Gaeilge curtha ar shoinéid Shakespeare ag léachtóir in Ollscoil Luimnigh

Tá an cúigiú cuid den 154 soinéad a scríobh Shakespeare aistrithe go Gaeilge ag Sorcha de Brún

Gaeilge curtha ar shoinéid Shakespeare ag léachtóir in Ollscoil Luimnigh

Tá Gaeilge curtha ar shoinéid William Shakespeare ag Sorcha de Brún, Léachtóir Litríochta agus Teanga na Nua-Ghaeilge in Ollscoil Luimnigh. Bhain an Dr de Brún úsáid as peintiméadar iambach, rithim filíochta a bhaineann go dlúth le saothar Shakespeare.  

Foilsíodh an chéad chuid de na haistriúcháin san iris Comhar le deireanas agus táthar ag súil le tuilleadh acu a fhoilsiú níos deireanaí i mbliana. Agus í ag déanamh cur síos ar an spreagadh a bhí aici le tabhairt faoin dúshlán seo, dúirt sí go raibh sí ag iarraidh tabhairt faoin dúshlán an peintiméadar iambach a thabhairt trasna ón mBéarla go dtí an Ghaeilge.  

Fuair sí spreagadh freisin ó na mothúcháin agus an taithí saoil a ndéanann Shakespeare cur síos orthu sna soinéid. Mothúcháin dhaonna iad atá chomh tráthúil anois agus a bhí siad nuair a scríobhadh na soinéid ar dtús sa séú haois déag, dar léi.  Deir sí go léiríonn an togra nasc idir litríocht na Gaeilge agus litríocht an Bhéarla agus go dtaispeánann sé cé chomh solúbtha agus chomh cruthaitheach is atá teanga. 

Deir an Dr de Brún go bhfuil AI ag cur isteach ar an aistriúchán ach go gcreideann sí go mbeidh gá i gcónaí le haistritheoirí, go háirithe i réimse na litríochta. Ní hí an teanga amháin atá á haistriú ach an cultúr freisin, a dúirt sí. Tá an cúigiú cuid den 154 soinéad a scríobh Shakespeare aistrithe go Gaeilge aici go dtí seo agus é d’aidhm aici na soinéid ar fad a aistriú go Gaeilge. Táthar ag súil iad a fhoilsiú mar leabhar nuair a bheidh an obair aistriúcháin déanta. 

Fág freagra ar 'Gaeilge curtha ar shoinéid Shakespeare ag léachtóir in Ollscoil Luimnigh'

  • Niall Gòrdan (Niall na Naoi bPionta)

    Sárphíosa scríbhneoireachta agus beidh súil mhór agamsa le tuilleadh de aistriúchain Shorcha a fheiceáil! :-)

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    Féach chomh maith https://www.litriocht.com/t%C3%A1irge/rotha-mor-an-ghra/
    Saothar le Muiris Sionóid

  • Niall Gòrdan (Niall na Naoi bPionta)

    Tá an leabhar sin agam freisin Dáithí :-)