Tá na hionsaithe ar Gaza anois i measc na n-ionsaithe is measa ar aon phobal sibhialta lenár linn féin
Tá sé ráite go bhfuil an Meánoirthear ag sleamhnú go mall i dtreo cogadh réigiúnach ón uair a ndearna Hamas ionsaí ar Iosrael ar an 7 Deireadh Fómhair 2023, ionsaí ar thug Iosrael freagra fíochmhar air i nGaza. Cé go bhfuil an chosúlacht air go bhfuil drogall ar go leor de na páirtithe tús a chur le cogadh níos leithne, tá rabhadh tugtha ag saineolaithe, i bhfianaise an réimse gníomhartha atá ag tarlú ar fud an réigiúin, agus an raon ‘imreoirí’ a bhfuil mianta éagsúla acu, go bhféadfadh cúrsaí imeacht ó smacht ar fad go tapa de bharr eachtra nó eachtraí.
An tseachtain seo caite, maraíodh ceannaire sinsearach Hamas i mBéiriút agus maraíodh ceannaire de chuid mílíste eile i mBaghdad san Iaráic. Maraíodh le déanaí ball sinsearach den Gharda Réabhlóideach Ioslamach sa Damaisc.
Sa Mhuir Rua, lean reibiliúnaithe Houthi Éimin lena mbagairtí ar loingseoireacht tráchtála in ainneoin foláirimh ó na Stáit Aontaithe agus a gcomhghuaillithe. Scrios Cabhlach na Stát Aontaithe diúracáin frithloinge agus trí bhád bheaga a líomhnaítear a bhí ag iompar trodaithe ó Éimin.
Ar ndóigh tá mílístí Hezbollah Shia sa Liobáin ag ionsaí bailte agus sráidbhailte thuaisceart Iosrael i ndlúthpháirtíocht leis na Palaistínigh. Maraíodh níos mó ná 160 duine ar thaobh na Liobáine, baill Hezbollah an chuid is mó acu ach freisin níos mó ná 20 sibhialtach, triúr iriseoirí ina measc, de réir tuairiscí. Ar thaobh Iosrael, maraíodh ar a laghad cúigear sibhialtach agus naonúr saighdiúirí, de réir figiúirí ón arm.
Ag an am céanna bhog na Stáit Aontaithe dhá iompróir aerárthaí, agus an tacaíocht a bhaineann leo, go dtí an réigiún de réir mar a tháinig bunáiteanna Meiriceánacha sa tSiria agus san Iaráic faoi ionsaí arís agus arís eile ó ghrúpaí cleamhnaithe na hIaráine, rud a tharraing díoltas tapa ó Washington.
Dá mbuailfí long chogaidh de chuid na Stát Aontaithe, bheadh brú mór ar Biden gníomh cinnte a dhéanamh, go háirithe agus é i mbliain toghcháin agus amhras mór ann an bhfuil tréimhse eile sa Teach Bán i ndán dó agus Poblachtánaigh ar a ndícheall ag iarraidh díriú ar aon sórt laige.
Ón lá a ndearna Hamas ionsaí ar Iosrael, an 7 Deireadh Fómhair 2023, measann na Náisiúin Aontaithe gur maraíodh 304 Palaistíneach ar an mBruach Thiar, 79 páiste ina measc, chomh maith le ceathrar Iosraelach, triúr saighdiúirí ina measc.
D’fhéadfadh aon cheann de na heachtraí seo an choimhlint a scaipeadh mar a bheadh loscadh sléibhe ar fud an Mheánoirthir. Le tamall léiríodh cé chomh héasca agus a d’fhéadfaí an lasair a chur sa bharrach – bíodh sin le gníomh réamhbheartaithe nó ná bíodh – agus Iosrael a tharraingt isteach in achrann oscailte leis an Iaráin agus gan amhras, na Stáit Aontaithe a shú isteach freisin.
San am céanna tá cuid mhaith de thuaisceart Gaza ina fhothracha. Tá thart ar 85% den 2.3 milliún duine atá in Gaza á dtiomáint óna dtithe cónaithe agus b’éigean dóibh cónaí i gceantair atá níos lú ná riamh. Agus ionsaithe aeir, talún agus farraige a dhéanamh orthu gan staonadh, ní mór do na mílte teaghlach athlonnú ó áit chontúirteach amháin go ceann eile. Tá na hionsaithe ar Gaza anois i measc na n-ionsaithe is measa ar aon phobal sibhialta lenár linn féin.
Tá an ceathrú cuid de dhaonra Gaza ag fáil bháis leis an ocras mar nach bhfuil dóthain soláthairtí ag teacht isteach, dar leis na Náisiúin Aontaithe.
