Níl tada nua faoi chumhachtaí móra a bheith ag baint úsaid as an gcomhéigean chun a dtoil a chur i bhfeidhm ar thíortha atá níos lú ná iad. Is iomaí tír a bhain úsaid as. Uaireanta an tír a bhí thíos leis ag pointe amháin sa stair bhain sí fhéin leas as ag pointe eile. Seo roinnt samplaí.
Na Cogaí Óipiam (1839–1842; 1856–1860)
Ba streachailt chumhachta idir Impireacht na Breataine agus an tSín iad na Cogaí Óipiam a bhain le hóipiam agus cearta trádála. D’úsáid an Bhreatain a cabhlach agus a cumhacht mhíleata chun iallach a chur ar an tSín calafoirt a oscailt, óipiam a cheadú agus pribhléidí dlí a thabhairt do shaoránaigh na Breataine. Cuireadh iallach ar an tSín conarthaí éagóracha a shíniú, agus chaill sí cuid dá flaitheas agus dá neamhspléachas.
Rás na hAfraice (Deireadh an 19ú hAois)
Rinne cumhachtaí móra na hEorpa—an Bhreatain, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Bheilg, an Iodáil agus an Phortaingéil—concas ar mhór-roinn na hAfraice trí fhórsa míleata agus brú eacnamaíoch. Cuireadh iallach ar go leor pobal glacadh leis an riail choilíneach, gan aon deis dáiríre stocaireacht a dhéanamh ar son a gceart nó a gcuid tailte. Fuarthas smacht ar acmhainní nádúrtha agus ar thrádáil, agus athraíodh struchtúir pholaitiúla na mór-roinne go hiomlán.
Brú SAM ar Mheiriceá Laidineach (Tús go Lár an 20ú hAois)
Bhain Stáit Aontaithe Mheiriceá úsáid as cumhacht míleata agus tionchar eacnamaíoch chun a leasanna straitéiseacha a chosaint i gcríocha mar Chúba, Nicearagua, Háití agus an Phoblacht Dhoiminiceach. Déanadh ionraí ar thíortha agus tugadh tacaíocht do coups d’état chun rialtais a chur i gcumhacht a bheadh fabhrach do SAM.
Tionchar Sóivéadach in Oirthear na hEorpa (1945–1991)
Tar éis an Dara Cogadh Domhanda, leathnaigh an tAontas Sóivéadach a chumhacht ar Oirthear na hEorpa trí rialtais satailíte a bhunú i dtíortha amhail an Pholainn, an Ungáir agus an tSeicslóvaic. Bhí gníomhartha cosanta agus slándála faoi smacht Mhoscó, agus nuair a tharla éirí amach mar a tharla san Ungair in 1956 agus sa tSeicslóvaic in 1968, cuireadh faoi chois iad leis an lámh láidir.
Taidhleoireacht Bád Gunna na Breataine (An 19ú hAois)
Bhain an Bhreatain úsáid as a cabhlach mar uirlis chun cearta trádála agus tionchar polaitiúil a bhaint amach ar fud na cruinne le comhéigean. I go leor cásanna, ba leor long chogaidh a sheoladh in aice le calafort chun iallach a chur ar thír a bhí níos laige conradh nó socrú neamhfhabhrach a shíniú.
Leathnú Impireacht na Rúise go Lár na hÁise (An 19ú hAois)
Rinne Impireacht na Rúise ionradh agus leathnú ar stáit nó ríochtaí neamhpsléacha san Áise Láir, lena n‑áirítear Khiva, Bukhara agus Kokand.
Ionsaithe na hIodáile ar an Aetóip (1935)
Nuair a rinne an Iodáil Fhaisisteach ionradh ar an Aetóip, bhí sé mar aidhm aici impireacht nua a chruthú san Afraic. Ní raibh an Aetóip chomh hardteicneolaíoch ná chomh dea‑armtha leis an Iodáil, agus dá bharr sin cuireadh an tír faoi chois go tapa.
Dar ndóigh, d’fhéadfaí neart samplaí eile a thabhairt.
D’imigh úsáid an chomhéigin i léig tar éis deireadh an Chogaidh Fhuair agus sna cásanna inár úsáideadh é déanadh iarracht mhór, pé acu ionraic nó mí-ionraic, a thabhairt le fios go raibh prionsabail thábhachtacha éigin i gceist agus go rabhthas ag cloí leis an dlí idirnáisiúnta agus go raibh tacaíocht fhorleathan ann don chomhéigean.
Ach anois le hionradh na Rúise ar an Úcráin agus an fuadach a rinne Meiriceá ar Nicolas Maduro táthar ag filleadh ar ré ina maíonn mórchumhachtaí go hoscailte go bhfuil sé de cheart acu comhéigean a úsáid chun iachall a chur ar thíortha atá, dar leo, ina sféar tionchair féin géilleadh dá dtoil. Sea ba dheachtóir é Madruro ach ní dhearna Donald Trump fiú iarracht a chur i gcéill gurbh in an fáth ar gabhadh é, agus nárbh í ola na tíre a phríomhsprioc.
Agus anois ní céim chomh mór sin a bheadh ann an Ghraonlainn a ghabháil ón Danmhairg mar go ‘gcaithfidh’ sí a bheith ag Meiriceá. Bí cinnte go méadaíonn sé seo ar fad an dóchúlacht go n-úsáidfidh an tSín an comhéigean chun iachall a chur ar an Téaváin géilleadh dá toil – mar má tá cead ag Meiriceá agus ag an Rúis é a dhéanamh tuige nach mbeadh cead ag an tSín, go háirithe nuair is féidir leis an tSín a mhaíomh gur chuid den tSín í an Téaváin ar aon nós de réir an dlí idirnáisiúnta?
Fágann sé seo rogha ag tíortha beaga agus tíortha ar mheánmhéid glacadh leis go bhfuil siad mar chuid de sféar tionchair na gcumhachtaí móra agus géilleadh dóibh dá réir, nó iarracht a dhéanamh teacht le chéile le tíortha eile ar an mbonn nach neart go cur le chéile.
Beidh le feiceáil an neartóidh na forbairtí seo an tAontas Eorpach agus tíortha ag iarraidh an fód a sheasamh le chéile, seachas géilleadh ina gceann is ina gceann d’fhorlámhas Mheiriceá agus na Rúise. Ach táimid ar ais i ré an chomhéigin gan cheilt agus mura mbíonn tú sa tseilg, déanfar seilg ort.
Fág freagra ar 'Seancheacht Veiniséala – mura mbíonn tú sa tseilg déanfar seilg ort'