Scoth na filíochta Gaeilge chugainn ó theach foilsitheoireachta Arlen

Teach foilsitheoireachta is ea Arlen House atá ag dul ó neart go neart maidir le soláthar leabhar Gaeilge de, filíocht go háirithe

Scoth na filíochta Gaeilge chugainn ó theach foilsitheoireachta Arlen

D’fhoilsigh Arlen House sé leabhar filíochta i dteannta a chéile ag deireadh na bliana seo caite. Is fiú aird a thabhairt ar an méid sin óir teach foilsitheoireachta is ea Arlen House atá ag dul ó neart go neart maidir le soláthar leabhar Gaeilge de, filíocht go háirithe, uaireanta dhátheangach, uaireanta sa Ghaeilge amháin.

I measc na sé leabhar sin bhí Lámha Bána agus Dánta Eile le Micheál Ó Conghaile. Tá teoiric agamsa – mo leithscéal – tá tuairim láidir agam más féidir le duine prós a scríobh gur féidir leis filíocht a scríobh chomh maith, agus a mhalairt timpeall. Ceann de na nathanna sin a chuirfeadh duine le ciall soir ar fad is ea ‘File agus scríbhneoir é XXX’, amhail is nár scríbhneoir é file agus nár file é an scríbhneoir.

Is mar ‘scríbhneoir’ is mó a thabhaigh Micheál Ó Conghaile cáil dó féin, go háirithe leis an úrscéal cumhachtach Sna Fir, na gearrscéalta rúndiamhracha atá in An Fear a Phléasc agus in An Fear nach nDéánann Gáire, sna haistriúcháin mháistriúla a dhein sé ar ghearrscéalta Liam Uí Fhlaithearta, agus sna noibhillí is déanaí uaidh, go háirithe Sa Teach seo Anocht agus An Bhlaosc sa mBois.

Fós féin, file is ea é, agus is é seo an chéad chnuasach uaidh ó Comhrá Caillí a foilsíodh siar sna cianta cairbreacha nuair a bhí Tiobraid Árann ar tí a chéad chraobh Éireann a bhaint san iomáint le blianta gan áireamh.

Ceann de na chéad nithe a ritheann leis an léitheoir, nó leis an léirmheastóir féin i gcás na filíochta de, ná cad é an crot a bheidh ar na dánta faoina dhá shúil. An file sprionlaithe atá ann, fear ceachartha focal a bhreacann haicú, nó file a bhfuil an sciodar faoi a ligeann do na línte rith gan smacht ó imeall go himeall, nó neach teanntónach a choinníonn greim daingean ar an struchtúr ar eagla go rachadh siolla amú?

Tá crot, nó más fearr leat struchtúr, ar dhánta Mhichíl, fág gur deacair lipéad a chur air. Leagan amach comhráitiúil go minic, nó áititheach más oiriúnaí féin. Tosnaíonn siad le siúl, géaraíonn luas agus tuirlingíonn de phlimp a mbíonn cic ann. Don té a léifidh, mholfainn dó féachaint ar ‘Seoltóireacht Ghéar,’ nó ar ‘Na Beanna Beola’, nó ar ‘Drochjóc’ ar dea-jóc é le fírinne.

Tá dánta reitriciúla aige chomh maith, agus uaireanta sílim féin go barbartha gurb í an reitric buaic na filíochta, agus a bhfuil ‘Liodán an Phríosúnaigh’ an ceann is túisce agus is déanaí a mbeidh cuimhne agat air. Dán é ar chóir a léamh os ard mar is ann atá an buille.

Fíorbheagán de dhánta atá anseo atá snaidhmthe soiprithe i gcolainn na méadrachta. Oireann an scaoilteacht seo dá chúram. Ach thall is abhus ligeann sé don dúchas foirme briseadh isteach, mar atá in ‘Dán do Theifigh’ a léiríonn an fhimínteacht a bhíonn laistiar d’fháilte Uí Cheallaigh. Ba cheart amhrán a dhéanamh as is é a cheol ar fud na bparóistí cúnga.

Go minic deirtear le nuabhlas plámásach go mbeifear ag súil leis an gcéad chnuasach eile ón údar. Sa chás seo ní bladar é, ach dúil, féachaint cén casadh nua sa bhóthar a chuirfidh sé de i  bhfoirm filíochta nuair a chuimhníonn tú ar an mótarbhealach fada a shiúil sé ó Comhrá Caillí i leith.