Maraíodh thart ar 23,000 duine agus gortaíodh thart ar 58,000 duine in ionsaithe Iosraelar Gaza ón 7 Deireadh Fómhair. De réir aireacht sláinte Gaza, maraíodh 125 duine agus gortaíodh 318 duine i dtréimhse 24 uair an chloig amháin. Agus go deimhin an staitistic is measa ná go bhfuil os cionn 8,660 páiste Palaistíneach maraithe ag fórsaí Iosrael in Gaza ón 7 Deireadh Fómhair agus na mílte eile ar iarraidh faoin smionagar. B’fhéidir go bhfuil cuid den fhírinne sa seanfhocal: ‘Síleann fear na buile gurb é féin fear na céille.’
Cuireann an Coinbhinsiún um Chinedhíothú oibleagáid bhreise ar stáit cinedhíothú a chosc. Tá go leor den tuairim go bhfuil cinedhíothú á dhéanamh in Gaza, argóint a chualathas sa Chúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta an tseachtain seo, mar ar thóg an Afraic Theas cás in aghaidh Iosrael. Ní mór d’Éirinn gach rud atá ar a cumas a dhéanamh anois chun tionchar a imirt ar Iosrael chun stop a chur le cinedhíothú.
Ba chóir smachtbhannaí a chur i bhfeidhm agus deireadh a chur leis an gcaidreamh trádála – an cineál birt a ghlacann stáit nuair a sháraíonn stáit eile an dlí idirnáisiúnta. Tá an nós sin seanbhunaithe. Ní mór don Aontas Eorpach agus do na ballstáit dlí an Aontais á chur i bhfeidhm agus gach rud gur féidir a dhéanamh chun cosc a chur ar cinedhíothú in Gaza.
Tá muid ag fanacht.
Pádraig O'hEipicín
Ní dhéanann dhá éagóir ceart.
jpmorley0@gmail.com
Cluichíocht na polaitíochta sna Stáit Aontaithe ag rialú leibhéal na fulaingthe agus an áir a dhéantar sa Mheán Oirthear gach lá ar eagla go gceapfadh muintir Mheiriceá gur duine lag é an tUachtarán! Is gá sléacht diablaí a dhéanamh gach aon lá, le céad lá anuas, chun a chruthú go bhfuil an cruas ceart, an mianach ceart in Biden, …nach bhfuil aon “laige” ann? Déanaim amach gur mhóide a sheans go n-atoghfaí é dá scríobhfadh sé a ainm ar cheann de na buamaí ‘neamhthreoraithe’ atáthar a’ scaoileadh anuas ar dhonáin bhochta Gaza, Domhnach is dálach, le céad lá anuas, amhail mar a rinne Herzog, Uachtarán Iosraeil. Agus a fhios go maith aige gur dóichí ná a mhalairt go n-ídeodh an buama ‘inscríte’ sin leanbh. Cad déarfadh vótóirí SAM le ‘Biden an Búistéir’ mar ainm chleite ar dhiúracán, abair? An sásódh san iad? Ceann de na mílte diúracáin a bhronntar ar Iosrael sa “chogadh” seo ina maraítear 48 máthair agus 117 leanbh gach aon lá beo. Beidh fear fuinte cruaidh ceart sa Teach Bán acu in athuair. Sin é atá uainn, ar mh’anam.
Seán Mac an Rí
Mharaigh fórsaí Assad 306,000 sibhialtach ar a laghad i gcogadh cathartha Shiria ach ní cuimhin liom Bertie Ó hAinmhire ag scríobh alt faoi sin.
Mharaigh fórsaí an Iarthair thart ar 10,000 sibhialtach agus iad ag iarraidh fáil réidh le ISIS. Glacadh leis ag an am gur trua é go raibh an oiread sin sibhialtach maraithe ach tuigeadh gurb é sin an praghas atá le híoc uaireanta nuair atáthar ag iarraidh fáil réidh le grúpa sceimhlitheoireachta a chuireann iad féin faoi cheilt i measc na sibhialtach. Níor damnaíodh fórsaí an Iarthair ó dhubh go dubh as an méid a rinne siad – tuigeadh go raibh misean casta baolach acu agus go mba fhíordheacair dóibh gan sibhialtaigh a mharú.
Cé mhéad sibhaltach atá maraithe ag an IDF sa chogadh i nGaza? Tá sé fíordheacair muinín a chur sna figiúirí atá á lua faoi láthair mar is é Hamas a chuireann ar fáil iad (nó ‘údaráis sláinte Gaza’ – dream atá faoi bhois an chait ag Hamas agus a deir cibé rud a ordaíonn Hamas dóibh) agus ní dhéantar idirdhealú sna figiúirí sin idir bás ball de Hamas agus bás sibhialtaigh. Dá bhrí sin, fiú más cruinn na figiúirí a sholáthraíonn Hamas d’fhéadfadh sé gur sceimhlitheoirí Hamas an leathcuid acu agus sibhialtaigh an chuid eile.
