‘Tá dhá lánúin le chéile mar gheall ar oícheanta Reic’ – an oíche filíochta ag ceiliúradh deich mbliana

Tá an ócáid filíochta Reic ag ceiliúradh deich mbliana a bunaithe. Labhair Tuairisc lena bunaitheoir, Ciara Ní É

‘Tá dhá lánúin le chéile mar gheall ar oícheanta Reic’ – an oíche filíochta ag ceiliúradh deich mbliana

Beidh an ócáid filíocht ó bhéal Reic ag ceiliúradh deich mbliana a bunaithe i gcaifé Bewley’s ar Shráid Grafton i mBaile Átha Cliath amárach mar chuid den Fhéile Pádraig.

Dúirt bunaitheoir na hócáide, Ciara Ní É, le Tuairisc go bhfuil sí “an-sásta” go bhfuil na deich mbliana bainte amach ag Reic agus go bhfuil sí “an-bhuíoch de gach duine a thacaigh” leis an ócáid i gcaitheamh na mblianta sin.

Reáchtáladh an chéad oíche Reic mar chuid d’Fhéile Ealaíon na gCúig Lampa ar an 19 Márta 2015 in Áras Scríbhneoirí na hÉireann i mBaile Átha Cliath. Ó shin i leith, reáchtáladh eagrán “gach mí nó gach re mí” in áiteanna éagsúla ar fud Bhaile Átha Cliath agus ar fud na hÉireann – níor chuir Covid-19 féin deireadh leis na himeachtaí agus roinnt eagrán curtha ar líne le linn na paindéime.

“Bhíomar i ngach saghas áit agus féile ealaíon timpeall na tíre – Club Chonradh na Gaeilge, Áras na nGael, an Crescent ó thuaidh, an Triskel i gCorcaigh, Puball na Gaeilge agus an Chollchoill ag Electric Picnic, Féile na Gealaí, Body & Soul, IMRAM, agus bhíomar ag Cúirt i nGaillimh roinnt mhaith amanta. Ní rabhamar thar lear fós, bheadh sé go deas rud éigin a dhéanamh leis an London Irish Centre,” a dúirt Ní É le Tuairisc.

Dúirt sí nach raibh inti féin ach “bean óg fhánach” a bhí “ag lorg cos isteach sa phobal” Gaeilge a bhí i mBaile Átha Cliath nuair a bhunaigh sí an oíche filíocht ó bhéal agus í 24 bliain d’aois.

“B’fhéidir go mbeadh sé deacair a chreidiúint anois, ach ní raibh mé bainteach le pobal na Gaeilge ag an am. Ní raibh Gaeilge agam sa bhaile agus níor fhreastail mé ar ghaelscoil, ní raibh ionam ach bean óg fhánach a bhí ag lorg cos isteach sa phobal.

“Fuair mé an-chuid spreagadh ón obair a bhí déanta ag Eoin P Ó Murchú, a bhí tar éis an oíche ghrinn GaelGHÁIRÍ a bhunú i mBaile Átha Cliath agus a bhí ar dhuine de na daoine a bhunaigh Na Gaeil Óga roimhe sin. Tá go leor rudaí déanta aige ó shin freisin, Amhránaithe an Chlub ina measc. Chonaic mé go raibh rudaí mar sin ag tarlú i mBaile Átha Cliath agus go bhféadfaí rud mar Reic a dhéanamh,” a dúirt sí.

Bhí Reic cúig bliana ar an bhfód an tseachtain chéanna ar tháinig an chéad bhabhta dianghlasála i bhfeidhm ar an 12 Márta 2020. Níor chuir na srianta a cuireadh i bhfeidhm le scaipeadh an víris chorónaigh a chosc deireadh leis an ócáid, áfach, agus d’eagraigh Ní É ócáidí ar líne.

“Rinneamar ócáidí go fíorúil. Is cuimhin liom a bheith thuas staighre ag plé leis an Idirlíon agus ag iarraidh a bheith ag socrú hotspots luath go leor i rith Covid. Rinneamar craoltaí beo nach raibh lucht éisteachta ar bith i láthair ann freisin.

“Bhí craoladh beo againn ó Amharclann Halla na Cathrach i nGaillimh – bhí sé an-aisteach a bheith in amharclann fholamh agus ag éisteacht leis an macalla mór. Bhí sé aisteach nach raibh an fuinneamh ón lucht éisteachta le brath,” a dúirt sí.

Is iomaí file mór le rá a ghlac páirt in imeachtaí Reic i gcaitheamh na mblianta agus ní hamháin sin ach tá roinnt filí ann a bhain aitheantas amach mar fhilí Gaeilge ó shin a léigh dán i nGaeilge den chéad uair ag eagrán Reic.

“Bhí Sam Ó Fearraigh i dteagmháil liom le déanaí, duine a bhfuil drámaí léirithe agam leis le dhá bhliain anuas, agus dúirt sé liom go raibh sé féin i láthair ag Reic in 2016 agus gurbh in an chéad uair a léigh sé dán i nGaeilge riamh. Tá duaiseanna buaite aige as a chuid filíochta Gaeilge ó shin.

“Tá a fhios agam go cinnte freisin go bhfuil dhá lánúin le chéile anois mar gheall ar oícheanta Reic agus b’fhéidir go bhfuil níos mó acu ann!” a dúirt sí.

