Síneadh bliana curtha le tacaíocht Fhianna Fáil do rialtas mionlaigh Fhine Gael

Ní bheidh aon olltoghchán anseo go dtí 2020 agus tacaíocht geallta ag Fianna Fáil don rialtas reatha ar mhaithe le ‘leas na tíre’

Síneadh bliana curtha le tacaíocht Fhianna Fáil do rialtas mionlaigh Fhine Gael

Micheál Martin. Pictiúr: Leah Farrell/RollingNews.ie

Tá síneadh bliana curtha leis an gcomhaontú idir Fianna Fail agus Fine Gael rud a chiallaíonn nach mbeidh aon olltoghchán anseo go dtí an bliain 2020. Ceannaire Fhianna Fáil Micheál Martin TD a d’fhógair an socrú nua sa Dáil tráthnóna.

Leanfaidh Fianna Fáil leis an gComhaontú Muiníne agus Soláthair a choinnigh Fine Gael agus teachtaí neamhspleácha áirithe i gcumhacht mar Rialtas mionlaigh le trí bliana anuas.

Dúirt ceannaire an fhreasúra nach mbeadh sé ar leas na tíre olltoghchán a bheith ann ag an tráth seo agus gur socrú eisceachtúil a bhí ann cinneadh a dhéanamh leanúint le tacaíocht a thabhairt don rialtas reatha. Dúirt Micheál Martin leis an Dáil go raibh ‘cúinsí faoi leith ann’ faoi láthair agus nach leor leanúint ar aghaidh les an ngnáthchur chuige a bhíonn i gceist i gcúrsaí polaitíochta.

Dhírigh sé aird ar leith ar an mBreatimeacht agus dúirt go raibh méadú ar an gcontúirt don tír seo dá bhfágfadh an Bhreatain an tAontas Eorpach gan margadh a bheith déanta. Dúirt sé go raibh Fianna Fáil meáite ar a chinntiú nach scaipfeadh an ‘cíor thuathail pholaitiúil’ atá ag tarlú i Londain faoi láthair chun na tíre seo.

Dúirt Ceannaire Fhianna Fáil nach mbeadh sé chun leasa an náisiúin suas le ceithre mhí a chaitheamh an bhliain seo chugainn le holltoghchán a ghairm agus rialtas nua a bhunú.

In earrach na bliana 2016 a aontaíodh an Comhaontú Muiníne agus Soláthair idir Fianna Fáil agus Fine Gael inar gealladh tacaíocht do thrí cinn de cháinaisnéisí. Chuir an socrú ceangal ar Fhianna Fáil gan vótáil in aghaidh an Rialtais ar cheisteanna a bhain le cúrsaí airgeadais nó in aon rún mímhuiníne a chuirfí i láthair na Dála.

Bhí idirbheartaíocht ar siúl idir Fianna Fáil agus Fine Gael le roinnt seachtainí le síneadh a chur leis an gcomhaontú sin.

Tá an síneadh bliana seo cáinte go géar ag ceannaire Shinn Féin, Mary Lou McDonald a dúirt go raibh Fianna Fáil agus Fine Gael ‘ag teitheadh ón bpobal le faitíos’ agus gur ar an gcúis sin a bhí olltoghcháin á sheachaint acu.

Fág freagra ar 'Síneadh bliana curtha le tacaíocht Fhianna Fáil do rialtas mionlaigh Fhine Gael'