‘Rapálaí’, ‘blag’ agus ‘teilifís réaltachta’ – deich dtéarma Gaeilge a ceapadh fiche bliain ó shin

Seo chugaibh deich dtéarma nua ar ghlac an Coiste Téarmaíochta leo in 2005, nuar a tosaíodh ar théarmaí nua a chur ar Téarma.ie

‘Rapálaí’, ‘blag’ agus ‘teilifís réaltachta’ – deich dtéarma Gaeilge a ceapadh fiche bliain ó shin

Tá fiche bliain ann ó tosaíodh ag cur téarmaí nuachumtha ar an suíomh Téarma.ie. Bunaíodh an suíomh in 2004 agus bhí go leor oibre i gceist don fhoireann le téarmaí ó bhailiúcháin éagsúla a foilsíodh roimhe sin a chur leis an mbunachar. Sa bhliain 2005, áfach, tosaíodh ag foilsiú na moltaí ón gCoiste Téarmaíochta go díreach ar Focal.ie (mar a thugtaí ar Téarma.ie ag an am).

Seo a leanas deich dtéarma a cuireadh leis an mbunachar den chéad uair sa bhliain 2005.

Rapálaí (rapper)

Duine a bhíonn ag ceol sa stíl rap. Kneecap, mar shampla.

Gasumpáil (gazumping)

Téarma a bhaineann go mór leis an Tíogar Ceilteach. Ciallaíonn sé tairiscint níos airde a chur isteach ar theach (lena cheannach) i ndiaidh don díoltóir glacadh le tairiscint eile.

Blag (blog)

Gaelú ar an gcomhfhocal Béarla web-log, blog – loga nó dialann gréasáin.

Bróinse (brunch)

Gaelú ar an gcomhfhocal Béarla breakfast-lunch, brunch. Béile a chaitear deireanach ar maidin nó luath san iarnóin.

Ceartas aisiríoch (restorative justice)

Córas ceartais ina leagtar béim ar an athshlánú agus ar an gcúiteamh

Ríomhsheirbhísí rialtais (e-government)

Úsáid ríomhairí agus an Idirlín le feidhmeanna agus seirbhísí rialtais a chur ar fáil. An mhótarcháin a íoc ar líne seachas in oifig na mótarchánach, mar shampla.

Logáil isteach/logáil amach (log in, log out)

Ceangal le córas ríomhaireachta nó Idirlín trí litreacha agus/nó uimhreacha áirithe a chur isteach

Teilifís réaltachta (reality television)

Cláracha teilifíse nach drámaí scriptithe ná cláracha faisnéise iad. Is minic a bhíonn gnáthdhaoine seachas aisteoirí nó láithreoirí gairmiúla iontu. Bhí Big Brother ar cheann de na cláir réaltachta ba mhó in 2005.

Taifeach scáileáin (screen resolution)

Líon na bpicteilín atá ar scáileán – rud a riarann soiléire agus gléine na n-íomhánna. Bhí na teilifíseáin is nua in 2005 ag 720p – i bhfad níos lú ná an 4320p atá ar fáil ar na saolta seo.

Ceamara gréasáin (webcam)

Sula raibh ceamara tosaigh ar gach fón póca, ríomhaire glúine agus ríomhaire, ba ghiuirléid bhreise a chaití a cheannach é an ceamara gréasáin in 2005.

D’fheadfadh go raibh cuid de na téarmaí a cuireadh leis an mbunachar in 2005 in úsáid sa phobal ar feadh tamaill sular cuireadh i dtreo an Choiste iad. Is amhlaidh an cás i dteangacha eile an domhain, an Béarla ina measc, agus téarmaí agus focail á n-úsáid ar feadh blianta, scaití, sula mbaineann siad ‘stádas oifigiúil foclóra’ amach.

Faraor don té ar spéis leis stair na Gaeilge, mar gheall ar chúinsí éagsúla níl taifead cruinn den ‘first known use’, mar a thugtar i mBéarla air, do na téarmaí agus focail nua Ghaeilge. Tá taifead againn, áfach, den uair a cheap an Coiste Téarmaíochta téarmaí nua ón mbliain 2005 i leith.

“Dá mbeadh an fhoclóireacht aonteangach á cleachtadh ar bhonn leanúnach i gcás na Gaeilge thar na blianta bheadh eolas mar seo ar fáil go córasach mar is é cúram an fhoclóirí ó cheart é focail nua agus ciallacha nua atá le focail sheanbhunaithe a aithint agus a rianú.

“Is iondúil go mbíonn critéir iontrála ag foclóir maidir le cead isteach a thabhairt d’fhocal nó do chiall nua. Mar shampla, X lua a bheith aige i Y foinse thar thréimhse Z bliain. Is ón gcineál sin taighde a eascraíonn na staitisticí stairiúla atá ag Merriam-Webster agus a leithéid faoin ‘first known use’,” a dúirt Gearóid Ó Cleircín, Bainisteoir Cáilíochta Téarma.ie.

Ar chuid de na téarmaí Béarla a ndearnadh taifead den chéad uair orthu sa bhliain 2005 bhí ‘butt-dial’, ‘glamping’, ‘locavore’, ‘sexting’ agus ‘unvaxxed’, dar leis an bhfoclóir Meiriceánach Merriam-Webster.

Fág freagra ar '‘Rapálaí’, ‘blag’ agus ‘teilifís réaltachta’ – deich dtéarma Gaeilge a ceapadh fiche bliain ó shin'

  • Carraig

    Bróinse.
    Ar ghá Gaelú a dhéanamh nuair atá dhá fhocal bhreátha ann cheana féin a chuirfeadh ‘brunch’ i gcéill;
    ‘scroid eadra’
    Ba ghnách le lucht airneáin nó bothántaíochta scroid airneáin a bheith acu, tráth dá raibh.