Seo teachtaireacht phráinneach duit ón bpláinéad…

Sa tsraith mionléirmheasanna seo moltar foilseacháin neamhghnácha. An babhta seo, scairt éadóchais an phláinéid agus íomhánna an tsaoil ó Albain

Seo teachtaireacht phráinneach duit ón bpláinéad…

Scairt éadóchais an phláinéid

The Day May Break
Grianghraif le Nick Brandt
Aistí le Nick Brandt, Yvonne Adhiambo Uwour agus Percival Everett.
In eagar ag Nadine Barth
Hatje Cantz, an Ghearmáin, a d’fhoilsigh

An bua atá ag an ealaíontóir, sa chás seo grianghrafadóir, ná go bhfuil sé in ann scairt éadóchais an phláinéid a chloisteáil agus an scairt sin a chlaochló ina dhán, abair, nó ina ghrianghraf dodhearmadta. Tá gach éinne againn in ann scairt an phláinéid a chloisteáil faoin am seo agus focail ar nós ‘antrapalárnach’ ag teacht isteach sa chaint chun go dtuigfimis cúiseanna na géarchéime.

Is i dtearmainn ainmhithe a glacadh na grianghraif seo. Ní bheidh aon cheann de na hainmhithe ann ar ais ina áit dúchais go deo arís. Feictear na grianghraif go léir trí cheo éigin agus ardaítear an cheist, an ngealfaidh an lá go deo?

 

Íomhánna an tsaoil…

Byways
Téacs agus grianghraif le Roger A. Deakins
Foilsithe ag Damiani

Munar saineolaí scannán thú, ní aithneoidh tú ainm an tSasanaigh Sir Roger A. Deakins. Ba eisean an cineamatagrafaí laistiar de scannáin ar nós Kundun (Martin Scorsese), Fargo (na Deartháireacha Coen) agus go leor eile. Thuill sé cúpla Oscar dó féin chomh maith, ceann acu le haghaidh Blade Runner 2049. Tá a shaol caite aige le híomhánna, mar sin bheifeá ag súil le saothar suaithinseach uaidh sa leabhar grianghraf seo, Byways.

Tógadh an grianghraf seo i nGleann Èite na hAlban, áit a luaitear san Fhiannaíocht.

Fág freagra ar 'Seo teachtaireacht phráinneach duit ón bpláinéad…'