Liam Óg Ó hAnnaidh ligthe amach ar bannaí agus cion sceimhlitheoireachta curtha ina leith i Londain

Tá sé curtha i leith Liam Óg Ó hAnnaidh, nó Mo Chara, gur thaispeáin sé brat agus é ar stáitse i Londain mar chomhartha tacaíochta le Hezbollah

Liam Óg Ó hAnnaidh ligthe amach ar bannaí agus cion sceimhlitheoireachta curtha ina leith i Londain

Ligeadh amach ar bannaí gan choinníoll Liam Óg Ó hAnnaidh ón mbanna rap Kneecap i ndiaidh dó teacht os comhair na cúirte i Londain, áit ar cuireadh cion sceimhlitheoireachta ina leith.

An 20 Lúnasa an chéad dáta eile don éisteacht. Dúirt an príomhghiúistís Paul Goldspring le Ó hAnnaidh go gcaithfeadh sé a bheith i láthair sa chúirt an lá sin.

Cuireadh an cás siar go dtí an lá sin mar gheall ar cheist faoi cheart na cúirte an cás a éisteacht.

Mhaígh abhcóide an rapálaí go raibh an iomarca ama caite, de réir reacht na dtréimhsí a mhair sé mhí, idir an uair ar tharla an eachtra ina líomhnaítear gur sháraigh Ó hAnnaidh an dlí agus an uair a cúisíodh é. Dúirt an giúistís nach mbeadh aon triail ann dá mba amhlaidh an scéal ach d’easaontaigh an t-ionchúisitheoir le maíomh lucht dlí an chosanatóra.

Pléifear ceist reacht na dtréimhsí ar an 20 Lúnasa agus má leantar ar aghaidh leis an gcás déanfaidh Liam Óg Ó hAnnaidh pléadáil a thaifead agus beidh triail ann lá níos faide anonn.

Dúirt foireann dlí an rapálaí gur chabhair a bheadh ann dá mbeadh ateangaire Gaeilge ar fáil don triail féin. Fiafraíodh sa chúirt de Ó hAnnaidh ar mhaith leis ateangaire Gaeilge ach dúradh nach rabhthas ábalta ceann a fháil don lá inniu.

Éisteacht an-ghairid a bhí ann agus níor labhair an cosantóir ach amháin chun a dheimhniú don chúirt cérbh é. I nGaeilge a thug sé a ainm.

Thug an slua a bhí bailithe taobh amuigh de Chúirt Dúiche Westminster bualadh bos mór don rapálaí, a raibh spéaclaí gréine agus keffiyeh air nuair a tháinig sé amach ón gcúirt.

Tá sé curtha i leith Liam Óg Ó hAnnaidh, nó Mo Chara, gur thaispeáin sé brat agus é ar stáitse i Londain mar chomhartha tacaíochta le Hezbollah, eagraíocht a bhfuil cosc orthu.

Tharla an eachtra nuair a bhí Kneecap agus Ó hAnnaidh, atá 27 bliain d’aois agus arb as Béal Feirste dó, ar stáitse i bhFóram an O2 i mBaile Kentish, Londain, ar an 21 Samhain 2024.

Deir Kneecap go bhfuil an cás mar chuid d’iarracht a mhaíonn siad atá ar siúl ag na húdaráis iad a chur ina dtost agus aird daoine a tharraingt ón gcáineadh leanúnach neamhbhalbh atá déanta acu ar an gcinedhíothú atá ar bun ag Iosrael in Gaza.

“Séanaimid an ‘cion’ seo agus déanfaimid sinn féin a chosaint go láidir, póilíneacht pholaitiúil atá anseo, carnabhal mearbhaill atá ann,” a dúirt an grúpa.


X/@ronanduffy_

Dúirt an t-ionchúisitheoir Michael Bisgrove sa chúirt inniu go raibh láncheart ag Liam Óg Ó hAnnaidh tacú le cás mhuintir na Palaistíne ach nár bhain an cás lena thacaíocht don Phalaistín ná a cháineadh ar Iosrael.

Níos túisce ar maidin, tháinig Liam Óg Ó hAnnaidh, arb é Mo Chara a ainm stáitse, go dtí an chúirt in éineacht le beirt bhall eile Kneecap, Naoise Ó Cairealláin (Móglaí Bap) agus J J Ó Dochartaigh (DJ Próvaí).

Bhí t-léinte a raibh ‘Free Mo Chara’ orthu á gcaitheamh ag an mbanna.

Faoin am a bhain an triúr Cúirt Dúiche Westminster amach bhí slua mór dá lucht tacaíochta bailithe chun tacú leo.

