Cailíní dána amach is amach iad na Wild Geeze, ach tá níos mó ná aon bhrí amháin le ‘dána’

Ní raibh gné de shaol ná taithí na mban ar imeachtaí an tsaoil nár bhain na Wild Geeze greann as ina seó sa Sugar Club le déanaí

Cailíní dána amach is amach iad na Wild Geeze, ach tá níos mó ná aon bhrí amháin le ‘dána’

Mura mbeadh ach an t-aon gháire amháin fágtha agat, chaithfeá é a thabhairt suas don mbeirt bhan mhisniúil, na Wild Geeze, a bhí ar stáitse an Sugar Club i mBleá Cliath le fíordhéanaí.

Is fada ón dtragóid thruamhéalach náisiúnta, na Géanna Fiáine, imeachtaí na hoíche úd.

Pádraig Sáirséal is a chomrádaithe ag sleamhnú leo thar sáile:

‘a’ déanamh a ngearáin leis na Ríthe,

is ag fágaint Éire is gaeil bhocht cloíte….och ochón’.

Is beag brón a bhí ar na healaíontóirí cumasacha na Wild Geeze a bhí ar stáitse ná ar a lucht féachana a bhí glan scuabtha as a meabhair ag imeachtaí na hoíche.

Gan scáth gan náire ná tagairt dá laghad do choincheap dá leithéid, chuir na mná seoigh Breda Larkin agus Laura Lavelle ‘seó’ os ár gcomhair a bhí cliste, cleachtúil agus cumasach, idir fhíseanna ealaíonta ildathacha mar chúlra agus éide chruthaitheach.

Duine acu ó Bhéal Átha na Sluaighe, an duine eile as cathair Luimnigh.

Ní raibh gné de shaol ná taithí na mban ar imeachtaí an tsaoil nár bhaineadar greann as.

Chuireadar an slua le báiní níos mó ná uair amháin, slua a bhí suaithinseach ina slí féin anuas air sin. Daoine gléasta ó bhonn go baithis i bhfaisean ealaíonta an lae.

Bhaineadar adhmad as aithris a dhéanamh ar réalt an Mhuilinn Chear, Joe Dolan é féin, agus an béas a bhí ag mná a bhfobhrístí a chaitheamh suas chuige ar stáitse.

Anuas air sin dheineadar tagairtí polaitiúla d’imeachtaí éagsúla an lae ag baint casadh cliste as nathanna frithinimirceach ag cur in iúil go raibh dóthain spáis in Éirinn dúinn go léir.

Cailíní dána amach is amach iad na Wild Geeze.

Ach bíodh fhios agat go bhfuil níos má ná aon bhrí amháin leis an bhfocal ‘dána’.

Ciallaíonn sé tabhartas ar leith a bheith ag duine, cumas tú fhéin a chur in iúl, cumas ceoil, cumas amhránaíochta, cumas ealaíne, cumas scríbhneoireachta.

Tá an cumas san go smior sna gearrchailí greannmhara seo gan cheist. Thugadar aitheantas do Dhraoi na bhFocal é fhéin, Manchán Magan agus an bailiúcháin is déanaí uaidh, Focail na mBan.

Go leor leor nathanna agus focail Ghaeilge in úsáid ag na Wild Geeze ar shlite nár rith leis an tAth Pádraig Ó Duinnín bocht, trócaire air.

Má fhaigheann tú an seans, téir a’ féachaint orthu, ardóidh siad do chroí is do mheanmain.

Creidim go bhfuil podchraoladh acu leis ach cé aige nach bhfuil na laethanta seo!

Ach cinnte ní hiad cora crua an tsaoil a chloisfidh tú má aimsíonn tú iad ach spórt is greann is cleachtadh ar ‘leibhéal eile’.

Draoithe focal is físe.

Fág freagra ar 'Cailíní dána amach is amach iad na Wild Geeze, ach tá níos mó ná aon bhrí amháin le ‘dána’'