Ní mar sin do Celia de Fréine a bhfuil aon leabhar déag filíochta curtha di aici, gach aon cheann díobh dúshlánach, íogair, pearsanta, agus muran cliché athráite é, fileata. Is dual d’fhile a bheith fileata, déarfá, ach níor ghá é. Peannphictiúir, cuimhní, tabhairt faoi deara a buaic, ach i gcónaí riamh ag cur mothú éigin inár láthair níos fairsinge ná na focail loma féin.

Murab ionann agus Micheál tá cuma na filíochta ar gach leathanach, is é sin, crot daingean neamhscaoilte ar an bhfoirm agus ba dhóigh leat gurb as a eascraíonn an dán. Pléisiúr ann féin an cheardaíocht seo bíodh gur folamh a bheadh mura mbeadh an bhraistint íogair agus an mheabhair bháúil. Focal den Fhírinne/A Grain of Truth is teideal don chnuasach dhátheangach seo is déanaí uaithi.

Feicimid an teannas, mar shampla, idir an intinn stairiúil leathan agus an intinn chaol tráchtála i ndán ar nós ‘An Ceacht Staire’. Nó músclaítear an cheist mhór nach gcuirtear as eachtra neafaiseach a tharla ‘ar foscadh sa stáisiún bus’, is é sin, cén fáth ar  mhaith le haon duine a bheith ina shaighdiúir, é seo sa dán ‘Le Linn Ré na Síochána.’

Ní bhíonn an ‘teagasc’ mar a thuigfeadh múinteoir leisciúil é chomh soiléir sin ar fud na leathanach seo, mar is file caolchúiseach í ar an gcuid is fearr. Bíonn rud éigin ag siúl ar chúla na ndánta nach mbíonn soiléir ar an gcéad léamh, nó neachtar acu, fágtar fúinne a bhfuil le rá iontu a fháisceadh astu.

Dán mar sin, mar shampla, is ea ‘An Clár Bán.’ B’fhéidir gur cailín den lucht taistil atá i gceist lena scríobhann sí ar an gclár i seomra na scoile, ach thiocfadh gur teifeach nó duine ar bith faoi mhíbhuntáiste a bheadh ann. Is cuma sin.

Gaisce ann féin is ea an méid a n-éiríonn léi a bhreacadh (agus scanrúil) ach baintear anuas é de phlimp nuair a thig na glantóirí isteach, ‘clár bán’ an teideal. Tá sise agus gach ar bhain sí glanta amach, gach a mbaineann léi, bailithe, imithe, scriosta, dearmadta. Dá mbeadh ‘An Clár Dubh’ air bheadh meáchan eile ar fad leis na focail, agus brí eile ar fad leis an dán.

Tá an éascaíocht scéalaíochta seo ag baint leis an gcuid is fearr de na dánta anseo. Ar an gcuma chéanna le ‘Buachaill an Chleite’ a shonraíonn tábhacht an rud is éadroime sa tsaol d’fhonn an difear beag idir an t-uafás agus éalú uaidh a chur os ár gcomhair. Tuigtear duit ar fud an leabhair go bhfuil rud éigin ag tarlú amuigh ansin laistiar de na focail, i bhfad uainn ach go dlúth inár n-aice ag an am céanna.

Is maith is fiú an t-iarfhocal a scríobh Claire Dunne a léamh go mion. Aiste sholasmhar í agus léamh íogair tuisceanach ar shaothar Celia. Mholfainn féin é a léamh san áit a bhfuil sé, mar iarfhocal. Léitear na dánta duit féin i dtosach, agus nuair a shroichfear an aiste méadófar ar do chuid tuisceana orthu. Go deimhin, mo thuairim, go gcuirfidh á n-athléamh go grod tú ina theannta sin.

Cúis ghairdeachais agus ócáid faoi leith ba cheart a bheith le foilsiú leabhar ar bith filíochta le Cathal Ó Searcaigh. Ba dhóigh leat nár ghá é a rá arís eile, ach tá Cathal ar dhuine de na filí is fearr in Éirinn, agus b’ea le fada.

