Ní bheidh Aifreann ar Mhám Éan Lá Fhéile Pádraig i mbliana

Bíonn na sluaite as Conamara, Cois Fharraige, agus Dúiche Sheoigheach agus áiteanna eile ar fud na Gaillimhe agus Mhaigh Eo ag tarraingt ar an mám cáiliúil i Sléibhte Mhám Toirc gach Lá Fhéile Pádraig

Ní bheidh Aifreann ar Mhám Éan Lá Fhéile Pádraig i mbliana

Ní bheidh an tAifreann á rá ar Mhám Éan, i nGaeltacht Chonamara, Lá Fhéile Pádraig i mbliana mar gheall ar “chúinsí sláinte agus sábháilteachta”. Fógraíodh tráthnóna inné gur i séipéal Bhéal Átha na mBreac, siar ó thuaidh ó bhaile beag an Mháma, a bheidh an tAifreann á rá an 17 Márta i mbliana.

Bíonn na sluaite as Conamara, Cois Fharraige, agus Dúiche Sheoigheach agus áiteanna eile ar fud na Gaillimhe agus Mhaigh Eo ag tarraingt ar an mám cáiliúil i Sléibhte Mhám Toirc gach Lá Fhéile Pádraig leis an oilithreacht go Leaba Pádraig agus Tobar Pádraig a dhéanamh.

Ba é an sagart Gaelach Mícheál Mac Gréil, as Maigh Eo, a rinne athbheochan ar an oilithreacht ársa sléibhe seo. Bailíonn na sluaite ag an séipéal beag atá i lár an mháma leis an Aifreann a chloisteáil agus déantar Turas na Croise Lá Fhéile Pádraig, Aoine agus Chéasta, agus an chéad Domhnach i mí Lúnasa.

Meastar go gceiliúrtaí an fhéile Cheilteach Lúnasa ag an mám na céadta blianta ó shin agus maítear gur tháinig Pádraig naofa chomh fada le Mám Éan agus gur bheannaigh sé Conamara ón áit sular thug sé a aghaidh ó thuaidh arís ar Mhaigh Eo.

Chuir an tAthair Mac Gréil, a bhásaigh i mí Eanáir 2023 agus é 91 bliain d’aois, tús arís leis an oilithreacht a bhí ligthe i léig sna 1980idí. Ba é a d’eagraigh go dtógfaí an séipéilín, na galláin ar Thuras na Croise, agus an dealbh mhór de ‘Phádraig Mór na hÉireann’ a rinne an dealbhadóir Clíodhna Cussen, san áit.

Fógraíodh Dé Céadaoin nach mbeadh an tAifreann á rá ansin mar a bhíodh Lá Fhéile Pádraig i mbliana ach gur sa séipéal idir an Mám agus an Líonán a bheifí á rá.

Bhásaigh duine de na hoilithrigh a bhí ag tabhairt faoin tsiúlóid ón gcarrchlós go dtí an séipéilín Lá Fhéile Pádraig 2023.

Fág freagra ar 'Ní bheidh Aifreann ar Mhám Éan Lá Fhéile Pádraig i mbliana'