Seans ‘iontach beag go deo’ go gciontófar Trump 

Rinne 45 Poblachtánach iarracht stop a chur sa Seanad leis an iarracht Trump a chiontú ar an mbonn go mbeadh sé míbhunreachtúil iaruachtarán a chur ar a thriail

Seans ‘iontach beag go deo’ go gciontófar Trump 

Ní dócha anois go n-éireoidh leis an iarracht iaruachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá Donald Trump a chiontú nuair a chuirfear ar a thriail sa Seanad é an mhí seo chugainn.

Níor thacaigh ach cúigear Seanadóirí ón bpáirtí Poblachtánach leis an rún go gcuirfí Trump ar a thriail sa Seanad.

55 Seanadóir a vótáil ar son Trump a chur ar a thriail agus 45 a vótáil i gcoinne an rúin ach bheadh tacaíocht ag teastáil an mhí seo chugainn ó 17 Poblachtánach chun Trump a chiontú.

Meastar gur ar éigean go mbeadh an tacaíocht sin ar fáil ó tharla go ndearna 45 Poblachtánach iarracht stop a chur leis an iarracht Trump a chiontú ar an mbonn go mbeadh sé míbhunreachtúil iaruachtarán a chur ar a thriail. 

Dúirt an Seanadóir Susan Collins as Maine, duine den chúigear Poblachtánach a vótáil ar son Trump a chur ar a thriail, gur caolseans go gciontófaí.

“Is dóigh liom go bhfuil sé sách soiléir ón vóta inniu [Dé Máirt] gur seans iontach beag go deo atá ann go gciontófar an t-uachtarán. Cuir na suimeanna le chéile.”

67 vóta a theastódh chun Trump a chiontú nuair a chuirfear ar a thriail é sa Seanad ar an 8 Feabhra. 

Tacaíocht 17 Poblachtánach a theastódh dá bharr agus dá mbeadh a leithéid ar fáil ba leor móramh simplí i vóta eile chun é a dhícháiliú ó aon oifig phoiblí arís.

Ba iad an cúigear Seanadóirí Poblachtánacha a thacaigh leis na Daonlathaigh inné ná Susan Collins as Maine, Lisa Murkowski as Alaska, Mitt Romney as Utah, Patrick J. Toomey as Pennsylvania agus Ben Sasse as Nebraska.

Vótáil móramh i dTeach na nIonadaithe i Stáit Aontaithe Mheiriceá ar an 13 Eanáir go ndéanfaí Donald Trump a tháinseamh den dara huair, an chéad uachtarán ar Mheiriceá ar tharla a leithéid dó.

232 a vótáil ar son a tháinsimh agus 197 a bhí ina choinne.

An uair dheireanach ar deineadh táinseamh air i dTeach na nIonadaithe níor thacaigh oiread agus Poblachtánach amháin leis an iarracht, ach vótáil deichniúr acu ar son a tháinsimh an uair seo.

Cúis amháin a cuireadh i leith Trump – “éirí amach a spreagadh”.

Cuirtear i leith Trump gur ghríosaigh sé a lucht tacaíochta chun ruathar a thabhairt ar an gCaipeatól ar an 6 Eanáir. 

Fág freagra ar 'Seans ‘iontach beag go deo’ go gciontófar Trump '

  • Antóin

    Éirí amach gan ghunnaí?

    Ghlacfadh acmhainn grinn a bheidh agat na laethanta seo