Simon Harris i ladhar an chasúir – bhí leigheas ar an scéal ag aire eile i gCarna cúig bliana ó shin

Sheol an tAire Sláinte Simon Harris plean eile le déanaí le leigheas a fháil ar chóras sláinte na hÉireann, Sláintecare.  Ach, bhí Aire a bhí ann roimhe ag meabhrú dúinn go raibh dualgas sláinte orainn féin

Simon Harris i ladhar an chasúir – bhí leigheas ar an scéal ag aire eile i gCarna cúig bliana ó shin

Simon Harris. Pictiúr: Sam Boal/RollingNews.ie

I gCarna i gConamara a bhíomar.  Ócáid sa Teach Altranais a bhí ann in 2013.  Bhí an tAire Sláinte a bhí againn san am, an Dr. James Reilly, ar cuairt.  Cén leigheas a bhí aigesean ar na fadhbanna sa gcóras sláinte? Cuimhnigh go raibh fadhbanna ann san am sin freisin, agus i bhfad roimhe sin. 

“Bhuel, d’fhéadfadh daoine dhá rud a dhéanamh a bheadh ina leigheas ar go leor fadhbanna sláinte an-tobann,” a deir an Dr James Reilly, fear ar dochtúir leighis é féin. “Dá n-éireoidís siúd atá ag caitheamh tobac as na toitíní agus dá gcoinneodh daoine smacht ar an meáchan, bheadh go leor déanta de léim ar mhaithe leis an gcóras sláinte – ar chuile bhealach,” arsa James Reilly liom agus mé ag cur agallaimh air.

Caithfear a rá, ar ndóigh, go ndearna an fear a bhí sa Roinn Sláinte roinnt blianta roimhe sin, Micheál Martin, an beart fadtéarmach ab fhearr a rinneadh do shláinte an phobail sa tír seo le leathchéad bliain nuair a chuir sé stop le caitheamh tobac in ionaid oibre agus in ionaid phoiblí.   Beidh dea-thoradh air sin sna blianta amach romhainn – mura bhfuil cheana féin.  Tá an-mholadh ag dul do Mhicheál Martin as sin agus mura mbeadh aon bhlas eile den rath déanta aige mar pholaiteoir, chuirfeadh an beart sin é i measc thogha na nAirí Sláinte.

Maidir leis an meáchan a bhí i gceist ag James Reilly, ar ndóigh, bhí siad ann a dúirt nach raibh sé féin chomh tanaí sin. Níl aon chead cainte ag an scríbhneoir seo atá thart ar naoi gclocha déag – cé, ar ndóigh, go ndeirtear leis gur cnámha is cúis leis an mbrú a chuireann sé ar an scála!  Daoine a bhfuil fios a ngnó agus deise labhartha acu a déarfadh a leithéid!

’Sé tús agus deireadh an scéil nach bhfuil bealach siúráilte ar bith ann leis an tinneas ná an taom a sheachaint.  Ar an taobh eile den scéal, tá daoine ann a n-éiríonn leo saol fada sláintiúil a fháil fiú agus go bhfuil chuile chomhairle a chuireann an dochtúir orthu sáraithe acu.  Ach faraor sin mionlach a bhfuil tréithe géineolaíochta as an ngnáth acu ón gcéad lá riamh agus is beag acu atá ann.

An ‘gnáthdhuine’ a bhí i gceist ag James Reilly i gCarna.    

Níor labhair James Reilly ar an ól san agallamh sin cúig bliana ó shin, ach labhair taighdeoir leighis ar an ól i Stáit Aontaithe Mheiriceá le gairid.

Saineolaí i réimsí éagsúla leighis agus cúraimí sóisialta é Gianmarco Raddo agus bhí sé ag scríobh sa Boston Globe.   

Dúirt Raddo gur léirigh taighde a rinne saineolaithe in Ollscoil Cambridge le gairid go mbaineann chuile dheoch sa mbreis ar chúig cinn sa tseachtain a ólann tú leathuair an chloig de do shaol. 

Cuimhnigh gur beag an miosúr an bhrí atá le deoch amháin i dtéarmaí na saineolaithe leighis.   

