Deir an Coimisinéir Teanga nuacheaptha, Séamas Ó Concheanainn, go bhfuil gá le “beartas náisiúnta” nua i réimse an ardoideachais má táthar le sprioc earcaíochta an Rialtais i leith na Gaeilge a bhaint amach.
In Áras an Uachtaráin tráthnóna, cheap an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn an tríú coimisinéir teanga a bhí ag an stát ó bunaíodh an oifig.
Chuir an tUachtarán “a dhea-ghuí” in iúl don Choimisinéir Teanga nua agus dúirt sé gur “ócáid thábhachtach” a bhí sa cheapachán ó thaobh cearta teanga an phobail a chosaint
“Tógáil croí é a fheiceáil go bhfuil dlúthcheangal anois ag oiread sin daoine ar fud na tíre as gach cúlra, cultúr agus aoisghrúpa leis an teanga. Sa chomhthéacs sin, tá sé níos tábhachtaí ná riamh go gcuirtear ar chumas na ndaoine sin a gcaidreamh leis an Stát a dhéanamh trí Ghaeilge mar chuid dhílis d’úsáid laethúil na teanga ina ngnáthshaol,” a dúirt an tUachtarán Ó hUigínn.
“Tá taithí mhór sa réimse tábhachtach oibre seo ag Séamas Ó Concheanainn agus leanfaidh sé den cheannaireacht láidir atá tugtha ag Coimisinéirí Teanga roimhe seo ó bunaíodh an oifig sin.
Ghabh an tUachtarán buíochas freisin leis an iarChoimisinéir, Rónán Ó Domhnaill, as an “éacht oibre” a rinne sé maidir le cúrsaí teanga le linn a chuid ama sa phost.
Dúirt Séamas Ó Concheanainn go raibh sé “ag súil go mór” le tionchar “suntasach” a bheith aige ar chur le líon agus caighdeán na seirbhísí a bhíonn ar fáil i nGaeilge ón stát.
“Is dea-scéala é go bhfuil reachtaíocht teanga leasaithe (Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021) ag teacht i bhfeidhm i láthair na huaire leis na cearta teanga atá ag pobal na Gaeilge a láidriú,” arsa an Coimisinéir Teanga nua-cheaptha.
“Tá gealltanais shuntasacha sa reachtaíocht teanga nua, ar nós an Phlean Náisiúnta a leagfaidh amach cur chuige na hearnála poiblí, a chuimsíonn breis agus 500 comhlacht poiblí, le freastal cóir agus cothrom a dhéanamh ar phobal na Gaeilge, sa Ghaeltacht agus go náisiúnta.”
Dúirt sé go raibh sé ríthábhachtach go gcomhlíonfaí chomh maith an gealltanas go mbeadh dóthain foirne le cumas sa Ghaeilge ann chun na seirbhísí a chur ar fáil. Chuige sin ba ghá beartas náisiúnta nua i réimse an oideachais, ar sé.
“Teastóidh beart náisiúnta ina mbeidh ról lárnach ag an earnáil ardoideachais trí Ghaeilge leis an acmhainn dhaonna a sholáthar, d’fhíorú na gcearta teanga atá sa reachtaíocht leasaithe.”
Chuir sé “fáilte mhór” roimh “an mborradh follasach” atá tagtha faoi fhógraíocht Ghaeilge ar na meáin chumarsáide faoin reachtaíocht nua, alt 10A d’Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021).
“Is den tábhacht é go mbeadh an Ghaeilge á saothrú mar mheán plé agus dioscúrsa san uile réim phoiblí,” arsa Séamas Ó Concheanainn, arb as Baile an tSagairt sa Spidéal i nGaeltacht Chonamara dó.
Téarma sé bliana atá sa cheapachán.
Beidh cumhachtaí breise ag an gcoimisinéir teanga nua faoin reachtaíocht teanga is déanaí a tugadh isteach. Beidh an chumhacht aige, mar shampla, monatóireacht a dhéanamh ar achtanna eile a bhfuil baint acu le cúrsaí Gaeilge.
Roimhe seo, mar shampla, chaithfeadh an coimisinéir teanga gearán a fháil ón bpobal faoi shárú a bheith déanta ar an Acht Craolacháin nó an tAcht Oideachais sula bhféadfadh sé an scéal a fhiosrú.
Tá an Coimisinéir nua ag tosú amach chomh maith tráth a bhfuil plean náisiúnta earcaíochta á ullmhú chun príomhsprioc uaillmhianach an dlí teanga nua a bhaint amach, is é sin gur Gaeilgeoirí a bheidh in 20% d’earcaigh nua na seirbhíse poiblí faoin mbliain 2030.
De réir na reachtaíochta tá go dtí lár na bliana seo chugainn – an 19 Meitheamh 2024 – ag an gCoiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge chun an Plean Náisiúnta Earcaíochta a ullmhú. Beidh sé mar dhualgas ar an gcoimisinéir teanga nua tráchtaireacht a dhéanamh ar an bplean sin.
Beidh a bhfuil i ndán do chearta teanga faoin gcoimisinéir nua ag brath go mór chomh maith ar an gcóras nua atá geallta le cur le líon agus caighdeán na seirbhísí Gaeilge atá ar fáil ón Stát.
Tá córas bunaithe ar chaighdeáin le tabhairt isteach in áit chóras na scéimeanna teanga, córas a bhí imithe chomh mór sin in aimhréidh sa deireadh gur éirigh an Coimisinéir Teanga deireanach, Rónán Ó Domhnaill, as a bheith ag déanamh monatóireachta air.
Faoi chóras nua na gcaighdeán leagfar síos dualgais chomónta maidir le seirbhísí Gaeilge do chineálacha éagsúla comhlachtaí poiblí ag brath ar an teagmháil a bhíonn acu leis an bpobal.
Is ag obair mar Stiúrthóir in Oifig an Choimisinéara Teanga atá Séamus Ó Concheanainn ó fhómhar 2020 agus chaith sé blianta fada roimhe sin i gceannas ar Ionad Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge i gCarna. Is é a bhí i gceannas freisin ar an tionscadal taighde náisiúnta Fios Físe do TG4 agus do RTÉ Raidió na Gaeltachta agus tá obair déanta aige le comhlachtaí forbartha pobail (Comharchumann Shailearna Teo.), tograí teanga (Coiste Pleanála Teanga Chonamara Láir) agus tograí turasóireachta (Cósta Gaelach Chonamara) in imeacht na mblianta.
Moladh Ó Concheanainn do ról an Choimisinéara i ndiaidh don tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí comórtas a rith.
D’fhógair an t-iarChoimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, ag tús na bliana go raibh sé ag éirí as an bpost chun tabhairt faoi ról nua mar Choimisinéir Forbartha na Meán le Coimisiún na Meán. Is é Ó Concheanainn an tríú duine i ról an Choimisinéara.
Ba é Seán Ó Cuirreáin an chéad Choimisinéir Teanga, agus ceapadh eisean in 2004.
D’éirigh Seán Ó Cuirreáin as post an choimisinéara in 2014 mar agóid in aghaidh fhaillí an stáit i leith na Gaeilge.
Jackie Mac Donncha
Comhghairdeas a Shéamais. Go n-èirí leat.
M
Comhghairdeas, a Shéamais agus go n-éirí go geal leis an obair. Tá fís mhaith agat don ról
Síle
Comhghairdeachas Shéamais! Tá sibh galánta. Ádh mór ort sa ról agus is iontach an ceapúchán do phobal na Gaeilge tú!