Ar na daoine is mó le rá a ghlac páirt i Reic tá Naoise Ó Cairealláin, Liam Óg Ó hAnnaidh, agus JJ Ó Dochartaigh – nó Móglaí Bap, Mo Chara, agus DJ Próvaí mar is fearr aithne anois orthu.

“Léigh an-chuid daoine dánta den chéad uair riamh ag Reic. Cuirfidh an-chuid daoine suim ann go raibh lucht Kneecap linn in 2016. Ní raibh an t-ainm ‘Kneecap’ orthu ag an am, ach bhí an triúr acu ann, ag léamh filíochta agus ag ceol. Bhí cur amach ag pobal na Gaeilge orthu triúr ag an am sin ach tháinig cáil i bhfad níos mó orthu ina dhiaidh,” a dúirt sí.

Liam Óg Ó Hannaidh

Bíonn daoine a bhfuil a gcáil bainte amach cheana féin acu ag tarraingt ar ócáidí Reic freisin. Is minic a bhíonn ‘aoi’ ag na hócáidí agus dúirt Ní É gur spreag na hócáidí filí Béarla le hiompú ar an nGaeilge.

“Bíonn aíonna speisialta ann, daoine a bhfuil go leor bainte amach acu ó thaobh na filíochta, an taibhithe, agus na scríbhneoireachta de. Bhí Rónán Ó Snodaigh, Séamus Barra Ó Súilleabháin, Dairena Ní Chinnéide, Tadhg Mac Dhonnagáin, Marcus Mac Conghail, Julie Goo, Louis de Paor agus go leor daoine eile ann. Tá pobal aitheanta filí ó bhéal in Éirinn agus spreag Reic cuid acu le hiompú ar an nGaeilge.

JJ Ó Dochartaigh

“Ar dhuine de na daoine a d’iompaigh ar an nGaeilge tá Cormac Mac Gearailt nó Cormac Fitz mar a thugtar air i mBéarla. Tá sé sin aitheanta mar fhile ó bhéal agus tá duaiseanna buaite aige dá shaothar Béarla. Thug Reic spreagadh dó iompú ar an nGaeilge agus bhuaigh sé Slam Filíochta Liú Lúnasa,” a dúirt sí.

Rud mór eile a bhain le bunú Reic, dar le Ní É, ná an athbheochan a rinneadh ar an bhfocal ‘reic’ féin. Tá an focal seanbhunaithe sa Ghaeilge agus é le fáil sa dán cáiliúil ‘An Spailpín Fánach’ – ‘Go deo deo arís ní raghad go Caiseal/ag díol ná ag reic mo shláinte’ – agus tá cúpla céad tagairt dó ar Corpas.ie, ach is léir go mbaineann go leor acu sin le Reic féin.

“Dúirt níos mó ná duine amháin liom go bhfuil an focal ‘reic’ tagtha i dtreis arís ó bunaíodh Reic sa chiall ‘dán a rá os ard’. Fuair mé féin an focal ó dhán i nGaeilge na hAlban ‘Reic Anama’ a scríobh Somhairle MacGill-Eain. Ní raibh an focal agam roimhe sin agus níor thuig mé fiú go raibh sé i nGaeilge na hÉireann,” a dúirt sí.

Tá Ní É ar choiste na meithle AerachAiteachGaelach, comharghrúpa aiteach a bunaíodh cúpla bliain i ndiaidh Reic le hardán a thabhairt d’ealaíontóirí aiteacha i bpobal na Gaeilge. Dúirt sí le Tuairisc go raibh an t-aiteachas i gcónaí mar chuid de Reic féin.

“Tá sé deacair domsa gan a bheith claonta ar an gceist seo, ach dúradh liom go raibh an fhilíocht ó bhéal riamh aiteach – an fhilíocht ó bhéal chomhaimseartha. Bhí nasc ann i gcónaí leis an gcomhionannas agus le fadhbanna na sochaí a réiteach agus a bheith in ann ceisteanna a bhain leis sin agus le bheith aiteach a phlé os ard. Bunaíodh Reic nuair a bhí an reifreann faoin gcomhionannas pósta ar na bacáin,” a dúirt sí.

Agus í ag caint ar an am atá le teacht, dúirt Ní É go bhfuil plean aici an dara sraith físeán Físdán a chur le chéile leis an stiúrthóir agus ceamaradóir Seán T Ó Meallaigh. Rinneadh ceithre fhíseán sa chéad sraith a eisíodh in 2018. Dúirt sí freisin gur mhaith léi deich mbliana Reic a cheiliúradh ag na féilte samhraidh a bheidh ag tarlú in 2025.

Is iad Dairena Ní Chinnéide, Gormfhlaith Ní Shíocháin-Ní Bheoláin, Cormac Mac Gearailt agus Ush Mush na haíonna a bheidh ag an oíche cheiliúrtha Dé Sathairn an 15 Márta in Bewley’s. Beidh fáilte roimh an bpobal páirt a ghlacadh sa chuid ‘maidhc oscailte’ den oíche freisin. Osclófar na doirse ag 18:30, cuirfear tús leis an bhfilíocht ag 19:00. Tá ticéid ar fáil ó shuíomh na Féile Pádraig.

Fág freagra ar '‘Tá dhá lánúin le chéile mar gheall ar oícheanta Reic’ – an oíche filíochta ag ceiliúradh deich mbliana'