Ó thaobh an chogaidh i nGaza faoi láthair, is é fírinne an scéil go gcuireann Hamas iad féin i bhfolach i measc na sibhialtach agus go mbaineann siad úsáid as sibhialtaigh mar sciath cosanta. Is nós seanbhunaithe acu infreastúr sibhialtach a úsáid mar ionaid mhíleata – scaoileann siad roicéid agus diúracáin ó scoileanna agus ospidéil. In ainneoin go dtugann an IDF an iliomad foláireamh do na sibhialtaigh, is minic a chuireann Hamas cosc ar na sibhialtaigh teitheadh ó na háiteanna ar spriocanna iad. Ansin bíonn cinntí crua le déanamh ag an IDF – teastaíonn uathu fáil réidh le Hamas ach bás na sibhialtach a íoslaghdú ar ndóigh. Bíonn an fhadhb chéanna ann i ngach cogadh, nach mór, go háirithe i gceantair uirbeacha.
Seán Mag Leannáin
Léargas an-mhaith san alt seo ar an scéal truamhéalach i nGaza. De réir mat a théann cúrsaí ar aghaidh tá an chuma air go bhfuil rialtas na hIosraeile meáite ar ‘réiteach deireanach’ ar fhadhb na bPalaistíneach a chur i gcrích. Iad a mharú, a dhíbirt ón tír ar fad nó fo-aicme gan chearta gan chumhacht ina dtír féin a dhéanamh daoibh. An é seo an ‘end-game’ dáiríre atá ag rialtas Herzog ach gan é a fhógairt?
Seán Ó Floinn
Mharaigh fórsaí Assad 306,000 sibhialtach ar a laghad i gcogadh cathartha Shiria ach ní cuimhin liom mórán tuairiscí faoi sin sna meáin Ghaeilge, ná alt ó Bertie Ó hAinmhire faoi. Más fíor go bhfuil ‘na hionsaithe ar Gaza anois i measc na n-ionsaithe is measa ar aon phobal sibhialta lenár linn féin’, cén fáth nach dtarraingítear aird ar an gcos ar bolg atá á dhéanamh ag an Tuirc ar an bpobal Coirdíneach, ag rialtas na Síne ar na hUigiúraigh nó ag an Asarbaiseáin ar na hAirméinigh, gan ach cúpla sampla a lua? Tá sé aisteach go dtagann go leor daoine amach chun na Giúdaigh a dhamnú nuair nach gcloistear faic ó na daoine céanna nuair atá rudaí i bhfad níos measa á ndéanamh ag tíortha eile.
Mharaigh fórsaí an Iarthair thart ar 10,000 sibhialtach agus iad ag iarraidh fáil réidh le ISIS – arís, is beag a chualamar faoi sin sna meáin Ghaeilge. Glacadh leis ag an am gur trua é go raibh an oiread sin sibhialtach maraithe ach tuigeadh gurb é sin an praghas atá le híoc uaireanta nuair atáthar ag iarraidh fáil réidh le grúpa sceimhlitheoireachta a chuireann iad féin faoi cheilt i measc na sibhialtach. Níor damnaíodh fórsaí an Iarthair ó dhubh go dubh as an méid a rinne siad – tuigeadh go raibh misean casta baolach acu agus go mba fhíordheacair dóibh gan sibhialtaigh a mharú.
Ach lá i ndiaidh lae, faighimid tuairiscí faoi Gaza, áit a bhfuil ag iarraidh Iosrael é féin a chosaint i gcoinne grúpa sceimhlitheoireachta. Tá Hamas ag iarraidh na hIosraelaigh a dhíothú. Dúirt urlabhra Hamas go leanfaidh siad leis na hionsaithe ar Iosrael go dtí go n-éireoidh leo sin a dhéanamh – is é sin le rá nach nglacann Hamas le Giúdach ar bith a bheith beo ar thalamh na Palaistíne (i.e. tá siad ag iarraidh na Giúdaigh ar fad in Iosrael a mharú agus an talamh ar fad a bheith acu dóibh féin).
Maidir le líon na marbh in Gaza, tá sé fíordheacair muinín a chur sna figiúirí atá á lua faoi láthair (10,000 sibhialtach marbh) mar is é Hamas a chuireann ar fáil iad (nó ‘údaráis sláinte Gaza’ – dream atá faoi bhois an chait ag Hamas agus a deir cibé rud a ordaíonn Hamas dóibh) agus ní dhéantar idirdhealú sna figiúirí sin idir bás ball de Hamas agus bás sibhialtaigh. Dá bhrí sin, fiú más cruinn na figiúirí a sholáthraíonn Hamas d’fhéadfadh sé gur sceimhlitheoirí Hamas an leathcuid acu agus sibhialtaigh an chuid eile.
jpmorley0@gmail.com
‘An praghas atá le híoc’…is breá beacht bréan lofa mar nath é, comhardú loighic agus reic fuarchúiseach an mhargaidh. Brúid gan trua gan taise a chasfadh a leithéid le máthair a bhfuil barróg an uafáis á breith aici ar a linbhín fuar marbh ina hucht, gol na mban san ár ina cluasa aici agus í imithe ina geilt le brón do-inste. Duine den 48 máthair a mharaítear gach lá.
