear an Daingin in 2026, tráth a mbeidh deich mbliana caite aige ag imirt san Astráil.

Tá breis is 100 cluiche imeartha ag O’Connor do na Geelong Cats san AFL agus é ar dhuine de na hÉireannaigh is fearr ar éirigh leo ó thug siad faoin bpeil Astrálach.

Bhuaigh Ó Conchúir agus Zach Tuohy ó chontae Laoise Príomhroinn an AFL le Geelong in 2022. Ba é an Ciarraíoch Tadhg Kennelly an t-aon Éireannach eile ar éirigh leis an t-éacht sin a dhéanamh. Tá fear Mhaigh Eo, Oisín Mullin, anois ag imirt le Geelong chomh maith.

Tá cead faighte ag O’Connor imirt lena chumann dúchais, Daingean Uí Chúis, i gCraobh Shinsir Chiarraí, le cúpla bliain anuas agus cé go bhfuil ráite ag an gConchúrach gurb é mian a chroí imirt d’fhoireann shinsir Chiarraí, fágann an scéal is déanaí seo gur léir go bhfuil sé i gceist aige fanacht san Astráil píosa eile.

Ba bhreá le lucht tacaíochta Chiarraí O’Connor, atá 27 bliain d’aois, a fheiceáil ar ais i ngeansaí na Ríochta tar éis dó gaiscí a dhéanamh le foirne mionúir an chontae in 2014 agus 2015 nuair a bhuaigh sé Craobh na hÉireann faoi dhó.

Is ag tús na míosa seo a thosaigh séasúr 2025 in AFL na bhfear. Tá an dá chluiche go dtí seo acu buaite ag na Geelong Cats agus d’imir O’Connor sa phéire.

Fág freagra ar 'Síneadh curtha ag Mark O’Connor lena chonradh san Astráil'