Seo sampla a thug siad.  Ólann tú deoch amháin chuile lá ó Luan go hAoine agus ansin leagann tú air roinnt Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh.  Ólann tú sé dheoch uilig an dá lá sin agus is ionann sin agus trí uair an chloig bainte de do sheal ar an saol seo agat.

Taobh amuigh den ghiortú ar do shaol, tá alcól ar cheann de na cúiseanna le go leor cineálacha tinnis, gan trácht ar thimpistí.   I Massachusetts, a deir Gianmarco Raddo, tá baint ag alcól le 31% de na timpistí  bóthair ina maraítear daoine.  Meabhraíonn sé dúinn gur dhúirt lucht taighde leighis sa mBreatain beagán blianta ó shin go raibh alcól ar an druga ba chontúirtí uilig i measc an phobail – bíodh na drugaí sin dleathach nó mídhleathach.

Nach mór is fiú dom gur thug mo mháthair dom an leigheas a bhí ar shlaghdán in aois m’aon bhliain déag, sclog as buidéal poitín.  Chuaigh na grioganna síos go méaracha mo chos.  B’in mise réidh leis an ól go brách ina dhiaidh sin! 

Níl a fhios agamsa an amhlaidh go raibh James Reilly ag iarraidh éalú ó cheist faoi fhadhbanna an chórais sláinte an lá sin i gCarna ach bhí go leor céille ina chuid cainte.   Bhí ciall leis ceart go leor ach ní minic a thugtar ciall isteach sa scéal áirithe seo.  Déanann muid uilig rudaí díchéillí ar mhórán bealaí. 

Pé bealach a ngabhfá den saol, tiocfaidh an tinneas agus tiocfaidh lagan colainne agus intinne leis an aois.  Is cuma cén meáchan thú ná cén deatach a chuir tú in aer ná cé mhéad pionta pórtair a shlog tú, níl aon éalú ón mbás, más luath nó mall é.  Ach, ní hé sin a bhí i gceist ag Mac Uí Raghallaigh an lá sin ach gur lú daoine a bheadh ag plódú ospidéal agus gur lú brú a bheadh ar an gcóras leighis dá ndéanfadh muid uilig a chomhairle. 

Ar ndóigh, d’fhéadfadh stuaim an pholaiteora a bheith lena chuid cainte an lá sin freisin.  Bíodh sin amhlaidh nó ná bíodh, bhí James Reilly ag dul gar don chnámh – nó gar don smior féin – i gCarna in 2013. 

Fág freagra ar 'Simon Harris i ladhar an chasúir – bhí leigheas ar an scéal ag aire eile i gCarna cúig bliana ó shin'

  • Carraig

    Ní theastaíonn córas sláinte poiblí a bheadh dea-fheidhmiúil fiúntach cothrom, a deir Brendan Howlin ina leabhar dírbheathaisnéise. Óir ní bheadh sochar leordhóthanach le baint ag an earnáil phríobháideach as ‘nirvana’ den sórt sin .i. ní hé an leas coiteann an gad is gaire don scórnach sna hospidéil. Sin admháil shuntasach i bhfianaise a thaithí siúd mar Aire. Admháil a sceitheann an leagan amach atá ag páirtithe na bunaíochta sa tír seo ar na seirbhísí poiblí. Is eol don saol go mbaineann dochtúirí earraíocht as áiseanna poiblí (ospidéil) chun a ngnó príobháideach féin a dhéanamh agus gurb é an gnó sin is mó a bhfuil lé acu leis. Bíonn siad ‘ag obair’ fiú agus iad díomhaoin. Feicim chuile lá iad i mbun a suaimhnis sa teach ite agus an fón póca ar leac na fuinneoige acu ag feitheamh le ‘glaoch’. Ní mór dóibh bheith i ngiorracht chúig mhíle don ospidéal chun bheith i dteideal an ‘liúntais’ atá dlite dóibh as a bheith ar feitheamh. An riail sin faoin ‘gcúig mhíle’ is cúis le luach fíor-ard na dtithe laistigh den achar sin, óir bíonn fiach ag na dochtúirí comhairleacha orthu. Is é James ‘tanaí’ Reilly a thug isteach an riail sin. Agus a chonách sin air!