Ó tháinig na rialacha nua i bhfeidhm sa Pheil Ghaelach ag deireadh na míosa seo caite tá tuairim leathdhosaen cluiche feicthe agam – cúpla ceann le mo dhá shúil féin agus an chuid eile a bhuíochas do TG4.
Tuigim nach leor sin le tuairim mheáite a thabhairt ach ar an gcéad amharc is fáilte a chuirfinn roimh a mbunáite. Measaim gur amhlaidh an cás ag imreoirí, bainisteoirí agus mo leithéid féin – na hiománaithe ar an gclaí, más ceadaithe dom an nath amscaí sin a úsáid.
Leath na himeartha a bheas déanta sa tSraithchomórtas an deireadh seachtaine seo agus is léir cheana féin go bhfuil cuid den bheocht a bhí ar iarraidh sa bpeil Ghaelach ag déanamh a bhealaigh ar ais.
Cúpla ceann faoi leith de na rialacha nua is mó is cúis leis sin. Ag an riail go gcaithfidh triúr cosantóirí a bheith ina leath féin den pháirc i rith na himeartha is mó atá tionchar, mar aon leis an dá chúilín ar fáil anois as an liathróid a chur thar an trasnán ach í a chiceáil lasmuigh den stua 40m.
81 uair a scóráil foirne a leithéid sna 48 cluiche a imríodh sna trí bhabhta sraithe ba thúisce den tSraith.
Tá lorg na n-athruithe le feiceáil go soiléir nuair a fhéachann tú ar thorthaí na gcluichí sin – beagnach a dhá oiread cúilíní scóráilte i Roinn 1 i gcomparáid leis na trí chluiche ba thúisce i Sraith na bliana seo caite (394/202). Tá rudaí imithe as compás ar fad i Roinn 2, áit ar cláraíodh 33 cúl agus 469 cúilín i mbliana i gcomparáid le 15-294 anuraidh. Sin ardú os cionn 120% ar líon na gcúl agus 60% ar líon na gcúilíní.
Tá scór an dá chúilín feicthe uair amháin ar a laghad i chuile chluiche beo, seacht gcinn sa gcluiche Roinn 1 idir Maigh Eo agus Gaillimh ar Pháirc Mhic Éil. Shane Walsh a fuair ceithre cinn, bhí péire ag Cillín Ó Curraoin agus ceann ag Rob Finnerty. Bhí Maigh Eo taobh le iarracht amháin a fuair Paul Towey.
Cheapfá ón scór deireadh sa gcluiche sin (0-26, 0-16) gur bhuaigh Gaillimh ar bheagán stró, ach féach go mba iad Maigh Eo a bhí chun cinn ag leath ama (0-9, 0-8). Sa dara leath d’fhág na scóranna dhá chúilín gur chuir Walsh agus a chomrádaithe 0-18 leis sin fad agus Maigh Eo taobh le 0-7.
Go dtí seo i mbliana níor facthas cruthúnas níos fearr go bhfuil fiúntas leis an athrú rialach áirithe sin.
Níl duine a chasann orm nach dtaitníonn leo go bhfuil deireadh curtha leis an gcic amach gairid. Ba as a d’eascair mórchuid den sall agus anall, an t-easpa faobhair agus an diúltachas a bhí tagtha isteach sa gcluiche.
Tá glactha go fonnmhar freisin leis deis atá anois ann go bíonn cead tús a chur leis an imirt arís láithreach agus feall déanta ar imreoir. Níl air fanacht go séidfidh an réiteoir an fheadóg.
An tseachtain seo féin a thuig mé nach gá gurb é an peileadóir a bhfuil an feall déanta air a chuirfidh an t-ath-thosú tobann sin leis an imirt – is ceadaithe do chomhghleacaí leis sin a dhéanamh chomh pras céanna. Chun cinn nó ar thaobh amháin is féidir gluaiseacht leis an ‘tap and go’ agus ní féidir leis an bhfreasúra drannadh leis an té atá ina bhun go mbeidh ceithre mhéadar curtha dó aige.
Is dócha go mbeidh tús na craoibhe ar a laghad linn sula dtuigfidh muid i gceart cén tionchar atá ag na rialacha nua ar chúrsaí smachta, go háirithe an chocaireacht agus an dalbacht a bhíonn ar siúl ag imreoirí le réiteoirí. Anois tugtar an liathróid 50m chun cinn anois nuair a déantar easaontú soiléir le fear na feadóige, nó i gcás nach síneann imreoir atá ciontach as feall an liathróid chuig a chéile comhraic.
Breithiúnas dearfach mar sin atá le tabhairt ar an gcuid is mó de na hathruithe.
An t-aon aguisín a chuirfinn leis sin ná go measaim nuair a shéideann an bonnán gur cheart go leanfaí ar aghaidh leis an imirt go dtéann an liathróid as an imirt.
Bheinn den tuairim freisin gur cheart luach ceithre chúilín a bheith as cúl. Bhí imní ar dhaoine go laghdódh scór an dá chúilín an fonn a bheadh ar fhoirne tabhairt faoi chritheadh na heangaigh. Cé go bhfuil sé luath a bheith cinnte nach dtarlóidh sin, tugann na figiúirí atá luaite i dtús an cholúin le fios gur móide nach mar sin a bheidh.
Tuairim amháin eile atá sa timpeall is ea go n-oibreoidh na rialacha nua go breá sna cluichí móra nuair atá réiteoirí, fir líne agus maoir chúil inniúla agat mar aon leis na bealaí cumarsáide is nua-aimseartha.
Ach céard faoin gcluiche Sóisir C nuair is dócha gur é an réiteoir an t-aon duine de na feidhmeannaigh nach bhfuil baint de chineál éicint aige leis na foirne a bhíonn san iomaíocht?
De réir nuachtán Chorcaí The Echo b’fhéidir nach mbeidh rudaí chomh dona sin.
Dé Luain seo caite bhí alt ansiúd inar léiríodh dearbhú ó sheisear réiteoir a bhí i mbun cluichí nuair a cuireadh tús le Craobh Peile Faoi 21 dúiche Ó Mhic Coille an deireadh seachtaine seo caite.
Sna tuairiscí a sheoladar ar ais chuig riarthóir réiteoirí an cheantair Ger Sweeney, ba é a bhí le rá ag na réiteoirí ar fad nárbh iad an lucht féachana ná na himreoirí amháin a bhí ag baint sásaimh as na rialacha nua, ach iad féin freisin.
Fág freagra ar 'An bheocht a bhí ar iarraidh sa bpeil Ghaelach tagtha ar ais'