DÚN NA NGALL
Gaoth Dobhair
Cuirfear tús le paráid Ghaoth Dobhair sa Bhun Beag ag a 2.00i.n. agus leanfar an gnáthbhealach go dtí na Doirí Beaga ag sroichint Teach Phobail Mhuire idir a 3.30i.n. agus 4:00i.n. Beidh isteach is amach ar 6 flóta ag glacadh páirte i mbliana is beidh seisiúin cheoil sna tithe tábhairne áitiúla chomh maith le himeachtaí teaghlaigh ar fud an pharóiste. ‘An Pobal le Chéile’ atá mar théama ag an bparáid i mbliana.
Beidh an t-eolas is déanaí faoin bparáid le fáil ar leathanach Facebook An Chrannóg Cumann Forbartha Ghaoth Dobhair.
MAIGH EO
Oileán Acla
Bíonn baint mhór ag bannaí píob an oileáin leis an gceiliúradh do Lá Fhéile Pádraig ar Oileán Acla gach bliain. Beidh an Dooagh Pipe Band, Keel Pipe Band agus an Pollagh Pipe Band ag tosú ar maidin ag a 8:00 r.n. agus ag déanamh ar Shéipéal Naomh Pádraig áit a léifear an t-aifreann i nGaeilge ag a 9:00 r.n. Tiocfaidh na bannaí píob ar fad le chéile ag an séipéal i ndiaidh an aifrinn agus beidh máirseáil mór ó An Pollach go Séipéal Dhumha Chinn Aille, áit a mbeidh aifreann agus ceol arís.
GAILLIMH
An Aird Mhóir
Beidh paráid ar bun Lá’l Pádraig ar an Aird Mhóir ag tosú ag a 1:00 i.n. Cuireadh catagóir nua do tharracóirí leis an bparáid i mbliana agus beidh duais speisialta don tarracóir is fearr, chomh maith le 3 dhuais do na flótaí is fearr. Ceol Tigh Leavy i ndiaidh na paráide.
Cill Chiaráin
Cuirfear tús leis an bpáráid i gCill Chiaráin ag a 2 i.n. agus beidh clárú na bhflótaí roimh ré ag monarcha an éisc ag 1:30 i.n. Ghlac suas le scór flóta páirt i bparáid na bliana seo caite agus tá siad ag súil le thart ar an méid céanna i mbliana. Beidh rannóg na dtarracóirí i gCill Chiaráin i mbliana freisin agus duaiseanna do na flótaí is fearr. Beidh ceol beo Tigh Chadhain ag 3:30 i.n. agus beidh imeachtaí do ghasúir ar bun i Halla Pobail Chill Chiaráin ón 4 i.n go dtí a 6 i.n.
An Cheathrú Rua
Beidh paráid Lá Fhéile Pádraig ar bun ar an gCeathrú Rua ag tosú ag 12 meán lae. Cuirfear tús leis an bparáid ag An Crompán agus críochnóidh sé ag Halla Éinne. Bíonn freastal maith ar pharáid na Ceathrún Rua gach bliain agus go leor flótaí páirteach inti.
Tuilleadh eolais anseo.
An Spidéal
Cuirfear tús le paráid an Spidéil ag 11:40 r.n. agus tosóidh sí thoir ag promanáid an bhaile agus déanfaidh sí a bealach siar go Bóthar Bhoth Chuanna áit a gcasfaidh sí is gabhfaidh sé soir arís go dtí an phromanáid. Ceann de na himeachtaí móra a bheidh ag paráid an Spidéil i mbliana ná curiarracht domhanda ar an líon is mó daoine ag casadh ‘Peigín Leitir Móir’ ag an am céanna in aon áit amháin agus fáilte á cur roimh chuile dhuine a bheith páirteach san iarracht.
Maigh Cuilinn
Beidh paráid Lá Fhéile Pádraig Mhaigh Cuileann ag tosú ag a 2 i.n. agus ag dul ar aghaidh go dtí a 3 i.n. Is í Ailbhe Davoren, All-Star agus captaen fhoireann peile mhná na Gaillimhe, a bheidh i gceann na paráide i mbliana. Cuirfear siamsaíocht, ceol beo agus imeachtaí do pháistí ar bun sa sráidbhaile i rith an lae. Beidh banna práis St. Patrick’s ag glacadh páirt sa bparáid i mbliana chomh maith le neart eagraíochtaí áitiúla.
