Tá duais buaite ag cainteoir óg Gaeilge as Tír Eoghain as feabhas a bailiúcháin leabhar Gaeilge. Bronnadh an gradam ‘Bailitheoir Óg Leabhar na Bliana 2024’ ar an aistritheoir agus ábhar PhD Ellen Corbett as an gCorr Chríochach mar gheall ar an mbailiúchán mór ábhar foilsithe Gaeilge atá aici.
Is iad an Provincial Booksellers Fairs Association a bhronnann an gradam speisialta le haitheantas a thabhairt don ‘Great British Book Collector’. Duais £500 a bhí luaite leis an ngradam ach roinneadh an t-airgead sin ina dhá leath ar bheirt bhuaiteoirí – Ellen Corbett as Tír Eoghain agus Herne Thackeray as Reading i Sasana.
Bhí an comórtas oscailte do dhuine ar bith a bhfuil cónaí orthu sa Bhreatain nó sa Tuaisceart agus a bhí faoi bhun 30 bliain d’aois ar an 31 Nollaig 2024. Níor mhór dhá leabhar déag ar a laghad a bheith i mbailiúchán an té a chuirfeadh isteach ar an gcomórtas.
Thosaigh Corbett ag bailiú leabhar agus í ag cur tús lena PhD in Ollscoil Uladh i mBéal Feirste. Is é an t-aistriúchán filíochta sa 20ú agus sa 21ú haois ábhar a tráchtais.
“Ba bheag an toradh a bhí ar phróisis fhada na n-iasachtaí idirleabharlainne agus cead a fháil cuairt a thabhairt ar institiúidí eile. Bhí mé ag seoladh leabhair i nGaillimh lá agus d’éalaigh mé chuig ceann de na siopaí leabhar is fearr liom. Ba ansin, ar chúl chathair ghríobháin an tsiopa, a d’aimsigh mé an leabhar ar chaith mé uaireanta an chloig an tseachtain roimhe sin ag iarraidh é a fháil,” a dúirt sí.
Chosain an chéad leabhar sin €8 uirthi agus tá sí ag carnadh na leabhar ó shin. Deir sí gur aimsigh sí a cuid leabhar i siopaí leabhar agus i siopaí carthanachta ar fud na hÉireann, na Breataine agus níos faide i gcéin. Fuair sí cuid de na leabhair atá ina bailiúchán mór saor in aisce agus bronnadh cinn eile fós uirthi as obair a rinne sí.
“Tá mo chuid taighde, agus mar sin mo bhailiúchán, dírithe ar an nGaeilge agus ar an aistriúchán ón nGaeilge go Béarla sa 20ú haois, agus mar gheall ar an líon beag leabhar a chuirtear i gcló agus an pobal beag léitheoirí caitear le leabhair Ghaeilge amhail is go mba iad Scrollaí na Mara Mairbhe lá amháin agus amhail is nach bhfuil áit ar bith dóibh ach bosca na leabhar ar lacáiste lá eile,” a dúirt sí.
Tá os cionn 200 mír ina bailiúchán anois, idir leabhair, phaimfléid, irisí, irisleabhair agus ábhar clóite eile. Is sa bhliain 1912 a foilsíodh an leabhar is sine dá bhfuil aici agus tá roinnt den ábhar atá aici sa seanchló Gaelach. Tá 13 eagrán den 15 eagrán den iris INNTI a foilsíodh idir na blianta 1970 agus 1996 aici. Dúirt sí gur thapaigh sí an deis ocht gcóip den iris a cheannach in aon ghála amháin nuair a fuair sí scéala ón Siopa Leabhar i mBaile Átha Cliath go raibh an beart tagtha isteach.
“Is iad na míreanna is fearr liom [ón mbailiúchán], áfach, na cinn sin a thugann léargas ar a stair: ticéad don seoladh leabhar; gearrthóga irisí; agus inscríbhinní, cuid acu dom féin anois agus mé ag plé le saol na foilsitheoireachta Gaeilge,” a dúirt sí.
Fág freagra ar 'Duais buaite ag bean as Tír Eoghain as feabhas a bailiúcháin leabhar Gaeilge'