Seaimpíní an Chabháin rómhaith do na Dúnaibh i gcluiche ceannais Uladh

Farasbarr seacht bpointe a bhí ag Deinn ar na Dúnaibh i gcluiche ceannais Chraobh Shóisir Uladh

Seaimpíní an Chabháin rómhaith do na Dúnaibh i gcluiche ceannais Uladh

An díomá a bhí i ndán do pheileadóirí na nDúnaibh ag an deireadh seachtaine i gcluiche ceannais Chraobh Shinsir Uladh. Bhí seaimpíní an Chabháin, Deinn, rómhaith d’fhir na Gaeltachta agus leosan a bhí an lá 3-8 in aghaidh 0-10.

Bhí na Dúnaibh chun tosaigh luath sa chluiche tar éis do Alan Pasoma agus Lorcan Connor an chéad scór a aimsiú ach bhí Deinn imithe chun cinn leath bealaigh tríd an gcéad leath nuair a scóráil Seán Donohoe an chéad chúl sa chluiche.

Chuir fir an Chabháin go leor iarrachtaí amú le linn an chéad leatha, áfach, agus d’fhág an easpa cruinnis sin nach raibh siad chomh fada chun cinn agus ba cheart. D’fhág scóranna ó Johnny McGroddy agus Lorcan Connor do na Dúnaibh go raibh na foirne ar comhscór ag leath ama, 0-5 in aghaidh 1-2.

Fuair Keelan McGroddy pointe ag tús an dara leath chun na Dúnaibh a chur chun cinn ach scóráil Deinn cúig phointe as a chéile idir sin agus an briseadh uisce agus ghlac ceannas ar an gcoimhlint.

Bhí fir an Chabháin go mór chun cinn ag tús na himeartha arís agus cúl eile scóráilte acu, an ceann seo críochnaithe ag an gcosantóir James Brady. Cuireadh Danny McBride den pháirc do na Dúnaibh lena dhara cárta buí go luath ina dhiaidh sin agus scóráil Mark McSherry a dtríú cúl do Dheinn.

D’aimsigh Johnny McGroddy agus Lorcan Connor an dá phointe dheireanacha sa chluiche ach bhí rás na nDúnaibh rite agus deireadh lena mbliain peile in Ard Mhacha.

Fág freagra ar 'Seaimpíní an Chabháin rómhaith do na Dúnaibh i gcluiche ceannais Uladh'