Inis Meáin, Oileáin Árann
Ní paráid a bhíonn in Inis Meáin Lá Fhéile Pádraig ach Corn Domhanda an Cheid. Cluiche ársa é Cead nach n-imrítear in aon áit eile ar domhan agus nach n-imrítear in Inis Meáin ach amháin Lá Fhéile Pádraig. Imrítear an cluiche le maidí agus le píosaí beaga adhmaid atá cosúil le coirceoga. Ceaptar go mb’fhéidir gur cluiche mar seo an bunús a bhí ag an iománaíocht. Cuirfear tús le cluichí na bliana seo ag a 12 meán lae agus leanfaidh siad ar aghaidh go dtí a 4 i.n.
Inis Mór, Oileáin Árann
Beidh an pharáid ar bun in Inis Mór i mbliana ag tosú ag 1:30 i.n. Cuirfear tús leis an bparáid taobh amuigh de theach altranais Áras Rónáin agus críochnóidh sé ag Óstán Árann. Cuirfear ceol beo ar bun sna tithe ósta i rith an lae agus beidh duais don fhlóta is fearr agus é urraithe ag Pleanáil Teanga Árann.
CIARRAÍ
Baile an Fheirtéaraigh
Beidh paráid i mBaile an Fheirtéaraigh i mbliana Lá Fhéile Pádraig ag tosú ag a 11:00 r.n. Tosóidh an pharáid ag Áras Bhréanainn agus is é téama na bliana seo ná Stoirm Éowyn. Tá siad ag súil le idir 20 agus 30 flóta ag an bparáid i mbliana agus neart spraoi agus spóirt á ghealladh.
Baile na nGall
Tá sé de cháil ar mhuintir Bhaile na nGall gur acu a bhíonn an pharáid is luaithe Lá Fhéile Pádraig agus seans an pharáid is giorra freisin. Ag cúpla nóiméad tar éis meán oíche maidin Lá Fhéile Pádraig téann grúpa beag daoine ó Thigh TP ar an mbaile trasna go dtí Tigh Bheaglaoich. Buíon cheoil a dhéanann an turas bliantúil seo ag ceiliúradh na féile.
An Daingean
Máirseáil le breacadh an lae a chuirfidh tús le ceiliúradh na Féile Pádraig i nDaingean Uí Chúis i mbliana mar a dhéantar gach bliain. Cuirfidh banna Fíf agus Druma Dhaingean Uí Chúis tús le ceiliúradh an lae ag a sé a chlog ar maidin is iad ag máirseáil ó Chnocán na Fuinseoige síos go dtí an Ché agus suas go Séipéal Naomh Muire don aifreann ag a 6.45 am.
Cuirfear tús le príomhpharáid an lae ag 12:45 i.n. ag an sean-ospidéal, Cnocán na Fuinseoige, agus tríd an mbaile trí Shráid na nGabhar, an tSráid Mhór, Sráid an Droichid, agus ag casadh ag an gCéibh is ag dul ar ais trí Shráid an Doirín. Beidh neart imeachtaí eile, ceol beo agus damhsa ar bun i rith an lae.
CORCAIGH
Béal Átha an Ghaorthaidh
Is ar an Domhnach an 16 Márta a bheidh paráid Lá Fhéile Pádraig i mBéal Átha an Ghaorthaidh i mbliana. Cuirfear tús leis ag 10:30 r.n. i lár an bhaile. Thosaigh traidisiún na paráide sa mbliain 1929 sa sráidbhaile agus tá sé ag imeacht ó shin. Leagan nua-aimseartha a bhíonn anois ann ar cuireadh tús leis sa mbliain 2001. Beidh na flótaí san iomaíocht do Chupán Mick Dineen agus iomaíocht ghéar atá geallta. Beidh neart ceoil, spraoi agus spóirt ar an mbaile i rith an lae.
PORT LÁIRGE
Dún Garbhán
Tá Dún Garbhán le Gaeilge ag obair le lucht na paráide i nDún Garbhán i mbliana lena cinntiú go mbeidh an Ghaeilge le cloisteáil agus le feiceáil ansin. Beidh céilí Gaeilge ar siúl ag a 4 i.n. in Óstán Lawlors i ndiaidh na paráide agus é feiliúnach do theaghlaigh. Beidh MC le Gaeilge ag cur an chéilí i láthair agus beidh múinteoir damhsa ann freisin leis na steipeanna a mhúineadh d’éinne nach bhfuil siad acu cheana. Tá Dún Garbhán le Gaeilge ag déanamh urraíocht ar dhuais don iontráil Ghaeilge is fearr sa bparáid i mbliana. Cuirfear tús leis an bparáid ag Crotty’s Corner ag a 2:00 i.n. agus críochnóidh sí i gCearnóg Grattan.
Fág freagra ar 'Lá Fhéile Pádraig – gach eolas faoi pharáidí na Gaeltachta'