Séanta ag an Aire Cumarsáide gur thug sé ‘eolas ón dtaobh istigh’ do chomhairleoir caidreamh poiblí a ghlaoigh air thar ceann INM

Dúirt an tAire go ndearna sé gach rud de réir ‘fuarlitir an dlí’, ach chuir ceannaire Shinn Féin ina leith gur loic sé ina dhualgas mar Aire

Séanta ag an Aire Cumarsáide gur thug sé ‘eolas ón dtaobh istigh’ do chomhairleoir caidreamh poiblí a ghlaoigh air thar ceann INM

Tá ráite ag an Aire Cumarsáide nár thug sé aon “eolas ón taobh istigh” do chomhairleoir caidreamh poiblí maidir leis an bplean a bhí ag Independent News & Media (INM) go gceannófaí Celtic Media.

Tuairiscíodh ar an Irish Times inniu gur cuireadh ar an eolas Denis O’Brien go raibh sé i gceist ag an Aire Naughten cás ceannach Celtic Media a chur faoi bhráid an BAI.

Ag labhairt dó sa Dáil tráthnóna shéan an tAire Naughten gur “eolas ón dtaobh istigh” a bhí san eolas a thug sé ar an bhfón don chomhairleoir caidreamh poiblí Eoghan Ó Neachtain, a ghlaoigh air thar ceann INM.

“Níl tada mícheart ná míchuí domsa, mar aire, a rá…má théann plean ar bith maidir le meáin a chumasc ar aghaidh, go nglacfaidh mé comhairle maidir lena chur faoi bhráid Údarás Craolacháin na hÉireann. Ní eolas ón taobh istigh, ach léargas ar an reachtaíocht féin,” a dúirt an tAire Cumarsáide.

Dúirt an tAire nach raibh aon eolas ón dtaobh istigh nó aon “eolas rúnda” aige agus nach bhféadfadh dá bharr gur scaoil sé a leithéid le Eoghan Ó Neachtain, ar colúnaí rugbaí le Tuairisc.ie é, ón gcomhlacht Heneghan PR.

Mhaígh an tAire go ndearna sé gach rud de réir “fuarlitir an dlí”.

Ghéill sé áfach “gur dóigh gurbh fhearr an rud é” mura dtarlódh an comhrá le Ó Neachtain riamh.

Dheimhnigh an tAire gur labhair sé le Ó Neachtain ar an 10 nó an 11 Samhain 2016 agus go ndúirt an comhairleoir caidreamh poiblí, arb as an Spidéal i gConamara é, leis go raibh an cumasc ceadaithe ag an gCoimisiún Um Iomaíocht agus Cosaint Tomhaltóirí.

“Mo thuairim phearsanta amháin a thug mé, ba é sin gurbh é ba dhóigh a dhéanfaí ná an cás a chur ar aghaidh go dtí an BAI,” a dúirt an tAire Naughten.

Dúirt ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald sa Dáil tráthnóna gur loic Naughten ina dhualgas mar Aire.

Dúirt Eoghan Ó Neachtain go mbeadh a fhios ag an Aire go raibh sé ag obair thar ceann INM agus gur iarr an comhlacht air a fháil amach cén dearcadh a bhí ag an Aire faoin gcumasc a bhí ar na bioráin. Ag labhairt dó le Tuairisc.ie tráthnóna, dúirt Eoghan Ó Neachtain go bhfuair sé amach cén dearcadh a bhí aige faoin scéal agus gur cuireadh an t-eolas sin in iúl don chliant.

“Ní bhaineann sé liomsa céard a rinne siad leis an eolas sin,” a dúirt sé. Thug sé le fios chomh maith tráthnóna go dtiocfadh sé lena ndúirt an tAire Cumarsáide sa Dáil tráthnóna faoin gcomhrá a bhí aige leis.

 

Fág freagra ar 'Séanta ag an Aire Cumarsáide gur thug sé ‘eolas ón dtaobh istigh’ do chomhairleoir caidreamh poiblí a ghlaoigh air thar ceann INM'