‘Tá sé mar bhrionglóid agam’ – Marc Ó Conchúir ag súil le geansaí Chiarraí a chaitheamh amach anseo

Beidh cúpla bliain eile ar a laghad ann sula bhfeicfear Ó Conchúir ag imirt le Ciarraí, áfach, agus é ag iarraidh an chraobh a bhaint san Astráil

‘Tá sé mar bhrionglóid agam’ – Marc Ó Conchúir ag súil le geansaí Chiarraí a chaitheamh amach anseo

Deir gaiscíoch peile an Daingin Marc Ó Conchúir gurb é mian a chroí filleadh ar Éirinn chun imirt d’fhoireann Chiarraí.

Tá ceithre bliana ann ó rinne an fear óg cinneadh tabhairt faoin bpeil Astrálach le Geelong Cats agus cé nach bhfuil sé réidh deireadh a chur lena seal thar sáile go fóill, deir Ó Conchúir go bhfuil súil aige peil Ghaelach a imirt do Chiarraí amach anseo.

“Tá sé mar bhrionglóid agam,” a dúirt Ó Conchúir nuair a fiafraíodh de an raibh fonn air teacht abhaile chun imirt d’fhoireann na Ríochta.

“Gan dabht. Tarlóidh sé má tá fonn ar Chiarraí mé a thógáil,” a dúirt Ó Conchúir le Pádraig Ó Sé ar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Bhí Éireannaigh san AFL go mór sa nuacht le gairid agus Colin O’Riordan Thiobraid Árann agus Mark Keane Chorcaí tagtha abhaile chun imirt i gcraobh pheile na bliana seo ach beidh cúpla bliain eile ar a laghad ann sula bhfeicfear Ó Conchúir ag imirt le Ciarraí.

Dúirt sé go raibh dhá bhliain fágtha ar an gconradh atá aige le Geelong san AFL agus nach raibh fonn air teacht abhaile roimhe sin.

“Táim sásta ann. Tá sé difriúil anseo agus tá saol difriúil thall ach tá grá agam don dá áit.”

Bhí sárbhliain ag O’Connor agus ag Geelong i mbliana agus agus bhain siad cluiche ceannais na craoibhe mí Dheireadh Fómhair ach fuair Richmond Tigers an ceann is fearr orthu an lá úd sin.

Tá Ó Conchúir dírithe ar an gcéad chéim eile a bhaint amach, áfach, agus an chraobh a thabhairt leis sula dtagann sé abhaile, mar a rinne Tadhg Kennelly.

“Teastaíonn uaim ceann a bhaint amach,” a dúirt Ó Conchúir.

Ní ghnáthshéasúr a bhí ann san AFL i mbliana agus tionchar an Covid-19 le feiceáil.

Cé go bhfuil Geelong ó dheas de Melbourne in Victoria, d’fhág na srianta a bhí i bhfeidhm sa cheantar gur bhog an cumann agus cuid mhaith de na cumainn eile san AFL go dtí Queensland in oirthuaisceart na hAstráile mí Iúil agus chaith siad an séasúr uile ann.

“Bhí an t-ádh linn go raibh spás ann in Queensland, áit nach raibh aon [chásanna Covid-19] ann. Bhíomar saghas sábháilte ann,” a dúirt Ó Conchúir agus é ag cur síos ar an scéal.

“Bhí gach duine ann ag obair agus bhí na bialanna oscailte agus gach rud mar sin. I Victoria agus i Melbourne, bhí sé ana-dhifriúil ach ní fhaca muid é sin, chun an fhírinne a rá. Tá roinnt cairde agam a bhí i Melbourne i gcaitheamh na bliana agus bhí sé sin ana-dheacair orthu leis an lockdown láidir agus ní raibh siad in ann tada a dhéanamh.”

Deir Ó Conchúir go bhfuil an t-ádh air go raibh sé in ann teacht abhaile agus an Nollaig a chaitheamh lena mhuintir ach fágfaidh sé Ciarraí arís mí Eanáir agus é ag prapáil do bhliain eile san AFL.

Fág freagra ar '‘Tá sé mar bhrionglóid agam’ – Marc Ó Conchúir ag súil le geansaí Chiarraí a chaitheamh amach anseo'