Seachtar nua fostaithe ag Oireachtas na Gaeilge

Beidh baill foirne nua Oireachtas na Gaeilge ag obair leis na healaíona Gaeilge ‘a chur chun cinn go náisiúnta’

Seachtar nua fostaithe ag Oireachtas na Gaeilge

Tá seachtar nua fostaithe ag Oireachtas na Gaeilge le dul ag plé leis na ‘Taibhealaíona Teangabhunaithe’ ar fud na hÉireann. Beidh an fhoireann nua, a bheidh á comhordanú, ag Muireann Ní Dhroighneáin, ag obair leis an gComhlachas Náisiúnta agus dreamaanna eile leis na healaíona Gaeilge “a chur chun cinn go náisiúnta”.

Anuas ar an gcomhordaitheoir tá ceathrar fostaithe le breathnú i ndiaidh na gcúigí – sin iad Cathal Ó Curráin as Dún na nGall a bheidh freagrach as cúige Chonnacht; Máire Ní Choilm as Dún na nGall a bheidh freagrach as cúige Uladh; Neepa Sodhi a bheidh freagrach as cúige Mumhan; agus Bláithín Ní Chatháin a bheidh freagrach as cúige Laighean.

Beidh duine ar leith, Mairéad Ní Neachtain, ag plé le cúrsaí ealaíon i mBaile Átha Cliath agus is í Máire Treasa Mhic Dhonnacha an seachtú duine a bheidh ar an bhfoireann agus í ina hoifigeach riaracháin taibhealaíon.

Is ceoltóir aitheanta é Cathal Ó Curráin a bhfuil camchuairteanna déanta aige ar fud na hEorpa, i Meiriceá, san Astráil agus sa Nua-Shéalainn. Bhí sé páirteach sa togra ‘Bláth na hÓige’ a thug ceoltóirí agus amhránaithe óga Gaelacha le chéile.

Is amhránaí ar an sean-nós í Máire Ní Choilm a thug léi Corn Uí Riada ag Oireachtas na Samhna 2019. Tá Comórtas na mBan buaite faoi dhó aici agus tá duaiseanna eile buaite aici ag Fleadh Cheoil na hÉireann agus an Comórtas Pan-Cheilteach.

Is in earnáil na meán a bhí Neepa Sodhi ag saothrú a coda. Chaith sí tréimhsí le Paper Owl Films, Below the Radar TV, agus ina shaorléiritheoir teilifíse. Bhí sí ag obair le Coimisiún na Meán le deireanas

Bhíodh Bláithín Ní Chatháin ag obair leis an gcomhlacht léirithe físe Nemeton tráth agus í ina stiúrthóir ar an gcúrsa Ard-Diopláma sna hEalaíona i Léiriú Teilifíse. Chaith sí tréimhse ina léachtóir le Cumarsáid agus Dearadh, Turasóireacht agus Bainistiú Imeachtaí, agus an Mhargaíocht Dhigiteach in Ollscoil Teicneolaíochta an Oirdheiscirt.

“Beidh [an fhoireann] ag obair le healaíontóirí, cleachtóirí, scríbhneoirí, ceoltóirí, agus drámadóirí chomh maith le bheith ag tacú le scoileanna, institiúidí oideachais, eagraíochtaí pobail agus cultúrtha, féilte, agus le comhlachtaí sna réigiúin uile leis na healaíona teangbhunaithe Gaeilge a chur chun cinn,” a dúradh i ráiteas ó Oireachtas na Gaeilge.

Tá cuireadh tugtha ag an Oireachtas do dhaoine a bhíonn ag plé leis na healaíona i nGaeilge dul i dteagmháil le ‘Rannóg na dTaibhealaíon’ agus na féidearthachtaí atá anois ann a phlé.

Tá an togra nua á mhaoiniú ag Roinn na Gaeltachta agus ag Foras na Gaeilge.

Fág freagra ar 'Seachtar nua fostaithe ag Oireachtas na Gaeilge'