Deir bean, ar Gaeilgeoir agus Giúdach í, a gabhadh ag léirsiú ar son Gaza i mBéal Feirste, gur cuid dá hoidhreacht Ghiúdach é tacú le muintir na Palaistíne.
Dé Sathairn seo caite gabhadh Sue Pentel agus Martine McCullough agus iad ag léirsiú taobh amuigh de bhrainse de Bhanc Barclays ag Plás an Chiasleáin i mBéal Feirste in éadan an chinedhíothaithe in Gaza.
Cuireadh i leith Sue Pentel, Gaeilgeoir agus gníomhaí aitheanta as Béal Feirste, go ndearna sí damáiste coiriúil trí ghreamáin a chur ar uathmheaisín bainc de chuid Barclays Bank.
Tá lucht agóide ar son na Palaistíne ag díriú ar bhrainsí Barclays agus iad ag iarraidh go n-éireodh an banc as a bheith ag déanamh infheistíochta i gcomhlachtaí áirithe.
Seanmháthair 72 bliain d’aois í Sue Pentel atá ina ball den ghrúpa Giúdaigh ar son na Palaistíne. Iarstiúrthóir í ar Ionad Uíbh Eachach, an t-ionad Gaeilge i mBéal Feirste.
Bhí sí ar dhuine de bhunaitheoirí Ghaelscoil na bhFál agus bhí baint aici freisin le bunú na chéad naíscoile Gaeilge ar Bhóthar na bhFál agus na chéad seirbhíse cúraim lae Gaeilge sa tuaisceart.
Bíonn Sue Pentel agus feachtasóirí eile ag léirsiú taobh amuigh de Bhanc Barclays achan Satharn agus iad ag iarraidh ar dhaoine baghcat a dhéanamh ar an mbanc. “Tá siad ag tabhairt tacaíochta airgeadais don chinedhíothú,” arsa Sue Pentel.
“Tá Barclays ar cheann de na bainc is mó a bhíonn ag láimhseáil bannaí cogaidh rialtas Iosrael…Tá rialtas Iosrael ag díol na mbannaí seo le hairgead a shaothrú le bheith ábalta na buamaí agus an ‘hardware’ a cheannach agus an cinedhíothú ag dul ar aghaidh.”
Bhí thart ar leathdhosaen ag léirsiú taobh amuigh den bhanc Dé Sathairn seo caite. “Bhí mé mall, níor tháinig mé go dtí deich i ndiaidh a haon déag agus faoi fiche a haon bomaite i ndiaidh a haon déag bhí mé sa jíp,” arsa Sue Pentel. “Tharla sé chomh gasta sin.”
Tugadh go beairic Sráid Musgrave í ansin. “Táimid ag séanadh go láidir na líomhaintí go ndearnadh damáiste coiriúil,” a deir sí.
“Tá sin iomlán as ord. Agus nuair a smaoiníonn tú ar na rudaí atá ag tarlú in Gaza agus sa Bhruach Thiar, agus an méad daoine a fuair bás de bharr buamaí Iosrael.”
Luaigh sí cás an dochtúra in Gaza, Alaa al-Najjar, ar maraíodh naonúr dá deichniúr páistí in aerionsaí de chuid Iosrael.
“Tá sé dochreidte ar fad go raibh am acu amharc orainn, seisear againn, ag seasamh ansin go ciúin, ag labhairt le daoine,” ar sise.
“Ní raibh muid ag déanamh damáiste, ní raibh muid ag déanamh rud ar bith as ord.”
Ocht n-uair an chloig a chaith sí i stáisiún an PSNI agus dar léi go bhfuil na péas ag cur “am amú”.
“Nuair a bhí daoine eile ag iarraidh na péas, ní raibh siad le fáil.”
Seachas sin ní raibh deacracht aici leis an dóigh ar caitheadh léi le linn di a bheith á coinneáil. Chuir sí ceist ar phóilín amháin cé a shocraigh í a ghabháil. “Not me,” a d’fhreagair sé.
Níor phléigh sí sonraí eile a cáis, ar chomhairle dlíodóra s’aici.
“An rud a thig liom a rá, gur tharla a leithéid roimhe,” ar sise. “Seo sé mhí atáimid ag déanamh seo gach Satharn, taobh amuigh de Barclays. Ní hé seo an chéad uair gur cuireadh greamán ar Barclays Bank, agus níor tharla rud ar bith roimhe seo.”
Nuair a rinne an banc gearán an uair seo, “tháinig na péas go han-gasta,” ar sise. Go bhfios dí, bhí an t-uathmheaisín ag obair an t-am ar fad.
Deir Sue Pentel gur cuid dá dúchas Giúdach é seasamh leis na Palaistínigh agus “tacú le daoine go bhfuil cuidiú de dhíth orthu”.
“Táimid glan in éadan mhí-úsáid stair na nGiúdach, d’fhulaingt na Giúdaigh, mar leithscéal don chinedhíothú. Tá daoine go raibh clann acu san uile-loisceadh ag rá go bhfeiceann siad an rud céanna ag tarlú. Táimid ag rá – ná déan in ár n-ainmse é.”
Tá comhad a bhaineann le damáiste coiriúil cuirtha faoi bhráid na Seirbhíse Ionchúisimh Phoiblí.
Tá cosaint déanta ag an PSNI ar an tslí a gabhadh an bheirt bhan ag an léirsiú Dé Sathairn seo caite.
Dúirt an Leas-Phríómh-Constábla Ryan Henderson gur féachadh ar an taifeadadh de ghabháil na mban agus go rabhthas sásta go raibh iompar na bpóilíní cuí agus de réir an dlí.
Aonghus Mac an tSaoir
Díol suime go mbíonn tuairisciú á dhéanamh ag Tuairisc.ie ar gach cineál léirsithe ar son na Pailistíne, ach nach ndearna sibh trácht ar bith ar an lánúin óg Iosraelach a dúnmharaíodh lasmuigh d’iarsmalann Ghiúdach i Meiriceá an tseachtain seo caite, agus an t-ionsaitheoir ag béicíl manaí ar son na Palaistíne nuair a gabhadh é. Gach seans go mbeidh impleachtaí aige sin ar an gcogadh agus is léiriú é ar an méid a tharlaíonn nuair a bhíonn fuath agus naimhdeas á gcothú i leith na nIosraelach lá i ndiaidh lae. Dá mba rud é gur beirt taidhleoirí Pailistíneacha a maraíodh, an mbeadh sé á chlúdach ag an suíomh seo? Gan dabht!
Seans maith nach bhfoilseofar mo thrácht go ceann seachtaine nó mar sin – tuigim go mbíonn eagarthóir an tsuímh seo an-ghnóthach ar fad, róghnóthach chun tráchtanna a fhaomhadh (go háirithe tráchtanna nach dtaitníonn leis).
Paul Laughlin
An té nach bhfuil an bhróg ag luí air, ba chóir dó bheith ag tacú leis an té a bhfuil sí ag luí air. Is laoch Sue ar son mhuintir Gaza. Bua is treise lei !!
Nioclás Pól Caileán de Ghloucester
Is barróg choiteann Béarlachais clúdach (gan bhrí ceilte) in áit nochta.
Dónal deRóiste
Níl son dul as. Níl cogaidh gan bás agus sibhialtigh is mó atá marbh. Seo é an aois in a bhuilifhimíd. Tá sé thar am stop a chur leis. Bhí an Holocaust míceart agus tá freisin I gcoinne na Palistínigh. Tá sé thar am caint agus síochán a dheanamh.