Síneadh ama curtha le feachtas earcaíochta d’aistritheoirí Gaeilge san AE

Inné a bhí luaite mar sprioclá d’iarratais ar 72 folúntas d’aistritheoirí Gaeilge san AE, ach tá sé fógartha ag Seirbhísí Aistriúcháin an Aontais Eorpaigh go mbeidh glacadh le hiarratais go ceann breis is coicís eile

Síneadh ama curtha le feachtas earcaíochta d’aistritheoirí Gaeilge san AE

Tá síneadh ama curtha leis an fheachtas earcaíochta atá ar bun chun aistritheoirí Gaeilge a aimsiú le dul i mbun oibre in Institiúidí an Aontais Eorpaigh sa Bhruiséil agus i Lucsamburg.

Fógraíodh i mí Iúil go raibh 72 aistritheoir Gaeilge á lorg ag Seirbhísí Aistriúcháin an Aontais Eorpaigh mar chuid den fheachtas earcaíochta nua, atá á reáchtáil ag EPSO (Oifig Eorpach um Roghnú Foirne).

Inné, an 4 Meán Fómhair, a bhí á lua an t-am sin mar sprioclá d’iarratais ach tá sé fógartha ag EPSO anois go mbeidh glacadh le hiarratais go dtí an 20 Meán Fómhair.

An bhliain seo caite níor éirigh ach le deichniúr den 210 duine a chuir isteach ar chomórtas do 63 aistritheoir Gaeilge san Aontas Eorpach. Bhí deacrachtaí ag an tseirbhís earcaíochta, EPSO, teacht ar a dhóthain daoine an t-am sin a raibh caighdeán Gaeilge agus scileanna aistriúcháin sách ard acu do na poist agus meastar go bhfuil na deacrachtaí céanna á nochtadh féin arís.

Ní foláir d’iarrthóirí ar an chomórtas cumas sármhaith Gaeilge a bheith acu chomh maith le heolas maith ar dhá theanga oifigiúla eile de chuid an Aontais. Caithfidh an Béarla, an Fhraincis nó an Ghearmáinis a bheith ar cheann den dá theanga sin.

Tá an comórtas oscailte do chéimithe ollscoile, céimithe na bliana seo san áireamh.

Agus an feachtas á sheoladh aige, dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh gur “deis iontach” a bhí sna poist “slí bheatha thairbheach a bhaint amach sa Bhruiséil agus i Lucsamburg, dhá chathair i gcroílár na hEorpa atá ilchultúrtha agus lán beochta, agus cathair nach bhfuil ach cúpla uair an chloig ar shiúl ó go leor de phríomhchathracha eile na hEorpa”.

Ag labhairt dó faoi bhabhta earcaíochta na bliana seo caite, dúirt Seán Hade, Ceann Aonaid ar Aonad na Gaeilge i gComhairle an Aontais Eorpaigh sa Bhruiséil, gurb é an dúshlán is mó a bhíonn ann i gcás daoine a earcú sna poist ná an easpa taithí a bhíonn ag iarrthóirí “ar na cineálacha téacsanna a bhíonn le haistriú ag na scrúduithe iontrála”.

Dúirt sé go gcothaíonn téacsanna de chuid an Aontais Eorpaigh deacrachtaí d’aistritheoirí “toisc go mbíonn an stíl iontu an-teibí agus toisc go ndéantar tagairtí do choincheapa neamhchoitianta agus do théarmaíocht ar leith”.

Tosaíonn an scála tuarastail do na poist ar fad ag €4,384 sa mhí.

Fág freagra ar 'Síneadh ama curtha le feachtas earcaíochta d’aistritheoirí Gaeilge san AE'

  • léitheoir!?

    “Níor éirigh ach le deichniúr as an 210…”!! An bhfuil an ráta teipthe céanna ag tíortha eile na hEorpa sna scrúduithe sin?

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    Ní aistitheoirí atá sa phictiúr ach ateangairí.
    Is ag plé leis an bhfocal scríofa a bhíonn aistritheoirí.
    Pléann ateangairí leis an bhfocal ó bhéal.

  • Iar-oibrí AE

    Mar eolas, feictear ateangairí i mbun oibre sa phictiúr- ba cheart a shoiléiriú gur aistritheoirí atá á n-earcú anseo.