Dé Sathairn, 15 Márta
Ciarraí v Ard Mhacha – Páirc Aibhistín de Staic, 5.30in (Beo ar RTÉ) Dé Domhnaigh, 16 Márta
Doire v Maigh Eo – Páirc na gCeilt, 1.30in (Beo ar TG4)
Áth Cliath v Gaillimh – Páirc an Chrócaigh, 7.30in (Beo ar TG4)
Dún na nGall v Tír Eoghain – Páirc Uí Dhomhnaill, 3.30in (Beo ar TG4)
Sa tóir ar áit i gcluiche ceannais na hÉireann a bhí peileadóirí Chiarraí agus Ard Mhacha nuair a chas siad ar a chéile i gcraobh na bliana seo caite ach is ag iarraidh áit a choinneáil i Roinn 1 na Sraithe Peile Náisiúnta atá an dá fhoireann anois agus gan ach cluiche amháin buaite acu ón gcúig bhabhta a tháinig roimhe seo.
Ard Mhacha a bhuaigh an cluiche is déanaí idir na foirne mí Iúil seo caite agus na Ciarraígh sáraithe acu in am breise sula ndeachaigh foireann Kieran McGeeney ar aghaidh chun Corn Mhig Uidhir a bhaint. Tá ag éirí beagáinín níos fearr le hArd Mhacha i mbliana chomh maith agus pointe sraithe ón gcomhscór a bhí acu i gcoinne Mhaigh Eo le cur acu leis na buanna a bhí acu ar Thír Eoghain agus ar Áth Cliath go dtí seo.
D’fhéadfadh go bhfeicfí Rian O’Neill i dTrá Lí den chéad uair sa tsraith, fear a raibh an-tionchar aige ar an gcluiche leathcheannais anuraidh, ach ba cheart go mbeadh díocas ar fhir Chiarraí. Ní hamháin go mbeifear ag iarraidh ruainne díoltais a bhaint amach in aghaidh Ard Mhacha, chuirfeadh bua do Chiarraí aon imní faoi ísliú céime ó dhoras nach mór. Cuimhnigh freisin go bhfuil an dá chluiche baile a bhí ag fir na Ríochta sa tsraithe go dtí seo caillte acu. Níor cheart go mbeadh aon easpa spreagtha orthu. Buille suntasach é, áfach, nach mbeidh fáil acu ar Tom O’Sullivan ná ar Sheán O’Shea don chluiche seo, cé go bhfuil na cosantóirí Gavin White agus Tadhg Morley le filleadh.
Casfaidh dhá dream a chas ar a chéile sa gcraobh anuraidh ar a chéile arís anocht agus Gaillimh ag tabhairt aghaidh ar Áth Cliath i bPáirc an Chrócaigh. Dhíbir na Gaillimhigh fir na príomhchathrach ón gcraobh anuraidh sna babhtaí ceathrú ceannais agus bhí obair mhór ar Dessie Farrell ó shin agus é ag iarraidh a fhoireann a fhorbairt d’uireasa cuid de na fathaigh a d’éirigh as i rith an gheimhridh.
Ach bua a bheith acu anocht bheadh Áth Cliath ar comhchéim leis na Gaillmhigh sa tábla ach bheadh orthu rud a dhéanamh nach bhfuil déanta ag aon dream eile sa tsraith go fóill, sin é foireann Phádraic Joyce a chloí. Trí bhua agus dhá comhscór a bhí ag Gaillimh go dtí seo agus leas bainte acu as na rialacha nua, go háirithe i dtaobh na scóranna dhá phointe. Tá Gaillimh slán agus feicfear anois an bhfuil an Seoigeach ag iarraidh cluiche ceannais a bhaint amach nó an bhfuil leathshúil aige ar an gcraobh.
Tá Damien Comer fós le filleadh ach is údar mór sásaimh é do lucht tacaíochta na Gaillimhe go bhfuil captaen na foirne, Seán Kelly ar a sheanléim agus é ag imirt thar barr i mbliana, mar atá Johnny McGrath sa líne lánchúil agus Shane Walsh, dar ndóigh, sa líne lántosaithe.
Má tá seans ar bith le bheith ag Doire fanacht sa bpríomhroinn, caithfidh siad an bua a fháil in aghaidh Mhaigh Eo amárach. Tá mí-ádh ar bhealach ar Dhoire nach bhfuil ach pointe amháin cláraithe acu go fóill in ainneoin go bhfuil taispeántais mhaithe tugtha acu i gcluichí áirithe ach is tábhachtaí toradh maith ná taispeántas maith faoin tráth seo den tsraith. Níl Maigh Eo slán ó bhaol ach an oiread ach ó tharla dhá bhua agus comhscór amháin bainte amach acu le trí chluiche anuas, tá siad ag dul sa treo ceart ar a laghad.
Dream eile a bhfuil toradh maith de dhíth orthu ná Tír Eoghain, atá sa seachtú háit faoi láthair le trí phointe. Ní bheidh siad ag súil go ligfear tada éasca leo i Leitir Ceanainn amárach ach beidh Malachy O’Rourke ag súil go mbeidh Dún na nGall ag ligean na maidí le sruth beagáinín roimh thús na craoibhe. Cinnte ní bheidh Jim McGuinness ag iarraidh cluiche ceannais na sraithe a bhaint amach agus na Conallaigh le haghaidh a thabhairt ar Dhoire i réamhbhabhta Chraobh Uladh an tseachtain ina dhiaidh.
Fág freagra ar 'Seaimpíní na hÉireann le sárú ag Ciarraí más leo a gcéad chluiche baile a bhuachan'