Seo agaibh leabhair Ghaeilge na Bliana 2019…

Má tá ábhar léitheoireachta Gaeilge uait don Nollaig i mbliana ní bheidh ganntanas ort. Seo tús an phota de scagadh Tuairisc.ie ar sholáthar liteartha na bliana seo…

Seo agaibh leabhair Ghaeilge na Bliana 2019…

ÚRSCÉALTA

Sa Teach Seo Anocht, Micheál Ó Conghaile, CIC, €10

Úrscéal gairid cumhachtach corraitheach arbh fhiú a léamh d’aon ruathar amháin. Athair atá ar hob cúl a thabhairt dá chéile agus dá n-áras cónaithe, teach a mhuintire seisean, a labhraíonn i gcaitheamh na reacaireachta. Cuirtear a chaidreamh siúd lena bhean Sinéad agus lena mac Shane faoi chaibidil go truachroíoch. Cé go mbaineann uaigneas leis an scéalaíocht, tá fírinne na healaíne go láidir ann.

Gráinne Gaiscíoch Gael, Siobhán Parkinson, Cois Life, €12

Is iomaí sin leagan de mhiotas Ghráinne Ní Mháille atá ann, ar an gcósta thiar go háirithe. Ach féachann an t-úrscéal stairiúil seo le ceart a thabhairt don phearsa seo mar dhuine, mar bhean, mar cheannaire, mar chéile comhraic. Stíl díreach simplí a chleachtaítear tríd síos agus d’fheilfeadh an leabhar don déagóir agus don fhoghlaimeoir fásta araon.

Tairngreacht, Proinsias Mac a’ Bhaird, LeabhairComhar, €12

Prós ropanta pléascach agus corraíl ar bun i dTír Chonaill, Baile Átha Cliath, Londain, Oileán Í, ar fud chathair ársa na Róimhe agus i gcroílár na Vatacáine féin. Agus i gcaitheamh an ama bíonn an t-iriseoir Conchúr Ó Braonáin ar a mhine géire ag iarraidh adhmad a bhaint as an scéal. Bhain an t-úrscéal eachtraíochta agus comhcheilge seo Leabhar Gaeilge na Bliana ag Duaiseanna Liteartha An Post i mbliana.

GEARRSCÉALTA

Súil, Eithne Ní Ghallchobhair, CIC, €10

Tá géarchúis agus tabhairt faoi deara sna gearrscéalta seo a dhéanann scagadh ar choimhlintí comhaimseartha, sa tSiria agus ar leic an dorais, agus tá béim ar leith ar dhúchas an dúlra. Níl sna mionstaidéir ar nádúr éanlaithe is ainmhithe ach léirithe ar an duine agus an daonnacht, go speisialta nuair atá comháitreabh na scéalaíochta faoi bhagairt na héigeandála timpeallachta. Tá gontacht agus léire le brath sa mháistreacht stíle.

An Diabhal Déanta, Joe Steve Ó Neachtain, CIC, €12

Is í Caitlín Ní Chualáin a dúirt an ceart agus an cnuasach seo á sheoladh aici, go dtarraingíonn Joe Steve ar a chuid grástaí cumadóireachta go léir sa scéal i bhfíordheireadh an chnuasaigh ‘Úr agus Críon na hAoise’ san áit a bhfuil greann, gruaim agus grá in éindí agus an diabhal déanta. Más é comhrá na gcarachtar a chuireann seoladh faoina chuid úrscéalta, grinneas nádúir, mínádúir agus tuisceana a thugann na gearrscéalta seo go céibh, 17 acu ar fad.

