Seo Corca Dhuibhne, seo ceol, seo Cooney…

Meabhraíonn ‘Ceol Ársa Cláirsí’ le Steve Cooney dúinn an chumhacht dhiamhair a bhaineann i gcónaí le halbam

Seo Corca Dhuibhne, seo ceol, seo Cooney…

Blianta fada ó shin. Hillgrove an Daingean. Oíche Déardaoin. Cooney agus Begley ar an stáitse. Sleamhnáin agus polcaí á mbualadh amach gan trócaire. Na foinn á léasadh. Poll mór millteanach i ngiotár Cooney. É sáite sa cheol, a cheann ag bogadh ó thaobh go taobh, a chos dheas ag preabadh suas agus anuas, damhsóirí ag preabadh, ag casadh, ag pocléimnigh. Seo Corca Dhuibhne. Seo ceol. Seo Cooney. 

Bhíos faoi dhraíocht ag Cooney agus a chuid ceoil ó shin agus dheineas iarracht i gcónaí éisteacht le gach ar dhein sé; an léiriú a dhein sé ar The Blue Fiddle le Seán Smyth nó ar Celtic Roots Revival le Stockton’s Wing, a chuid ar an gclár teilifíse Sult, nó a albam beag Éiníní. Chuireas mo mhac ag éisteacht leis an sárjab a dhein sé ar rannta Chorca Dhuibhne ar Rabhlaí Rabhlaí.

 Chaitheas tamall le Kíla thíos i Nás na Rí ag taifeadadh albaim san Liffey Arts Research Centre. Bhí cónaí ar Steve Cooney ann ag an am agus chuireas aithne air. Duine fíoréirimiúil, tionscantach, fíorspéisiúil é agus, thar aon ní eile, is duine fíorchineálta é. Bhí sin ar fad le brath uaidh ar TG4 san eagrán de Sé Mo Laoch faoina shaol agus a shaothar a craoladh le déanaí ar an stáisiún sin.

Ba cheann des na nithe ba spéisiúla domsa sa chlár sin ná gur i saothar an chruitire Mary O’Hara a chéad chuala sé ceol Gaelach.

Coicís ó shin d’eisigh Steve Cooney Ceol Ársa Cláirsí, albam úr ar a bhfuil ceithre phíosa dhéag ceoil á sheinnt ar an ngiotár ach ar cumadh ar dtús don chruit iad.

Seo an t-albam a raibh daoine á lorg uaidh le tamall fada. Eisean agus eisean amháin agus é ag seinnt fonn traidisiúnta. Tá atmaisféar ar leith sa cheol – ciúin, calma agus fíorchumasach. Tá an tseinnt beacht. Tá an rithim tomhaiste. Tá an fhuaim milis. Tá beatha agus sláinte sa cheol seo. Tá beatha agus sláinte sa taifead seo. 

Is deacair a thuiscint uaireanta cad chuige saol an cheoil thaifeadta sa lá atá inniu ann. Ach nuair a thagann seod ar nós an albaim seo chugainn tuigimid an tábhacht ar leith a bhaineann leis an rud ar a dtugtar albam air, is é sin bailiúchán ceoil a shníonn na píosaí air le chéile, a shníonn na píosaí air le chéile, a bhfuil na píosaí air fite fuaite lena chéile ar shlí dhiamhair nach bhfuil focail ann le cur síos air ach go dtuigimid na ceangail a bheith ann de bharr shárchumas agus ghrá an tseinnteora agus an ealaíontóra.

Seo Cooney. Seo ceol.

 Gura fada buan inár measc é.

– Tá Ceol Ársa Cláirsí ar fáil anseo

Fág freagra ar 'Seo Corca Dhuibhne, seo ceol, seo Cooney…'