Séanta ag Ollscoil na Gaillimhe go bhfuil Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge le scor 

Tuigtear go bhfuil machnamh á dhéanamh ag údaráis Ollscoil na Gaillimhe ar athruithe móra a dhéanamh ar struchtúr na hinstitiúide Gaeilge agus Gaeltachta

Séanta ag Ollscoil na Gaillimhe go bhfuil Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge le scor 

Tá sé séanta ag Uachtarán Ollscoil na Gaillimhe go bhfuil Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge le scor agus imní mhór ar fhoireann na hinstitiúide faoina bhfuil i ndán dóibh.

Cé gur shéan Uachtarán Ollscoil na Gaillimhe, Ciarán Ó hÓgartaigh, go raibh sé i gceist deireadh a chur leis an Acadamh, tuigtear go bhfuil a machnamh á dhéanamh ag údaráis na hollscoile ar athruithe móra a dhéanamh ar struchtúr na hinstitiúide Gaeilge agus Gaeltachta.

Ar na hathruithe a bhfuil caint fúthu, tá scaipeadh fhoireann an Acadaimh ar ranna éagsúla san ollscoil.

D’fhéadfaí, mar shampla, foireann na cumarsáide san Acadamh a aistriú go dtí aonad na hIriseoireachta agus Léann na Scannán, foireann an aistriúcháin a chur le Scoil na dTeangacha agus foireann na Gaeilge Feidhmí a chur le Roinn na Gaeilge.

Sa chás go scaipfí an fhoireann ní léir cad a tharlódh d’ionaid Ghaeltachta an Acadaimh sa Ghaillimh agus i nDún na nGall.

Scríobh baill foirne de chuid an Acadaimh chuig Cathaoirleach Údarás Ollscoil na Gaillimhe le déanaí lena n-imní a chur in iúl dó faoin gcaint go raibh an tAcadamh Gaeilge agus Gaeltachta le scor.

“Is mian liom a chur in iúl go bhfuil ráflaí cloiste againn go bhfuiltear le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge a scor agus gan aon phlé déanta le foireann an Acadaimh faoi seo go dáta,” a dúradh i litir na mball foirne.

“Ní léir ach oiread céard iad na himpleachtaí atá aige seo d’fhoireann an Acadaimh ná d’fheidhmiú dhualgais reachtúla na hOllscoile i leith cúrsaí céime agus iarchéime a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge sa todhchaí. Cúis bhuartha ollmhór é seo dúinn agus ba mhór againn soiléiriú a fháil ar na ceisteanna seo chomh luath agus is féidir.”

Uachtarán na hollscoile, Ciarán Ó hÓgartaigh a d’fhreagair an comhfhreagras sin.

“Mar is eol duit, tá an Ghaeilge lárnach i straitéis na hollscoile, agus an tAcadamh agus (mar shampla) ‘Forbairt Ionaid na Gaeltachta’ lárnach inár straitéis don Ghaeilge.

“Le bheith soiléir, níl aon phlean Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge a scor ach, go deimhin, tacú leis an gcur chuige mar is cuí,” arsa Uachtarán Ollscoil na Gaillimhe.

Chuir baill foirne an Acadaimh fáilte roimh shoiléiriú an Uachtaráin, ach níor chuir sé deireadh leis an éiginnteacht mhór faoi cad atá i ndán don institiúid a bunaíodh in 2004 chun an ollscolaíocht trí Ghaeilge a chur chun cinn sa Ghaeltacht.

Tuigtear do Tuairisc go mbeidh cruinniú an tseachtain seo chugainn ag lucht bainistíochta an Acadaimh le lucht bainistíochta Choláiste na nDán, na nEolaíochtaí Sóisialta agus an Léinn Cheiltigh agus go bpléifear ag an gcruinniú sin a bhfuil i ndán don Acadamh.

Fág freagra ar 'Séanta ag Ollscoil na Gaillimhe go bhfuil Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge le scor '

  • Sibéal

    Lig an tír síos sinn nuair nár bunaíodh olscoill Ghaelach.
    Má tá Gaeil óga Eorpacha bréan do bheith báite i gcultúr teoranta AnglaMheirceánach olscoileanna na h-Éireann tá sé riachtanach a bheith líofa i gceann de theangacha na MórRoinne agus saol eile a bhlaiseadh.

  • Pól Ó Braoin

    Níl ollscoil ghaelach le fáil i bhfírinne, muis… Déan do chuid bunscolaíochta i nGaeilge agus is beag Gaeilge a bheas fanta agat tar éis na meánscoile béarla a chaithfeas tú a chur díot, gan caint a bith a dhéanamh ar an ollscoil ghaelach

  • CC

    – Briseadh suas an Acadaimh/Scaipeadh fhoireann an Acadaimh ar ranna éagsúla san ollscoil

    Is ionad é an tAcadamh ina bhfuil an Ghaeilge feidhmiúil mar phríomhtheanga. Níl aon áit eile in Éirinn cosúil leis sin. Is é an tAcadamh an rud is gaire atá againn do hOllscoil Ghaelach.

    Deir Uachtarán Ollscoil na Gaillimhe nach bhfuil aon phlean Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge a scor, ach, b’fhéidir i ngan fhios dó, b’ionsaí mór é seo ar an teanga agus ar Ghaelachas.

  • Páid Ó Donnchú

    D’éirigh leis an straitéis an Ghaeilge a dhílárú ón ollscoil go dtí an Cheathrú Rua. Bhí reachtaíocht ag teastáil ár ndóigh.
    Agus é sin déanta níl aon ghá leis an lonnaíocht iargúlta a thuilleadh.
    An bhfuil a fhios agaibh go bhfuil Galway thar a bheith taitneamhach mar íomhá i measc mic léinn idirnáisiúnta?

    Mar sin dún do bhéal faoi dhearcadh eile agus ollscoil do na Gaeil más é bhur dtoil é.

  • Mícheál Ó Flaithearta

    Caithfidh sé gurb shin é an fáth gur hathraíodh ainm na hollscoile (NUIG) go dtí Ollscoil na Gaillimhe. No Use for Irish in Galway.