Tá an maolú coinníollach san abairt sin thuas go díreach ar son nach léig peile í an fhilíocht agus go bhfuil daoine seachas a chéile inchomparáide ar scála simplí feabhais. Ráiteas mór filíochta is ea Gafa i nGaza an cnuasach is déanaí uaidh, cé go bhféadfá sin a rá chomh maith mar gheall ar An Tír Rúin a d’fhoilsigh Arlen House, leis, sa bhliain 2022.

Ar shlí amháin, d’fhéadfá a rá gur seacht leabhar filíochta in aon chnuasach amháin atá againn. Is é sin, tá seacht dtéama nó roinn nó cuid ann, agus dob fhéidir cuid acu a chur amach mar shaothar singilte faoi leith.

Codanna den leabhar tá Searcúil mar ab eol riamh dúinn iad. Den dúlra agus den taobh tíre go leor de ‘Na Mínte is na Móinte’, an roinn dheiridh den leabhar. Cuimhní atá in ‘Cuimhní.’ Tugann athchuairt ar an gcogadh mór barbartha idir na himpireachtaí santacha in ‘An Cogadh Mór’, mar a dhein ina úrscéal An Saighdiúir.

Ach ba dhóigh leat gur ag dul amach ar thalamh eile atá sé, go háirithe sna ranna ‘Leabhar na nGeall’ agus mír theideal an leabhair ‘Gafa i nGaza.’

Ranna grá aeracha is ea formhór dá bhfuil sa chéad cheann díobh sin. Iad ar fad cumtha mar a bheadh siad ina macallaí ar óglitríocht na Gaeilge. Duine ar bith nach bhfuil inniúil ar an tSeanGhaeilge ach a bhain blas as leaganacha nua-Ghaeilge Thomáis Uí Fhloinn ina gcnuasaigh Athbheo agus Athdhánta, nó san leaganacha Béarla a dhein Frank O’Connor agus cóip de na bunleaganacha ina n-aice, tuigfidh sé gur den mhianach céanna iad seo. Iad gonta, liriciúil, crua, teann, daingean ach an ghaoth ag séideadh tríothu mar sin féin.

Tá ‘éan an ghoib órbhuí’ i ndán anseo níos fileata féin ná an londubh mí-ámharach sin a chaith a nóta léanmhair thar Loch Léin fadó ar ais is atá marbh anois. Tá an dúlra chomh dúlrach anseo agus an stoirm chomh fiata le haon oíche nuair nach rabhthas ag dúil le ‘donnlaechraid lainn ua lothlaind’, na barbaraigh fhiain ó Lochlainn.

Pé duine ba ea Étan a ndeir an file ina taobh ‘nocha fáifea a hoenarán’, nach gcodlódh sí ina haonar sa dán iomráiteach Sean-Ghaeilge, tá a chomh-mhaith de mhanach anseo ag Cathal, ach gur fir nó fear a rogha leannán. Is deacair dúinn a shamhlú inniu go gcaithfidh go raibh caidreamh gnéis idir manaigh amuigh ar an Sceilig nó i nGleann dá Loch nó i Lios Mór nó ar Oileán Í féin, ach ní féidir nach raibh.

Cuireann na dánta feoil leis na mianta sin agus chun daonnachta agus chun fiántais iad. Dá mba gur scríobhadh na dánta seo sa tséú nó sa tseachtú haois, is cinnte nach ndéanfadh eagarthóirí áirithe foilsiú orthu le céad bliain anuas.

Tá an roinn a bhaineann le Gaza chomh gonta céanna. B’fhéidir gurb í an ghontacht phléascach an t-aon fhreagra liteartha ar an uafás ansin. Tá nath agamsa a mhaíonn nach foláir don fhilíocht ‘rud éigin’ a rá, áiteamh a dhéanamh, ponc a chur abhaile. An rud a bhí a dhíth ar phobal Iosrael riamh ‘Uisce, arán, saoirse,’ is é a dhála céanna ag na Palaistínigh é.

Ní heol dom go bhfuil cás tubaisteach na bPalaistíneach léirithe níos fileata ag aon fhile Éireannach eile, ach seans anois nuair a bheidh siad díbeartha ag an stair gurb é an leathanach bán an t-aon fhreagra a bheidh ag an saol orthu.

Fág freagra ar 'Scoth na filíochta Gaeilge chugainn ó theach foilsitheoireachta Arlen'