Seisiún beo Twitter le bheith ag an gCoimisinéir Teanga

Úsáidfear an haischlib #ctbeo amárach don phlé oscailte a dhéanfaidh an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill leis an bpobal le linn seisiún beo ar Twitter

Rónán Ó Domhnaill
Pictiúr: Seán Ó Mainnín

Tá a chéad sheisiún beo Twitter beartaithe ag an gCoimisinéir Teanga don lá amárach idir 12 agus 1pm. Beidh fáilte roimh an bpobal ceisteanna a chur ar an gCoimisinéir Rónán Ó Domhnaill, a bheidh ar an stiúir ar @ceartateanga, faoi rud ar bith a bhaineann le hobair a oifige ar feadh uair a’ chloig.

Is í foireann na hoifige a bhíonn i mbun giolcaireachta ar an gcuntas de ghnáth.

Dúirt urlabhraí de chuid Oifig an Choimisinéara Teanga le Tuairisc.ie nach ndéanfaí aon teorannú ar cheisteanna ar an gCoimisinéir agus go mbeidh deis ag an bpobal tuairimí an Choimisinéara ar réimse leathan ábhar a lorg.

“Beidh fáilte roimh cheisteanna ar Acht na dTeangacha Oifigiúla, ar ndóigh, ach beidh fáilte roimh cheisteanna atá níos doimhne ná sin: céard é a thuairim ar pholasaí an Stáit i leith na Gaeilge, an Ghaeilge sa Statseirbhís agus araile,” a dúirt an t-urlabhraí.

Deimhníodh freisin go bhfreagrófar ceisteanna a chuirfear ar an gCoimsinéir i nGaeilge nó i mBéarla ag brath ar an dteanga ina gcuirfear iad. Beifear in ann an comhrá a leanacht ar Twitter tríd an haischlib #ctbeo agus ar leathanach baile an Choimisinéara Teanga.

Is é an chéad uair a bheidh a leithéid de sheisiún beo ar siúl ag @ceartateanga ar Twitter, a chláraigh leis an meán sóisialta níos túisce i mbliana.

Tá os cionn 500 duine ag leanacht an chuntais ó shin i leith agus os cionn 320 giolc seolta ina mbíonn eolas faoi obair Oifig an Choimisinéara Teanga agus faoi chearta teanga i gcoitinne.

Bíonn fáilte roimh fhiosrúcháin chuig an gcuntas agus gearáin trí theachtaireachtaí díreacha.

Fág freagra ar 'Seisiún beo Twitter le bheith ag an gCoimisinéir Teanga'