B’fhéidir go ndéarfaí léi gur gá an íobairt seo a dhéanamh toisc gur cuid den sciath chosanta é an leanbh sin (duine den 117 a mharaítear gach lá) ag Hamas, nach fiú tráithnín é ná í féin ar aon chaoi mar gur “ainmhí duine” gach Palaistíneach (Aire Cosanta Iosraeil), go mbaineann siad le “Amalek” (Netanyahoo), gur gá iad “a dhíbirt as Gaza ar fad” ar fad (Urlabhraí an IDF)…isteach sa bhfarraige an ea? Ach, beir bog ort féin, scaipfear na bileoga aríst agus cuirfear scairteanna gutháin roimh ré aríst mar fholáireamh (tá iphone inoibrithe ag gach Palaistíneach faoin smionagar) chun treoir agus eolas na slí a thabhairt dóibh, céim ar chéim.
Iad a chur de dhroim an tsaoil ansin ach a mbainfidh siad ceann scríbe amach. Ráite go n-éireoidh leo an sceimhlitheoireacht charthannúil ‘chruinn bheacht ‘ anuas ón aer a sheachaint feadh na slí. Cogar, a Rí-dhuine uasail agus a Sheáin Uí Fhloinn (dhá leathbhreach?) meas sibh an bhfuil aon uasteorainn ann, dar libh, leis an bpraghas ‘atá le híoc’ ag na donáin bhochta sin a bhíonn á n-ídiú, á sciúirseáil, á gcéasadh agus á ndaoradh chun fáin gach lá? An sásódh 250,000….milliún…dhá mhilliún…nó gan aon uasteorainn ar bith sibh? Cé méid básanna a shásóidh an fíoch fola seo agaibh? Abair liom!
Sceimhlitheoirí is ea Hamas a rinne sléacht ar 2000 – 2500 Iosraelach go nuige seo (áirítear míleataigh ina measc siúd) …..
is gá agus is ceart é sin a rá agus a athrá aríst agus aríst eile, ACH dá leomhfá a rá gur sceimhlitheoirí iad fórsaí Iosraeil FREISIN a bhfuil 24,000 (ní deirim 1600… ná 2000 ná 3000 féin) ach 24,000 curtha chun báis go nuige seo acu damnófar thú, tá tú frith-Ghiúdach! Bréagadóir sea thú! Agus más iriseoir neamhspleách ar an talamh thú rith le d’anam as an áit. Óir caithfear an fhírinne a chosaint ar ais agus ar éigin, ‘fírinne Iosraeil’. Agus déanfar san… Tá slí eile ann, bíonn i gcónaí, i gcónaí.
Criostóir Ó Floinn
Is uafásach go bhfuil sibhialtaigh ag fáil bháis ach d’fhéadfadh Hamas an slad a stopadh trína n-airm a chur síos agus na gialla a thabhairt suas.
Sílim gur fadhb é go mbíonn daoine ag díriú ar an gcogaíocht in Gaza agus ag ceapadh gurb é Iosrael máthair gach oilc. Ach ní mór cuimhneamh go bhfuil na hIosraelaigh ag dul i ngleic le léithéidí Hamas le fada, sin grúpa faisisteach atá ag iarraidh na Giúdaigh ar fad a mharú agus a fhaigheann inspioráid ón Hitléireach féin (féach gur thacaigh bunaitheoir na cúise Palaistíní, an tArd-Mhuftaí al-Husseini, leis an Uileloscadh agus go raibh sé ag iarraidh é a chur i bhfeidhm sa Mheánoirthear.) Tá an-tóir ar ‘Mein Kampf’ sa domhan Arabach. Deir giall mná ó Iosrael a scaoileadh óna géibheann le déanaí go dtacaíonn formhór an phobail in Gaza le Hamas – bhí an giall sin i ngéibheann i dteach gnáth-theaghlaigh, de réir dealraimh, agus bhí páistí an teaghlaigh ag spochadh aisti agus ag gáire fúithi toisc gur Giúdach atá inti. Caithfear deireadh a chur leis an mbolscaireacht fhrith-Sheimíteach sa Phalaistín má tá aon socrú síochána le bheith ann – dúshlán mór a bheidh ann mar tá an frith-Sheimíteachas fréamhaithe go doimhin sa chultúr Arabach faoin am seo.