Cnámh, Eoghan Mac Giolla Bhríde, Éabhlóid, €14

Má tá cuid de na scéalta sa gcnuasach seo iontach gearr ní locht ar bith orthu é. A mhalairt, is amhlaidh a mhéadaítear ar a gcumhacht dá bharr. Is geall le radhairc scannánaíochta an chuid is cumasaí den scagadh a dhéantar ar charachtair agus suímh. Cuirtear meascán stíleanna inár láthair freisin, cuid de na scéalta sa gcéad phearsa agus cuid eile i bhfuarchúis tuairisciúil an tríú pearsa ach tá an dea-scríbhneoireacht iontu ar fad, agus go speisialta in ‘Teasbhach Samhraidh’.

AISTRIÚCHÁIN

File ar Fhile: An tSraith Iomlán, Cois Life, €60

Tá dánta le hArthur Rimbaud, Antonella Anedda, Antonio Machado, Erich Fried agus Andrée Chedid aistrithe ag Liam Ó Muirthile, Eiléan Ní Chuilleanáin, Tomás Mac Síomóin, Gabriel Rosenstock agus Ailbhe Ní Ghearbhuigh faoi seach. Beidh sciob sceab ar an tsraith iomlán amach anseo ar togra eisceachtúil liteartha é, léirmhíniú ar dhoimhne chultúr liteartha na hEorpa.

An Capall agus a Ghiolla, Antain Mac Lochlainn, An Gúm, €14

An Narniac thú? Más ea, beidh an-sásamh agat ar aistriúchán The Horse agus His Boy a foilsíodh den chéad uair i 1954. Chleachtadh CS Lewis réim ghlé Bhéarla agus tá sárthaispeántas ar ionramháil stíle sa tiontú a dhéanann Antain Mac Lochlainn ar an mbunleagan. Is mór is fiú an réamhrá a léamh ina ndéantar iniúchadh ar fhéiniúlacht Fheirsteach agus Éireannach CS Lewis agus ina dtéitear i ngleic le cuid den chritic atá déanta ar a shaothar.

Asarlaí Oscartha Oz, Johnswood Press, Séamus Ó Coileáin, €10

In 1900 a foilsíodh The Wonderful Wizard of Oz den chéad uair ó pheann L. Frank Baum, Meiriceánach de bhunadh Chúige Uladh. Mura bhfuil ach eolas an scannáin agat ar an scéal is mór is fiú aithne cheart a chur ar Dhorothy na mBróg Airgid, a gadhairín beag dubh Tótó, Cailleach Ghránna an Iarthair, an Fear Bréige, an Fear Coille Stáin, an Meatachán de Leon agus Oz, an tAsaralaí Oscartha sa gCathair Iathghlas. Tá culaith Ghaeilge an leagain seo thar a bheith snasta agus deisbhéalach.

NEAMHFHICSEAN

Laochra na hEolaíochta: lámhleabhar ar stair éachtaí na heolaíochta, Matt Hussey, Coiscéim, €15 crua

Déantar móradh ar na daonnachtaí ach is minic a dhéantar faillí i stair na heolaíochta. Tá an tsiléig sin curtha ina ceart go cruthanta ag Matt Hussey do phobal na Gaeilge. Tugtar cuntas barainneach ar bhreis is 3,500 eolaí, an obair a bhí ar bun acu agus a gcuid gaiscí. Déantar plé speisialta ar oidhreacht eolaíochta na hÉireann agus ar chuid de na dúshláin eolaíochta atá romhainn amach anseo. Is margadh iontach atá san eagrán crua den leabhar ar €15.

An Ghaeilge agus an Éiceolaíocht, Michael Cronin, FÁS, €15

An timpeallacht agus géarchéim na haeráide a roghnaítear mar láthair áitimh is argóna don saothar gairid dátheangach seo a bhfuil scagadh líofa tráthúil le fáil ann ar pholaitíocht, polasaithe agus cultúr intleachtúil na Gaeilge. Téann Michael Cronin go bun an angair ar bhealach fiosraitheach friochanta agus cuireann éagsúlacht an dá leagan go mór le dlús na smaointeoireachta.

Fág freagra ar 'Seo agaibh leabhair Ghaeilge na Bliana 2019…'