Séanta ag an Taoiseach gur chuir sé ‘telling lies’ i leith cheannaire SF nuair a dúirt sé go raibh sí ag ‘insint bréaga’

I litir a chuir sé chuig an gCeann Comhairle, mhaígh Micheál Martin gurb é a bhí i gceist aige go raibh McDonald ‘telling untruths’

Séanta ag an Taoiseach gur chuir sé ‘telling lies’ i leith cheannaire SF nuair a dúirt sé go raibh sí ag ‘insint bréaga’

Deir an Taoiseach Michéal Martin nár chuir sé i leith cheannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald go raibh sí “telling lies” nuair a dúirt sé sa Dáil an tseachtain seo caite go raibh sí “ag insint bréaga”. I litir a chuir sé chuig an Ceann Comhairle, mhaígh Martin gurb é a bhí i gceist aige go raibh McDonald “telling untruths”.

Tharraing cúrsaí teanga raic sa Dáil an tseachtain seo caite nuair a dúirt Sinn Féin gur bhain an Taoiseach leas as easpa Gaeilge an Cheann Comhairle Verona Murphy chun Mary Lou McDonald a mhaslú.

Le linn díospóireachta ar chúrsaí tithíochta, dúirt Micheál Martin go raibh ceannaire Shinn Féin “ag insint bréaga”. Faoi rialacha na Dála, níl a leithéid de chaint ceadaithe.

Rinne Mary Lou McDonald gearán leis an gCeann Comhairle faoi chaint an Taoisigh. Dúirt ceannaire Shinn Féin gur cheart do Mhicheál Martin a ráiteas a tharraingt siar mar nach raibh aon bhunús leis.

Dúirt Verona Murphy gur cheart don Taoiseach “athbhreithniú” a dhéanamh ar an gcaint a rinne sé i nGaeilge sa Dáil.

Mar fhreagra air sin, dúirt Micheál Martin ina litir chuig Murphy nárbh amhlaidh go ndúirt sé go raibh “lies” á n-insint ag Mary Lou McDonald. Luaigh sé sa litir go leor “ócáidí eile” inar úsáid Teachtaí Dála na Dála deireanaí an focal “liar” nó leaganacha de. Níor gearradh aon phionós ar na daoine sin, a dúirt sé.

Dúirt Verona Murphy leis an Dáil tráthnóna inné go gcuirfeadh sí an comhfhreagras go léir a bhain leis an gconspóid faoi bhráid an Choiste um Pribhléidí Parlaiminteacha agus Formhaoirsiú ionas gur féidir leo an scéal “a bhreithniú” i gcomhthéacs “níos leithne chaighdeán na teanga a labhraítear sa pharlaimint”.

Dúirt Murphy go ndéanfadh sí é sin mar go ndearna an Taoiseach tagairt d’úsáid choitianta an fhocail “lie” sa Dáil dheireanach.

Dúirt sí gur deineadh scagadh ar chúrsaí “drochtheanga” sa Dáil i gcáipéis a cuireadh i dtoll a chéile in 2010 agus go ndéanfadh an coiste cinneadh faoi athbhreithniú agus uasdátú a dhéanamh uirthi.

Deir Sinn Féin nach bhfuil sé soiléir ó chaint an Cheann Comhairle an raibh a ráiteas tarraingthe siar ag an Taoiseach.

Dúirt Pádraig Mac Lochlainn, Teachta Dála de chuid an pháirtí, go raibh “beag is fiú” á dhéanamh ag an Taoiseach dá oifig.

Dúirt Verona Murphy go bhféadfadh Mac Lochlainn rún a chur faoi bhráid na Dála más rud é go raibh sé míshásta lena rialú.

 

 

 

 

Fág freagra ar 'Séanta ag an Taoiseach gur chuir sé ‘telling lies’ i leith cheannaire SF nuair a dúirt sé go raibh sí ag ‘insint bréaga’'