Seo gúnaí deasa atá ar fáil ar líne d’ócáidí bainise, bíodh siad ann nó ná bíodh!

Rogha de sheacht ngúna ar phraghsanna idir €50 agus €200 molta ag ár gcomhfhreagraí

Seo gúnaí deasa atá ar fáil ar líne d’ócáidí bainise, bíodh siad ann nó ná bíodh!

Bhí mé ag caint le bean le gairid a raibh díomá mhór uirthi go raibh an bhainis a raibh cuireadh aici chuici curtha ar athlá go mbeidh faoiseamh againn ón víreas marfach Covid-19. 

“Mar bharr ar an donas,” a dúirt sí “is fada an lá ó chonaic mé an oiread gúnaí deasa ar fáil ar líne a d’fheilfeadh dom le dul ar bhainis!”

Chaithfinn dul ag breathnú go bhfeicfinn féin!   

Rith sé liom nach ar an mbean sin amháin a bhí díomá faoi bhainiseacha a bheith á gcur ar athlá. 

Is iomaí lánúin a raibh sé i gceist acu pósadh i mbliana a bhfuil díomá an domhain orthu féin gurbh éigean an phleanáil agus na socruithe ar fad a bhí déanta acu a chaitheamh ar leataobh.

Tá léas dóchais éigin le fáil acu, más beag féin é, sna céimeanna deiridh d’fhógra an Rialtais faoin imeacht ón ndianghlasáil.  

Ceadófar bainiseacha beaga i gcéim a ceathair (20 Iúil) agus bainiseacha níos mó i gcéim a cúig (10 Lúnasa). Ní thugtar aon sainmhíniú ar a bhfuil i gceist le ‘beag’ agus ‘níos mó’ sna cásanna seo ach beidh treoracha áirithe faoin scaradh sóisialta i bhfeidhm fós ag an tráth sin.

Is deacair bainis a shamhlú faoi na coinníollacha sin agus is dócha, ó tharla costas mór a bheith ag baint leo, go gcuirfidh formhór na lánúineacha a gcuid ócáidí ar athlá ar feadh tréimhse níos faide ná sin.  

Ach céard faoi na gúnaí deasa d’aíonna bainise a dúradh liom a bhí le fáil ar líne?

Seo cuid de na cinn a thaitin liom féin agus b’fhéidir nár mhiste dul sa seans anois agus ceann a cheannach don chuireadh bainise sin a thiocfaidh i do threo arís, luath nó mall.



1. Gúna ildaite bláthach ó Topshop ar €49

Is breá liom an patrún atá ar an ngúna seo agus an dath álainn dorcha ar na bláthanna ildaite.

 

2. Gúna cídeoige ó & Other Stories ar €79

Is minic ráite agam gurb é an gúna cídeoige mo chéadrogha féin i gcónaí. Tá an ceann seo ó & Other Stories ar fáil in ocht gcinn de dhathanna eile freisin. 

 

3. Gúna ar dhath na fiúise ó Zara ar €99

Is maith liom an dearadh deas, cruth na simplíochta agus an dath ar leithligh ar an gceann seo.

 

4. Gúna pléatáilte ar dhath buí ó ASOS ar €76.04

Seo an gúna is fearr ar fad a thaitin liom. Is maith liom go bhfuil sé éadrom, simplí agus ar dhath álainn – oráiste-buí a thabharfaí air, is dócha. 

 

5. Gúna coirníneach ó H&M ar €49.99

A luaithe agus a chonaic mé an gúna seo ó H&M ar an bpraghas iontach seo, chuir sé gúna eile i gcuimhne dom – ceann ó Needle & Thread a raibh costas suas le €400 luaite leis. 

 

6. Gúna dearg pléatáilte ó Mango ar €59.99

Meascán de dhá chineál gúna atá anseo – gúna cídeoige agus gúna pléatáilte. Is breá liom an dath dearg dorcha ar an gceann seo.

 

7. Gúna ar a dtugtar ‘Rubens’ ó Aideen Bodkin ag Arnotts ar €210

Más mian leat tacaíocht a thabhairt do bhranda Éireannach in am seo na géarchéime seo gúna álainn bláthach atá níos costasaí ná na roghanna eile atá agam ach is luach maith ar airgead é ón dearthóir cumasach seo. 

Fág freagra ar 'Seo gúnaí deasa atá ar fáil ar líne d’ócáidí bainise, bíodh siad ann nó ná bíodh!'