Sna cúirteanna agus ar na sráideanna bhí an téiléireacht á híoc as na círéibeacha ciníocha ach ba é an dochar do pháistí an iarmhairt is faide a mhairfidh. Luíonn sé le réasún gur bhain loisceadh tithe, réabadh ar na sráideanna, gleo agus imeaglú croitheadh as páistí.
Ag freagairt ceisteanna san Tionóil Dé Luain, dúirt Aire Oideachais Stormont, Paul Givan DUP gur scannal uafásach é go mb’éigean do pháistí tráma an fhoréigin sin a fhulaingt. Dúirt sé go raibh seirbhís chomhairliúcháin á cur ar fáil do dhá scoil i gceantar Harryville ar an mBaile Meánach mar ar mhair an réabadh ar feadh oícheanta as a chéile.
Tá na fadhbanna thar a bheith casta ó bhí íobartaigh agus léirsitheoirí i measc óige an cheantair. I bhfreagra ar Matthew O’Toole an SDLP, dhearbhaigh an tAire Givan go raibh roinnt daltaí i measc lucht na gcíréibeacha agus gur ionsaigh siad tithe ina raibh páistí a bhí in aon rang leo. Nocht an tAire figiúirí faoin titim mhór ar an tinreamh sna scoileanna áitiúla, bunscoil Harryville agus coláiste Naomh Pádraig.
Ó thosaigh an trioblóid bhí 84 dalta as láthair ón mbunscoil agus seachtar as gach scór ar iarraidh ó scoil Naomh Pádraig. Dúirt an tAire go raibh aonad na folláine mothúchánaí sa roinn oideachais agus seirbhísí idirchultúrtha ag iarraidh tacaíocht a thabhairt do na scoileanna.
Cén t-iontas go mbeadh íobartaigh as láthair ón scoil? Léirigh go leor de na físeáin a chuir lucht círéibe ar mheáin shóisialta – ag déanamh gaisce as an bhforéigean – go raibh daoine óga in aois scoile ina measc.
Seans nach raibh siad ar scoil lá arna mhárach. Bhí déagóirí i measc na ndaoine a gabhadh ar an mBaile Meánach agus i bPort an Dúnáin, daoine ar cúisíodh roinnt acu. Tá a fhios go mb’éigean roinnt teaghlach a aslonnú nuair a scriosadh a dtithe, tuilleadh ar mhaithe lena sábháilteacht agus go bhfuair roinnt tearmann i gceantar eile i gcontae Aontroma.
Tá a fhios freisin gur theith teaghlaigh eile, cuid acu a dúirt nach leagfadh siad cos ar an mBaile Meánach arís go deo.
Bhí Givan soiléir ina cháineadh ar na círéibeacha. Is féidir inimirce a phlé in am trátha, ar sé, ach ‘cuma cé tú féin nó cad é do chúlra agus go háirithe más páiste tú, tá tú i dteideal go gcaithfí leat le meas. Tá tacaíocht agus cosaint ag dul duit’. Ní mar sin a bhí le seachtain agus tá sin mícheart, a dúirt sé. Cháin sé an drochíde as éadan. Lena cheart a thabhairt dó níor chuir sé coinníoll ar bith lena chuid cáinte, murab ionann agus aontachtaithe eile, níor dhúirt sé tada faoi athruithe deimeagrafacha nó faoi ‘údar dlisteanach le himní an phobail’.
Dhiúltaigh a chomhghleacaí an tAire Pobal, Gordon Lyons, leithscéal a ghabháil faoi theachtaireacht a d’eisigh sé ar Facebook roimh ionsaí loiscneach ar ionad fóillíochta Latharna. Dúirt sé go raibh a ndúirt sé á chur as a riocht ar mhaithe le cluiche polaitíochta. Rinneadh diancheistiú air ach bhí sé neamhghéilliúil. Níor mhaolaigh an bhabhtáil an teannas idir an DUP agus páirtithe eile.
Tá míshuaimhneas faoi leagan amach roinnt sa pháirtí, chomh maith leis an TUV, faoi cad is brí le ‘inimirceach neamhdhleathach gan cháipéisí’. Siad teifigh nó iarrthóirí tearmainn a bhíonn gan cháipéisí go hiondúil, ach níl dídean á tabhairt ag na húdaráis d’oiread is iarrthóir tearmainn amháin ar an mBaile Meánach.
Ardaíodh ceisteanna freisin faoi ról na bparaimíleatach dílseach sna círéibeacha. Creideann móramh na ndaoine nach dtarlódh foréigean i gceantair dhílseacha gan cead ó na paraimíleataigh. Dúirt an PSNI nach raibh fianaise acu gur eagraigh paraimíleataigh an trioblóid, ach dúirt an Príomh-Chonstábla go raibh cuid acu ar na sráideanna.
Tá seantaithí abhus ar fhuath don ‘eile’. Ar an mórgóir siad na hinimircigh an dream ‘eile’ anois. Is truamhéalach agus scanrúil an scéal é seacht mbliana fichead i ndiaidh Chomhaontú Aoine an Chéasta go bhfuil glúin nua á hoiliúint faoi lipéad nua sna sean-nósanna, an ciníochas agus an scéin a ghabhann leis do dhaoine goilliúnacha.
Tá práinn leis an obair atá fógartha ag an Aire Givan san dá scoil ar an mBaile Meánach agus tá géarghá léi. Tá obair i ngach scoil, sa tsochaí fré chéile agus i measc na bpolaiteoirí riachtanach. Ní mór tabhairt faoin mbréagaisnéis a scaiptear amhail loscadh sléibhe agus an tuiscint nó an fheasacht a thabhairt do dhaoine go bhfuil ciníochas doghlactha.
Fág freagra ar 'Siad na hinimircigh an dream ‘eile’ anois sa Tuaisceart'