Súil le fógra faoi choimisinéir go luath agus a scrúdú Gaeilge déanta ag iarrthóirí

Chuir roinnt mhaith daoine isteach ar phost an Choimisinéara don Ghaeilge agus tá na scrúduithe C2 Gaeilge curtha díobh ag na hiarrthóirí a bhfuil agallaimh á gcur orthu

Súil le fógra faoi choimisinéir go luath agus a scrúdú Gaeilge déanta ag iarrthóirí

D’fhéadfadh sé go mbeadh fógra le déanamh faoin gcéad Choimisinéir don Ghaeilge sa Tuaisceart ag tús na míosa seo chugainn.

Tuigtear do Tuairisc gur an tseachtain seo agus an tseachtain seo chugainn atá formhór na n-agallamh don phost ar siúl agus go bhfuil roinnt mhaith daoine istigh ar an gcomórtas do ról an Choimisinéara Gaeilge.

Tuigtear do Tuairisc gur chuir roinnt mhaith daoine isteach ar phost an Choimisinéara don Ghaeilge agus go bhfuil na scrúduithe C2 Gaeilge curtha díobh ag na hiarrthóirí a bhfuil agallaimh á gcur orthu. Tá caighdeán ‘C2’ sa Ghaeilge ag na hiarrthóirí atá á gcur faoi agallamh an tseachtain seo agus an tseachtain seo chugainn. Rinne na hiarrthóirí scrúdú teanga a dearadh go speisialta in Ollscoil Uladh don fholúntas seo.

Dúirt LeasChéad-Aire an Tuaiscirt, Emma Little-Pengelly, sa Tionól an tseachtain seo caite go raibh na hagallaimh don ról sin agus do ról an Choimisinéara don Traidisiún Albanach-Uladh agus Briotanach le reáchtáil go luath.

Táthar ag súil go mbeidh moltaí faoi na hiarrthóirí don dá ról á gcur faoi bhráid an Chéad-Aire Michelle O’Neill agus an LeasChéad-Aire Emma Little-Pengelly ag deireadh na míosa seo nó ag fíorthús na míosa seo chugainn.

D’fhéadfadh sé go nglacfaí leis na moltaí ar an bpointe boise agus go ndéanfaí fógra faoi na coimisinéirí nua go gairid ina dhiaidh sin. Dúirt cúpla duine a bhfuil spéis acu sna ceapacháin le Tuairisc go bhfuil siad ag súil le fógra i mí Iúil.

Mar sin féin, d’fhéadfadh rudaí go leor moill a chur ar an gceapachán nó ar an bhfógra. Caithfidh, mar shampla, an bheirt cheannairí aontú faoi na ceapacháin agus sa chás go mbeadh easaontas ann chaithfí é sin a réiteach sula ndéanfaí aon fhógra.

D’fhéadfadh sé freisin go mbeadh baill tofa na bpáirtithe móra míshásta le cinneadh a gceannairí agus go gcuirfeadh achrann inmheánach faoi na ceapacháin moill ar chúrsaí.

Tá sos an tsamhraidh ag druidim linn agus tá an baol ann, sa chás go mbeadh moill ar chúrsaí, gur i ndiaidh an tsosa sin, san fhómhar, a d’fhillfí ar an obair agus nach ndéanfaí aon fhógra go dtí go dtiocfadh feisirí Lios na Scáth i gcomhairle a chéile arís tar éis an tsamhraidh.

Cé go maítear go bhfuil go leor daoine istigh ar an ról Gaeilge, níl aon ainm tagtha chun cinn go fóill mar an té is dóichí a fhógrófar ina Choimisinéir don Ghaeilge. Ar na daoine is mó a bhí á lua leis an ról cheana bhí Pól Deeds, leas-phríomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge; Aodhán Ó Conghaile, ceannaire ar oifig Fheidhmeannas Thuaisceart Éireann sa Bhruiséil; agus Áine Walsh, stiúrthóir an Chiste Craoltóireachta Gaeilge ag Northern Ireland Screens.

Glactar leis go bhfógrófar an bheirt Choimisinéirí in éineacht nuair a bheidh na ceapacháin déanta. Is é an duine is mó atá á lua le ról an Choimisinéir don Traidisiún Albanach-Uladh ná Ian Crozier, príomhfheidhmeannach Bhord na hUltaise.

Nuair a fógraíodh próiseas ceapacháin an Choimisinéara Gaeilge i mí an Mhárta, dúirt Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Ciarán Mac Giolla Bhéin, gurbh é “ceann de na forbairtí is mó agus is stairiúla i stair na Gaeilge” agus go raibh an “fhoráil is lárnaí san Acht Gaeilge nua” á comhlíonadh ag Feidhmeannas an Tuaiscirt.

Gealladh go gceapfaí Coimisinéir Gaeilge ó thuaidh sa chomhaontú Ré Nua, Cur Chuige Nua a síníodh in 2020. Tugadh an reachtaíocht isteach a chuir bonn faoin gcomhaontú dhá bhliain ina dhiaidh sin ach bhí moill ar cheapachán na gcoimisinéirí nua ó shin. Cuireadh moill mhór ar chúrsaí nuair a d’fhág an DUP Stormont mar gheall ar na socruithe Breatimeachta a bhí le cur i bhfeidhm.

Is é an ról an bheidh ag Coimisinéirí Teanga ná na caighdeáin teanga a leagan amach do chomhlachtaí poiblí agus iniúchadh a dhéanamh ar ghearáin sa chás go ndéanfadh na comhlachtaí poiblí faillí ina ndualgais teanga.

Fág freagra ar 'Súil le fógra faoi choimisinéir go luath agus a scrúdú Gaeilge déanta ag iarrthóirí'