‘Seachtain Éirí Amach na nGael’ á bheartú ag Forbairt Feirste ar mhaithe le pobal na Gaeltachta

Tá sé mar aidhm chomh maith ag Seachtain Éirí Amach na nGael ‘féinmhuinín’ a spreagadh ‘i measc Gael’ 100 bliain tar éis Éirí Amach na Cásca 1916

An Gaeltacht

Tá togra nua á bheartú ag grúpa Gaeilge i mBéal Feirste – ar mhaithe le muintir na Gaeltachta.

Tá an togra nua, Seachtain Éirí Amach na nGael, á eagrú ag an áisíneacht fostaíochta Forbairt Feirste agus tá seacht sprioc curtha rompu ag an ngrúpa.

Deir stiúrthóir Fhorbairt Feirste, Jake Mac Siacais, go bhfuil sé mar aidhm ag Seachtain Éirí Amach na nGael spreagadh a thabhairt do phobal na Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht agus cúiteamh a thabhairt do phobal na Gaeltachta,  “an pobal a choinnigh dúchas s’againn beo, agus atá tréigthe ag na húdaráis le rófhada an lá.” 

Tá sé mar aidhm chomh maith ag Seachtain Éirí Amach na nGael ‘féinmhuinín’ a spreagadh ‘i measc Gael’ 100 bliain tar éis Éirí Amach na Cásca 1916.

“Tá coiste bunaithe sa Cheathrú Gaeltachta againn, agus tá muid ag gríosú eagraíochtaí agus pobail éagsúla chun coistí a bhunú ina gceantair féin leis an oiread imeachtaí, idir bheag agus mhór, a reáchtáil ón Satharn 23 Aibreán go dtí Déardaoin an 28 Aibreán.

Ag an am céanna, tá sé i gceist ag Forbairt Feirste comhoibriú le lucht eagraithe na féile ‘Goitse’ i dTír Chonaill, féile a bheidh ar siúl i nGaoth Dobhair ón 29 Aibreán go dtí an 1 Bealtaine.

“Ócáid í a chuirfidh deireadh spleodrach le Seachtain Éirí Amach na nGael agus a dhéanfaidh iarracht an oiread Gael agus is féidir a mhealladh chun dul chun na Gaeltachta ó gach cearn de Chúige Uladh.

“Tá muid ag iarraidh go rachadh coistí áitiúla ar fud an chúige i dteagmháil le grúpaí, le gnónna agus le pobail éagsúla i dTír Chonaill le go dtig linn réamhphleanáil cheart a dhéanamh leis an oiread daoine agus is féidir a mhealladh chun na Gaeltachta agus le cinntiú go mbeidh caiteachas na gcuairteoirí scaipthe amach ar fud an phobail sa Ghaeltacht,” a deir stiúrthóir Fhorbairt Feirste, Jake Mac Siacais.

Dúirt sé gur iarracht a bhí ann daoine a spreagadh chun gnímh ina bpobail féin. “Má tá an Ghaeltacht i mbaol, gníomhaímis len í a shlánú,” a dúirt Mac Siacais.

Beidh cruinniú poiblí i nDánlann Dillon i gCultúrlann Mac Adam Ó Fiaich anocht, Dé hAoine 12 Feabhra, chun Seachtain Éirí Amach na nGael a phlé.

Fág freagra ar '‘Seachtain Éirí Amach na nGael’ á bheartú ag Forbairt Feirste ar mhaithe le pobal na Gaeltachta'