Bhí plaicird agus bratacha á n-iompar ag go leor mar thacaíocht le Ó hAnnaidh, Kneecap agus an Phalaistín.

Ar na bratacha a bhí le feiscint, bhí cinn mhóra a raibh ‘Free Speech, Free Palestine’ breactha orthu.

Bhí gach aon gháir mholta nuair a tiomáineadh veain thar bráid a raibh an mana ‘More Blacks, More Dogs, More Irish, Mo Chara’ air, an mana céanna atá ar na cláir mhóra fógraíochta a chroch Kneecap ar fud Londan roimh thús an cháis.

Shiúil Kneecap suas staighre na cúirte agus d’fhéach siad amach ar an slua ag beannú dóibh.

Agus iad ag fanacht ar thoradh an cháis agus filleadh Kneecap, chan an slua ‘Free, free, Palestine’, ‘Free Palestine, free mo chara’ agus ‘Óró Sé do Bheatha Abhaile’. Tugadh óráidí faoi chás mhuintir na Palaistíne agus faoin tsaoirse cainte.

Tá Liam Óg Ó hAnnaidh os comhair na cúirte mar go bhfuil sé curtha ina leith go ndearna sé cion faoi Alt 13 d’Acht Sceimhlitheoireachta na Ríochta Aontaithe.


X/@TommyMeskill

Deir an tAlt sin gur cion é ag láthair phoiblí ball éadaigh a chaitheamh nó rud éigin eile a chaitheamh, a iompar nó a thaispeáint ar shlí a chothódh cúis réasúnta amhrais gur ball nó duine de lucht tacaíochta tú d’eagraíocht faoi chosc.

De réir na reachtaíochta d’fhéadfaí tréimhse príosúin suas le sé mhí nó fíneáil nó an dá rud a ghearradh ar an té a chiontófaí faoi alt 13. Baineann dliteanas dian le cion faoi alt 13, rud a chiallaíonn nach gá do na cúisitheoirí a chruthú gur d’aon ghnó a rinneadh an cion.

Tá na scórtha ceoltóir ag tacú le Kneecap, ina measc Paul Weller, Pulp, Massive Attack, Primal Scream, Fontaines DC agus Christy Moore.

Deir Kneecap go bhfuil an dream atá “ag déanamh airgid ar an gcinedhíothú” úsáid an “dlí in aghaidh na sceimhle” ina gcoinne “toisc gur thaispeáin muid bratach a caitheadh aníos ar an stáitse”.

Deir siad gur “cúiseamh” é nach bhfuil fiú “sách tromchúiseach” le go n-éistfí é i gCúirt Chorónach seachas “i gcúirt nach bhfuil aon ghiúiré inti”.

“Cén aidhm atá leis sin? Le srian a chur lenár gcumas taistil. Le cosc a chur orainn labhairt le daoine óga ar fud an domhain. Le glórtha na comhbhá a chur ina dtost. Leis an dlí a chur ar ealaíontóirí a mbíonn sé de mhisneach acu labhairt amach.”

“In áit cosaint a thabhairt do dhaoine neamhchiontacha agus do phrionsabail an dlí idirnáisiúnta a mhaíonn siad a seasann siad leo, is amhlaidh a chuidigh lucht cumhachta na Breataine leis an sléacht agus an gorta in Gaza, díreach mar a rinne siad ar feadh na gcéadta bliain in Éirinn. Mar a dhéanann siad anois, mhaígh siad an uair sin freisin go raibh údar acu.

“Is iad aonaid an IDF [Fórsaí Cosanta Iosrael] a gcuireann siad airm ar fáil dóibh agus a ndéanann siad misin spiaireachta eitleán ar a son na fíorsceimhlitheoirí, is léir don saol mór é sin.”

Fág freagra ar 'Liam Óg Ó hAnnaidh ligthe amach ar bannaí agus cion sceimhlitheoireachta curtha ina leith i Londain'

  • Aonghus Mac an tSaoir

    Táimse féin sách breán de na scéalta iomadúla faoi Kneecap.

    Feicim go bhfuil Dia beag déanta díobh i saol na Gaeilge, ach murach a gcuid tuairimí láidre polaitiúla, an mbeadh aon iomrá orthu in aon chor? Bheidís fós ag seinm ag Féile na Gealaí (féile a thréig siad a luaithe is a bhain siad cáil amach, dála an scéil), is dócha.

    Is cineál provocateurs iad a chuireann gothaí na híosaicme orthu féin chun gur féidir leo ról na n-íospartach a bheith acu.

    Nach bhfuil glóiriú á dhéanamh acu ar chéasadh agus ar chiapadh a ndaoine féin ó Thuaidh le linn na dTrioblóidí?