Deir Oifig an Choimisinéara Teanga nach bhfuil mórán is féidir a dhéanamh faoin dlí teanga má thugann roinn rialtais treoir d’oibrithe a gcuid oibre a dhéanamh i mBéarla.
Léirigh cáipéisí a fuair Tuairisc faoin Acht um Shaoráil Faisnéise gur iarradh ar oifigigh i Roinn na Gaeltachta ábhar a chur ar fáil i mBéarla d’airí na roinne aimsir an Bhuiséid anuraidh.
Níor fhreagair Oifig an Choimisinéara Teanga an cheist an sárú ar an reachtaíocht a bheadh ann dá dtabharfadh comhlacht poiblí nó roinn stáit treoir d’oibrithe ábhar a chur ar fáil i mBéarla.
Ach dúirt urlabhraí de chuid an Choimisinéara Teanga go mbíonn Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 “ag plé le cearta teanga sa réimse poiblí agus leis an chumarsáid sheachtrach a tharlaíonn idir comhlachtaí poiblí agus an pobal i gcoitinne nó le haicme den phobal”.
Dúradh go bhféadfaí soláthar a dhéanamh trí Scéim Teanga go mbeadh dualgas ar chomhlacht poiblí ar leith “seirbhísí cumarsáide agus seirbhísí inmheánacha eile” a sholáthar dá bhfostaithe i nGaeilge.
Glacadh leis roimhe seo go raibh an ceart céanna ag fostaí i gcomhlacht poiblí a chuid cumarasáide ag an obair a dhéanamh i nGaeilge is a bhí ag aon saoránach eile.
Tá deireadh tagtha le córas na Scéimeanna Teanga, áfach, agus táthar ag fanacht fós ar chóras na gcaighdeán, an córas atá le teacht ina háit. Deir urlabhraí an Choimisinéara go mbeidh foráil sa gcóras nua a dhíríonn “ar chur chun cinn na cumarsáide inmheánaí i nGaeilge i measc foirne an chomhlachta phoiblí”.
Dúirt iar-státseirbhíseach sinsearach i Roinn na Gaeltachta le Tuairisc go raibh meon ann lena linn féin go mbreathnófaí ar dhaoine a bhí ag iarraidh ábhar a chur ar fáil i nGaeilge mar dhaoine a bhí ag iarraidh fadhbanna a chruthú agus gur dóigh go bhfuil an meon sin fós ann.
Tháinig an treoir d’oifigigh Roinn na Gaeltachta ábhar a chur ar fáil i mBéarla ón oifig preasa na roinne féin, an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt, agus Meán mar a bhí.
Dúirt urlabhraí ón roinn le Tuairisc gur “gnáthchleachtas” é gur i nGaeilge a bheadh ábhar a thagann ó rannán na Gaeltachta, aighneachtaí chuig airí na Roinne san áireamh, ach go ndéantar “eisceacht” anois agus arís nuair a iarrtar ábhar i mBéarla orthu chun “éifeachtúlachtaí san ullmhúchán a éascú”.
Colette
Bíonn comlhachtaí phríobháideacha in Éirinn a chuireann iachall ar a gcuid fostaithe Béarla amháin a labhairt ag an ionad oibre.
Éamonn Ó Gribín
Bhí mé i m’ oifigeach custaim i mBaile Átha Cliath, i ndeireadh na seascaidí, agus ba é an t-aon tagairt a rinneadh don phríomhtheanga oifigiúil ná nuair a tugadh dúinn (na hearcaigh nua) foirm le síniú. Chureadh ceist orainn arbh fhearr linn a bheith cláraithe faoinár n-ainm i nGaeilge nó i mBéarla?
Éamonn Ó Gribín
Bhí mé i m’oifigeach custaim i mBaile Átha Cliath, i ndeireadh na seascaidí, agus ba é an t-aon tagairt a rinneadh don phríomhtheanga oifigiúil ná nuair a tugadh dúinn (na hearcaigh nua) foirm foirm a shíniú. Chuireadh ceist orainn arbh fhearr linn a bheith cláraithe faoinár n-ainm i nGaeilge nó i mBéarla?