‘Slais eile do mhuintir na Gaeltachta’ é feachtas Airbnb

Tá feachtas margaíochta ar siúl ag Airbnb le turasóirí a mhealladh chun na Gaeltachta le linn Sheachtain na Gaeilge

‘Slais eile do mhuintir na Gaeltachta’ é feachtas Airbnb

“Slais eile do mhuintir na Gaeltachta” é an feachtas margaíochta atá ar siúl ag Airbnb le turasóirí a mhealladh chun na Gaeltachta le linn Sheachtain na Gaeilge, dar leis an ngrúpa feachtais tithíochta Tinteán.

‘Tum thú féin sa Ghaeilge agus sa Chultúr sna Tithe Saoire Gaeltachta Airbnb Seo’ an teideal a bhí ar an leathanach margaíochta a chuir Airbnb amach ag tús na seachtaine seo agus liosta ann de dheich dteach saoire i gceantair Ghaeltachta ó cheann ceann na tíre.

“Agus Seachtain na Gaeilge ag teannadh linn, seo an t-am is fearr le haird a tharraingt ar cheantair áille Ghaeltachta na hÉireann agus na háiteanna iontacha le fanacht iontu agus tú do do thumadh féin sa teanga agus sa chultúr,” a dúradh.

Chuir Airbnb liosta ar fáil de na háiteanna sa Ghaeltacht “is fearr” lena n-aíonna agus  dúradh go raibh “lóistín gleoite speisialta i gceantair Ghaeltachta ó chábán suaimhneach in Acaill go bothán glampála i bPort Láirge”.

“Ní fhéadfaí a sárú a fháil le blaiseadh a fháil de shaol na Gaeltachta,” a dúradh i bpreasráiteas a chuir Airbnb amach.

I measc na dtithe saoire a bhí ar liosta Airbnb tá cábán adhmaid i nDumhaigh; ‘An Teachín Dubh’ ar an mBóthar Buí in Indreabhán; teach i gCill Rónáin in Árainn; agus teachín sa gCaiseal i gConamara.

Dúirt Róisín Ní Chinnéide ón eagraíocht Tinteán le Tuairisc gur “slais eile do mhuintir na Gaeltachta” é an liosta “nuair atá na ceantair Ghaeltachta á mbánú” le blianta beaga anuas.

Mhaígh sí go raibh an Ghaeilge agus dea-thoil Sheachtain na Gaeilge “á cheiliúradh gan aird a thabhairt ar na dúshláin” atá roimh phobail na Gaeltachta.

“Tá difear coscrach idir líon na dtithe atá ar fáil ar cíos go fadtéarmach dóibh siúd a dteastaíonn uathu a bheith ag maireachtaint sna ceantair chéanna.

“Maítear [i ráiteas Airbnb] as an deis a thugtar do chách ‘to embrace the opportunity to connect with local communities, participate in traditional activities, and celebrate our native tongue’ ach níl sé de rogha ag sciar maith de mhuintir na háite déanamh amhlaidh ina gceantair féin mar gheall ar an nganntanas tithe,” a dúirt Ní Chinnéide.

Dúirt sí go bhfuil Seachtain na Gaeilge “ríthábhachtach” do chur chun cinn na teanga agus go bhfuil “eiseamláirí iontacha ann” de chomhlachtaí móra a cheiliúrann an fhéile “go tuisceanach agus go measúil” ach nach amhlaidh an scéal i gcás Airbnb. Dúirt sí freisin, áfach, nach féidir an milleán ar fad ag leagan ar Airbnb agus go bhfuil “géarghá” le straitéis tithíochta don Ghaeltacht.

“Ní insíonn cás Airbnb ach cuid den scéal ar ndóigh. Tá an córas pleanála agus an margadh tithíochta araon ag cur go mór leis an ngéarchéim thithíochta sa Ghaeltacht freisin. Tá géarghá le Straitéis Daonra agus Tithíochta Gaeltachta do gach LPT le spriocanna soiléire intomhaiste a leagan amach chun fás inbhuanaithe na bpobal Gaeltachta a chinntiú, agus soláthar cuí tithíochta a chinntiú chun tacú leis an bhfás sin,” a dúirt sí.

Tá an eagraíocht Bánú ar aon intinn le Tinteán faoin “ngéarghá” atá le straitéis don Ghaeltacht.

“An bhrí a bhí le Gaeltacht fadó ná na daoine iad féin seachas an áit. Cén mhaith a bheith ag tabhairt cuairt ar áit mura bhfuil na daoine ann ná an Ghaeilge le cloisteáil ann? Má amharcann muid ar na staitisticí ó Daft agus Airbnb tchíonn muid toradh nó comharthaí sóirt na faidhbe atá níos mó.

“Teastaíonn straitéis nó pleanáil daonra don Ghaeltacht agus tá lóistín i gcroílár aon pholasaí mar sin. Tá géarghá leis na treoirlínte pleanála. Tugadh geallúint anuraidh go bhfoilseofaí iad ach níor tharla sé go fóill. Is gá tithe cónaithe seachas tithe saoire a thógáil sa Ghaeltacht,” a dúirt Maitiú de Hál ó Bhánú.

Dúirt sé go bhfuil feachtais ar nós an chinn atá ar bun ag Airbnb le haghaidh Sheachtain na Gaeilge “mar chuid den fhadhb” ach nach é sin an “phríomhchúis” leis an ngéarchéim thithíochta sa Ghaeltacht.

“Bímis ionraic faoi, an t-aon dualgas atá ar Airbnb ná dá gcuid scairshealbhóirí agus déanfaidh siad gach rud dá réir sin. Ba cheart go mbeadh ról níos lárnaí ag an Stát i soláthar tithe. Níl a fhios agam an mbeadh cosc [ar Airbnb] mar shlaitín draíochta don Ghaeltacht,” a dúirt sé.

Fág freagra ar '‘Slais eile do mhuintir na Gaeltachta’ é feachtas Airbnb'

  • Siún

    Tá Airbnb ag cruthú deacrachtaí lóistín do mhuintir na Gaeltachta leis na blianta agus is masla an tromchúiseach atá sa scéal seo faoi “Seachtain na Gaeilge”.
    Cén aidhm atá le “Seachtain na Gaeilge” (bunaithe ag Conradh na Gaeilge i 1902) mura dtógfar raic faoi seo le linn “Seachtain na Gaeilge”?

    .